mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Aire « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

ian creaner
Unregistered guest
Posted on Friday, July 29, 2005 - 08:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dia dhaoibh a chairde, ian is ainm dom agus táim i mo chónaí sa Ghearmáin. Tá mé tar éis post nua a thosnú. Beidh mé ag eitilt le EasyJet. Is féidir linn giobail ainmneacha a chaitheamh ar ár néide agus iad ag taispeáint na teangacha atá againn. Gan dabht ba mhaith liomsa fhéin taispeáint go bhfuil Gaeilge agam. An t-aon fhadhb atá agam ná, ós é gur thréig mé mo bhaile agus mé go h-ana óg fós, níl foclóir ar bith agam agus é ag baint le heitleáin. mar shampla

overhead lockers: ?

cruising altitude:?

emergency exits:?

fasten your seat belts:?

agus mar sin de.........

An bhféadfadh éinne aire a thabhairt dom. Bhéinn go h-ana bhuíoch as.

Mise le gradam

ian

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1694
Registered: 08-2004


Posted on Friday, July 29, 2005 - 08:53 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

bain triail as http://www.acmhainn.ie

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 677
Registered: 08-2004
Posted on Friday, July 29, 2005 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aoibhinn an chuid Gaeilge atá agat a Ian; ar chaith tú tréimhse i nGaeltacht?

Nuair a bhímse ag lorg focal Gaeilge d'fhocal Béarla, de ghnáth téim go "www.englishirishdictionary.com". Má theipeann orm focal a fháil ansin, téim go "acmhainn.ie".

overhead lockers : taisceadáin lastuas
cruising altitude : airde chúrsála
emergency exits : bealaí éalaithe
fasten your seal belts : greamaigí bhur gcriosanna tarrthála

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 96
Registered: 02-2005


Posted on Friday, July 29, 2005 - 12:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Ceangail an crios sábhála" a déarfainn, nó "ceanglaígí na criosanna sábhála" nó "... bhur gcriosanna sábhála", cé nach bhfuil aon locht ar "tarrthála" ach oiread, bíodh is go bhfuil débhríocht ag baint leis: safety belt, lifebelt.

(Message edited by dennis on July 29, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

ian creaner
Unregistered guest
Posted on Friday, July 29, 2005 - 04:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh céad míle maith agaibh a chairde.

d'Fhear na mBróg:

Bhíodh Gaeilge à labhairt againn sa bhaile, fad is a bhí mo shean-athair ar an domhan seo linn. Chuas liom féin siar go dtí an Ghearmáin agus mé i mo dhéagóir. Faraoir, is annamh focal Ghaeilge a d'fhág mo bhéal as sin amach. Agus féach orm anois, mo chuid Gaeilge nachmór caillte agam.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge