Go raibh maith agaibh, a Aonghuis agus a Lughaidh. Cheapim go bhfuil ceart agaibh. Ní folair do a rinneadh dearmad cló. Seo dhaiobh an chéad dhá pharagraf:
Tóraíocht Amadáin
Thosaigh mé a smaoineamh tamall ó shin an raibh amadáin ar bith fágtha sa tír. Tá nós ann anois gach duine atá ait nó éagoitianta ar bhealach ar bith a chur i dteach na ngealt, go háirithe má bhíonn airgead aige. Bhí am ann a raibh amadán i ngach sráidbhaile. Bhí riachtanas leis ar dhóigh nach dtuigfeadh glúin uile-eolach an lae inniu. Labhair sé lán focal géar, a ndearnadh an seanfhocal faoi, de réir mar a d'oir. Bhí sé ina cheap gáire nuair a bhí cúiseanna eile gáire gann, b'fhéidir. Bhí sé ina chomórtas áisiúil ag daoine ar mhaith leo díth céille a chur in iúl. An duine ba lú intleacht sa bhaile bhíodh meas aige air féin as bheith á thomhas féin leis an amadán.
An bhfuil na hamadáin uilig faoi ghlas nó i gné gcré? Shocraigh mé go gcaithfinn fiosrú faoi sin. Thug mé léim i ndiallait mo rothar agus d'imigh. Seo thíos cín lae mo thurais.
Tá ciall leis sin. Tá bhúr miniúchán chomh simplí nach bhfuil a fhios agam cad chuige nach smaointigh mé air. Tá amadán amháin ar a laghad sa domhan - mise.