Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 97 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, July 31, 2005 - 11:09 pm: |
|
Beannachtaí an lae chugaibh go léir! Deirtear gur inniu "lá aibithe na n-uile torthaí". Caith dornán fraochán nó sméar leis an lá a cheiliúradh, agus más féidir iad a phiocadh amuigh faoin tuath, tant mieux! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1705 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 01, 2005 - 04:26 pm: |
|
An bail chéanna ortsa. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 687 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 02, 2005 - 04:46 am: |
|
Cad atá i gceist le "lá aibithe na n-uile torthaí"? "Day of the maturation of all results" ? Ní thuigim ar chor ar bith é! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1708 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 02, 2005 - 06:00 am: |
|
toradh [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] meas, barr (toradh crainn, toradh talún); rud a thagann as rud eile (toradh a broinne; toradh na hoibre; de thoradh na hiarrachta); aird, beann, aire (ná tabhair aon toradh air, níl aon toradh aige orm). Dar ndó, tuigimid dhuit go bhfuil torthaí mar an chloch is mó ar do phaidrín agatsa. Foighne ar feadh seachtain nó dhó eile. Táim cinnte gur éirigh go seoigh leat san Ardteist. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 547 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, August 02, 2005 - 08:58 am: |
|
I dtús báire, ciallaíonn "toradh" "fruit" i mBéarla: úlla, piorra, srl. |
|
Dalta Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, August 02, 2005 - 04:27 pm: |
|
Gach beannacht daoibh go léir. Go bhfóire Dia bhur dtorthaí go léir. |
|