Author |
Message |
Dalta Unregistered guest
| Posted on Friday, August 05, 2005 - 02:16 pm: |
|
Conas a chuirtear béim i nGaeilge? I mBéarla, in a lán cásanna, déarfá eascainne ach tá a fhios agam nach bhfuil aon eascainne ceart i nGaeilge. An bhfuil an nath 'an diabhal' oiriúntach? An athraítear aon fhocal eile ann? GRMA le do chabhrú. |
|
Socadán Unregistered guest
| Posted on Friday, August 05, 2005 - 05:25 pm: |
|
Nil a fhios agam beo.... Mar shampla. Tá mallachtai go leor i nGaeilge má tá gá leo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 99 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 05, 2005 - 07:38 pm: |
|
>> Níl a fhios agam beo.... Dheamhan a fhios agamsa! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1722 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, August 06, 2005 - 07:21 am: |
|
In ainm Chroim, cé dúirt leat nach bhfuil eascainní i nGaeilge? Muise, níl ansin ach cac agus dearg chac! |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Saturday, August 06, 2005 - 02:55 pm: |
|
Ceapaim gur tusa a dúirt sé, chuala mé é ar an suíomh seo ar aon nós. Pé scéal é, conas a chuirtear béim as Gaeilge? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 727 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, August 06, 2005 - 07:06 pm: |
|
Déarfainn go bhfuil eolas réasúnta agam mar gheall ar ar mbéim ach nílim cinnte an dtuigim do cheist... An dtabharfá sampla dúinn? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1726 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 07, 2005 - 01:27 pm: |
|
Ní dúirt mise riamh nach raibh mallachtaí ann, nó má dúirt, ní daríre a bhí mé. Sa mhéid a bhí thuas agam bhíos ag léiriú go bhfuil na rudaí mallaithe ann, dar fia! A Jonas, creidim gur an "béim" atá i gceist aige ná drochnós Éireannaigh mionnaí móra a usáid mar aidiachtaí agus dobhriathair! |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Monday, August 08, 2005 - 03:48 pm: |
|
Ceart go leor a Aonghus, creidim thú. B'fhéidir nár thuig mé rud a dúradh. An bhfuil sampla agat dona mallachtaí seo? A Jonas, bhi i m'intinn agam ná rudaí mar (brón orm faoin mBéarla agus faoin mallachtaí) "What the fuck are you doing?" "unbe-fucking-leivable" "I don't have the faintest idea what you're on about" "What the fuck!" agus araile. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 124 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, August 08, 2005 - 04:12 pm: |
|
T'anam 'on diach, cad sa diabhal atá ort? A Dhia na bhfeart! Muise muis. Diabhal a fhios agam cad tá le rá agat. (sin samplaí) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1742 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 09, 2005 - 04:40 am: |
|
quote:Ceart go leor a Aonghus, creidim thú An rud is annamh.... Féach ar mo chéad fhreagra, bhí sé breac leo. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Tuesday, August 09, 2005 - 04:01 pm: |
|
Go raibh maith agat a Shéamas. Ach, cad is ciall le "T'anam 'on diach"? Cad é i bhfoirm fhada? "What the duece!?" nó rud éigin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1750 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 10, 2005 - 04:05 am: |
|
diach = bealach le "diabhal" a sheachaint (euphemism) |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 692 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 10, 2005 - 11:01 am: |
|
Cúpla modh le béim a chur in iúl sa Ghaeilge. A) mé - mise, tú - tusa, sé - seisean Shroicheamar barr an tsléibhe; bhí tuirse uirthise, ach bhí mise ceart go leor. We reached the top of the mountain; she was tired, but I was ok. (B'fhéidir gur ceart cló iodálach a úsáid san abairt Béarla) B) Bris abairt as a chéile trí úsáid an bhriathair "Is" As Béarla: Q: Who opened the door? A: I opened the door. As Gaeilge: C: Cé a d'oscail an doras? F: Mise a d'oscail an doras. Mise an d'oscail an doras = Is mise a d'oscail an doras. Ach is féidir do ghuth a úsáid freisin, mar shampla abair focal áirithe níos airde. Nuair a bhíonn "mise" nó úsáid "is" leor, ní gá do ghuth a ardú, ach i gcásann eile, mothaigh saor an béim a chur i iúl trí úsaíd do ghutha |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 128 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, August 10, 2005 - 03:22 pm: |
|
T'anam = do anam 'on = don diach = leasainm don diabhal. Faightear an abairt seo go minic sna seanleabhair (Fiche Bliain ag Fás, m.s.). Nílim cinnte, ach sílim gur scríobh seisean m'anam don diúcs. Is fada ó léigh mé an leabhar sin anois. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, August 10, 2005 - 05:40 pm: |
|
Maith agat arís a Shéamas. A Fhir na mBróg, tá a fhios agam ar na mionábhair sin, ní raibh sin i m'intinn agam, ach maith agat ar do chabhrú. |
|