mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Claochló [sic] « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1677
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 07:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chonaic "ar bhaidhsigil" i bhFoinse inné. Thóg sé bomaite orm a dhéanamh amach gur "ar rothar" a bhí i gceist.

Seo an claochlú a dhein "Bheul" as "Well", ach nach bhfacas fhéin riamh in aicsean (ceann eile) é.

Focal eile atá feicthe agam uair nó dhó ná "seanra" - genre na Fraincis atá i gceist.

Anois cé deir go bhfuil an Ghaeilge marbh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 499
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 08:06 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní mar "bheul" a scríobhtar "well" i nGaeilg, ach mar "bhuel" (cé go bhfuil sé aisteach a dh’fheiceáilt i nGaeilg). Dá mba "bheul" a bheadh ann, deirfí mar /vel/ é, chan /wel/. bhe=v (caol), bhue=w (leathan).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1682
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 10:22 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sciorradh méir.

Tá sean leabhar agam sa chló gaelach (thart ar 1930) agus nuair a bhí "bhuel" a rá, chuir siad isteach "Well" sa chló rómhánach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 504
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 03:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní dóigh liom gur sciorradh méire atá ann siocair nach é sin an uair amháin a scríobh tú "bhuel" mar sin. Nó is minic a sciorras do mhéar :)

Ní hionadh liom gur "well" a scríobhfaí fadó, ós rud é nach focal Gaeilge atá ann i dtús báire.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 07:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus cad faoi vaidhtéar, sin freastalaí. Cé a thosaigh usáid na bhfocla súid? An lá a deirim vaidhtéar, ní Gaeilgeoir mé a thuilleadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1684
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, July 27, 2005 - 04:14 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Nó is minic a sciorras do mhéar



Faraor, is fíor sin. Níl bhuel sa chaint agam fhéin, seans maith mar sin go bhfuil an litriú contráilte i'm chloigeann seachas sna méireachaí.

Nílim ach ag tabhairt suntas don bhealach go bhfuil na focail seo a slogadh, diadh ar ndiadh. Is minic "ar mo bhicycle" nó a léitheid feicthe agam. Céim ar aghaidh i dtreo an ghaelú atá sa traslitriú. Bhíonn sé ar bun ag gach teanga (an Bhéarla ach go hairithe), ní dóigh liom go bhfuil dochar ann.

Bheinn buartha dá mbeadh sean leaganacha a scuabadh chun siúl, ach ní hamhlaidh i gcás baidhsigil ná seanra. Focal nua-chumtha a bhí i rothar.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge