mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Tuiseal ginideach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Robert
Unregistered guest
Posted on Monday, July 25, 2005 - 06:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil a tuiseal ginideach ag crapadh anois, i nGaeilge? Chuala mé inniu, i gcomhrá, "chuir mé mo mhadra istigh an teach adhmad sin". Níl aon litir chaol san adhmad (adhmaid).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 488
Registered: 01-2005
Posted on Monday, July 25, 2005 - 07:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cé a d’úrt sin?

Cibé ar bith, is féidir nár mhaith a chuala tú ’n "d caol" siocair go dteachaigh an d caol agus an s caol (in "sin") le chéile.

Is deacair duifear ar bith a chluinstin eadar /@n t'ax a:m@d s'in'/ agus /@n t'ax a:m@d' s'in'/...

Nach mbeadh sé níos cirte "mo mhadadh a chur ISTEACH sa teach..." a rá? Ab é cainteoir dúchais a d’úrt sin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1670
Registered: 08-2004


Posted on Monday, July 25, 2005 - 09:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Isteach a bheadh agamsa.

Chuir mé mo mhadra isteach sa teach adhmaid sin.

ach

Tá mo mhadra istigh sa teach adhmaid sin.

(Is dóigh liom gur tigh seachas teach a bheadh agam freisin, ach nílim cinnte cén fáth! Is fuath liom anailís...)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 642
Registered: 08-2004
Posted on Monday, July 25, 2005 - 09:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl comhartha ar bith ag an nóiméad go ndíbrófar an tuiseal ginideach. Is fíorbhotún gan an fhoirm ghinideach d'fhocal a úsáid nuair is ceart.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 491
Registered: 01-2005
Posted on Monday, July 25, 2005 - 01:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aonghus > tigh is the normal word for "teach" in Munster. It comes from the dative form of "teach", that is used in Munster instead of the nominative form. Such phenomenon occurs in Connemara as well, they say fuinneoig (dative) instead of fuinneog (nominative).

Now, why do u use the Munster form "tigh", i dunno. The normal word for "house" in Dublin Irish would be "chack" (native English speaking learner pronounciation of "teach" ;-) ).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 645
Registered: 08-2004
Posted on Monday, July 25, 2005 - 01:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Lughaidh, smaoinigh sula scríobhann tú sa chuid Gaeilge den fhóram! ...tá an botún céanna déanta againn go léir!

Deirimse "teach" mar "chock", ie. an chéad siolla san fhocal "chocolate".

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1671
Registered: 08-2004


Posted on Monday, July 25, 2005 - 05:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bheul, ba saineolaí mo shean athair ar ghaeilge Chom Dhinéoil i gCorca Dhuibhne. Agus nuair a bhíos thiar seachtain ó shin, dúirt fear de bhunadh na háite liom go raibh blas na háite agam. Sin cúis, i. is dócha go bhfuil bunús na Mumhain le mo chuid Gaeilge, ach í tagtha faoi anail mórán canúintí eile.

Ach bhfearr go mór liom dá bhfreagrófá i nGaolainn mé, a Lughaidh! (Ní thig liom leagan Uladh de ainm na teangan a litriú)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Unregistered guest
Posted on Monday, July 25, 2005 - 05:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Níl comhartha ar bith ag an nóiméad go ndíbrófar an >tuiseal ginideach. Is fíorbhotún gan an fhoirm ghinideach >d'fhocal a úsáid nuair is ceart.

Tá sé scríofaí sa téascleabhar mórfeolaíocht’ foilsithe sa Rúis gur fíor-annamh an cás é nach bhfuil i dteanga eicínt ach an dá thuiseal: Nominative 7 Genetive. Níl ciall ar bith ann mar gheall ar gur lena gcuidiú nach féidir idirdhealú a dhéanamh ar an Ainmní is ar an gCuspóir – an chodarsnacht is tábhachtaí atá san abairt. Tá an tuiseal ginideach le bheith goite ar ceal. Is seo é an rud atá ar siúl anois sa gcuid Gaeilge atá labhartha i gConamara.

Le meas,
Peter

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 494
Registered: 01-2005
Posted on Monday, July 25, 2005 - 07:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>A Lughaidh, smaoinigh sula scríobhann tú sa chuid >Gaeilge den fhóram! ...tá an botún céanna déanta againn >go léir!

Gabh mo leithscéal. Ar an drochuair, chan féidir teachtaireacht ar bith a dh’athrú i ndiaidh leathuaire anseo.

>Deirimse "teach" mar "chock", ie. an chéad siolla san >fhocal "chocolate".

Níos measa aríst. Fóir orm a Dhia! Deirimse féin /t’ah/, mar a deireas na seandaoiní i nGaoth Dobhair.


>Aonghus

>Bheul, ba saineolaí mo shean athair ar ghaeilge Chom >Dhinéoil i gCorca Dhuibhne. Agus nuair a bhíos thiar >seachtain ó shin, dúirt fear de bhunadh na háite liom >go raibh blas na háite agam.

de réir achan chosúlachta, níl gramadach na háite agat ;-)

>Ach b’fhearr go mór liom dá bhfreagrófá i nGaolainn mé, >a Lughaidh! (Ní thig liom leagan Uladh de ainm na >teangan a litriú)

"Gaeilg" /ge:l’ik’/

>Níl ciall ar bith ann mar gheall ar gur lena gcuidiú >nach féidir idirdhealú a dhéanamh ar an Ainmní is ar an >gCuspóir – an chodarsnacht is tábhachtaí atá san >abairt.

Sé, ach níl sé róthábhachtach i nGaeilg siocair go bhfuil ord na bhfocal láidir go leor: VSO an t-am ar fad. Mar sin, is léir gurb é ’n t-ainmní an focal a bíos go díreach i ndiaidh ’n bhriathair, agus an cuspóir a’ cionn atá ’na dhiaidh.

>Tá an tuiseal ginideach le bheith goite ar ceal. Is seo >é an rud atá ar siúl anois sa gcuid Gaeilge atá >labhartha i gConamara.

Mór a’ truaigh. Ach thig leis a’ teangaí a bheith beo gan an tuiseal ginideach ar aon nós (cé gurbh fhearr liom nach dtarlóchadh a leithéid): is fada ó cailleadh na ndíochlaontaí i mBreathnais agus níl fadhb ar bith ann sa teangaí sin. Is annamh a bhaintear feidhm as an tuiseal ghinideach i Manainnis agus níl mórán fadhbann ann ach an oiread.

Cailleadh ’n tuiseal cuspóireach fad ó shoin siocair go raibh a fhoirmeacha ionta’ cosúil le cuid an tuisil ainmnigh, agus siocair nach rabh duifear ar bith eatarthu an chuid is mó don am.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1674
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 04:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dála an scéil, ar lean an tuiseal tabharthach "sa" uair amháin? Bhedh cúis ansi go mbeadh tigh agam uaireanta agus teach uaireanta eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 648
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 05:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá an tuiseal ginideach le bheith goite ar ceal. Is seo é an rud atá ar siúl anois sa gcuid Gaeilge atá labhartha i gConamara.

Chuaigh mé ag lorg na bhfocal "goite" agus "ceal" sa bhfoclóir ach fuaireas faic na fríde... in aon chaoi, toimhdím go bhfuil tú ag rá go bhfuil siad ag díbirt an tuisil ghinidigh i gConamara.

Tá ceist amháin agam: Cén fáth?

Níl amhras ar bith agam nach gá an tuiseal a bheith sa theanga, féach ar "ag lasadh an lampa". Ach nach coinníoll áirithe atá sa Ghaeilge ná rudaí cásta a thugann níos mó áilleachta don theanga? Na tuisil, na hinscní, an séimhiú, an t-urú. Níl aon cheann díobh seo de dhíth, ach go fóill taitníonn siad leis na daoine! Cén fáth gur gá an teanga a dhéanamh níos "éasca" nó níos "sofhoghlamtha"... ? Ná tóg a háilleacht uaithi.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1679
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 07:16 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

goite == imithe

ceal [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh]
easpa, gá, díth (tá ceal airgid air).


ar ceal (i léig, imithe, cealaithe; as láthair).



Maidir le tuairimí Peter na Rúise, ní dóigh liom go bhfuil an Tuiseal Ginideach ag imeacht as an chaint chomh rábach sin fós, cé go m'bhféidir go bhfuil lagar ag teacht ar roinnt gnéithe a bhaineadh an TG leo. Cad air a bhfuil do thuairim bunaithe, a Pheter?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Robert
Unregistered guest
Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 07:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Deirimse 'teach' mar 'chock', ie. an chéad siolla san fhocal "chocolate'"

an bhfuil tú ag magadh?!

Chuala mé an abairt, nuair a bhí mé i Raghnallach (i mBAC) Dé Domhnach seo caite. Bhím ag teach go dtí lár na baile, agus chuala mé an comhrá ag súil isteach an ghairdín ar mo dheas. Bhí dhá bhean ag caint faoina madra (ceapaim). B'fhéidir go bhfuil an madra ina chónaí sa 'teach adhmaid'?

"Nach mbeadh sé níos cirte "mo mhadadh a chur ISTEACH sa teach..." a rá? Ab é cainteoir dúchais a d’úrt sin?"

B'fhéidir go bhfuil siad leath cainteoirí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 500
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 08:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Dála an scéil, ar lean an tuiseal tabharthach "sa" uair >amháin? Bhedh cúis ansi go mbeadh tigh agam uaireanta >agus teach uaireanta eile.

ó, fad ó shoin, deirfí "dul isteach sa teach" agus "bheith istigh sa tigh". Ach ní dóigh liom gurb é sin a’ fáth a n-abrann tusa teach agus tigh, mar nach bhfuil an duifear sin fágtha i gcanúint ar bith, dar liom, ach amháin i gceantracha do Thír Chonaill (canúint nach bhfuil agat). Go bhfios domh, i gCúige Mumhain cha mbaintear feidhm ach as "tigh", an t-am ar fad.

>Chuaigh mé ag lorg na bhfocal "goite"

gabh+-te (aidiacht bhriathartha)= Béarla "gone".

>Níl amhras ar bith agam nach gá an tuiseal a bheith sa >theanga, féach ar "ag lasadh an lampa". Ach nach >coinníoll áirithe atá sa Ghaeilge ná rudaí cásta a >thugann níos mó áilleachta don theanga? Na tuisil, na >hinscní, an séimhiú, an t-urú. Níl aon cheann díobh seo >de dhíth, ach go fóill taitníonn siad leis na daoine! >Cén fáth gur gá an teanga a dhéanamh níos "éasca" nó >níos "sofhoghlamtha"... ? Ná tóg a háilleacht uaithi.

Aontaím go hiomlán leat, a chara...

>"Nach mbeadh sé níos cirte "mo mhadadh a chur ISTEACH >sa teach..." a rá? Ab é cainteoir dúchais a d’úrt sin?"

>B'fhéidir go bhfuil siad leath cainteoirí?

Is dóigh liom gur leathchainteoirí iad.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Unregistered guest
Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 06:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Peter na Rúise
:)))

>Níl aon cheann díobh seo de dhíth, ach go fóill taitníonn >siad leis na daoine! Cén fáth gur gá an teanga a dhéanamh >níos "éasca" nó níos "sofhoghlamtha"... ?

Is cuma liom é. Is í an teanga í féin a thoghanns na foirmeachaí is catagóirí feiliúnacha riachtanacha. Níl aon tosaíocht phearsanta agam anseo, ní shílim, agus an teanga i gceist againn, go bhfuil an tuiseal ginideach, m.sh., i bhfad níos fearr ná an t-urú nó níos speisiúla ná an inscne. :))
Más maith atá an teanga in ann feidhmiú gan chatagóir eicínt, ní gá í - an chatagaóir - a thabhairt ar ais don tsaol, rud an-saorga go deo.

>Tá ceist amháin agam: Cén fáth?
Agus
>Cad air a bhfuil do thuairim bunaithe, a Pheter?

Cuir i gcás an tuiseal ginideach i ndiaidh an ainm briathartha. Tá an leagan cainte seo níos congaraí don bhriathar ná don ainm. Mar sin féin, sin é an fáth a bhfuil claonadh a rá “ag oibriú casúr”, “ag pósadh fear”, an úsáid chéanna atá in “oibreann tú casúr go maith”, “phós sí fear as Carna”.

Caithfidh mé a rá go bhfuil sé sach OK gan an tuiseal ginideach uatha de na hainmfhocla baininscneacha a úsáid ar chor ar bith i nGaeilge Chois Fhairrge, m.sh.“barr an fhuinneoig mhór”. Ach níl fonn orm scríobh faoi sin anseo mar gheall ar go bhféadtar é sin a léamh sa téascleabhar cáiliúil “Learning Irish” le hO Siadhail.

Maidir le “goite” is “ar ceal”:
goite = dulta, i gConamara
a ghoil (=dul) ar ceal = bás a fháil, stopadh den bheith ann

A Lughaidh, nach ndeireann tú [t’s’ah] ?

Le meas,
Peter

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 507
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, July 26, 2005 - 08:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chan abraim, siocair nach mar sin a fhuaimníos na seandaoiní i dTír Chonaill don chuid is mó (is é ’n fuaimniú is fearr agam cionn na seanchaithe): deireann siad [t'ah]. Is iad na cainteoirí is óige (agus cupla seanduine a bhfuil daoiní óga thart faofa) a deireas [t's'ah]. Ach bhuel, tá sé ceart go leor fosta, ach tá dúil agam ins na rudaí ársa :-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 657
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, July 27, 2005 - 05:05 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Mar sin féin, sin é an fáth a bhfuil claonadh a rá “ag oibriú casúr”, “ag pósadh fear”, an úsáid chéanna atá in “oibreann tú casúr go maith”, “phós sí fear as Carna”.

I mBaile Átha Cliath, tá daoine againn a deir:

I seen it.
I done it.

Deirtear iad, ach is "I saw it" agus "I done it" na foirmeacha lena nglactar mar an leagan ceart.

ag oibriú casúir
ag pósadh fir

Siad seo na fíorfhoirmeacha.

quote:

Caithfidh mé a rá go bhfuil sé sach OK gan an tuiseal ginideach uatha de na hainmfhocla baininscneacha a úsáid ar chor ar bith i nGaeilge Chois Fhairrge, m.sh.“barr an fhuinneoig mhór”.

Gaeilge: barr na fuinneoige móire
Béarla: I saw it before I did it.

Gaeilge bhriste: barr an fhuinneoig mhór
Béarla briste: I seen it before I done it.

Tá droch-chainteoirí ag gach teanga -- ní haon eisceacht an Ghaeilge.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 512
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, July 27, 2005 - 02:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní droch-chainteoir cainteoir dúchais. Má deireann siad "barr an fhuinneog mhór", is forás na teangtha atá ann.

Muna mbeadh cead aige’n teangaí athrach a dhéanamh i mbéal na gcainteoir dúchais, ba chóir duit Béarla ar nós Bheowulf a labhairt, nó Comh-Ghearmáinis, nó Ind-Eorpais féin. Níl Béarla an lae inniu ceart i gcomparáid le cionn Shakespeare, níl cionn Shakespeare ceart i gcomparáid le cionn Bheowulf, níl cionn Bheowulf ceart i gcomparáid leis an Chomh-Ghearmáinis, ’s mar sin dó.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 662
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, July 27, 2005 - 04:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceist dhuit a Lughaidh.

"I seen my pen, and then I done my homework."

Nuair a labhraíonn cainteoir dúchais Béarla an abairt seo, an é atá i gceist ná:

A) Drochghramadach. Mícheart. Botún.
B) Céadúnas Fileata Speisialta a dtugtar do chainteoirí dúchais.

Rinne mé iarracht glacadh le "I seen it" agus "I done it", ach gach uair a gcloisim iad ceapaim go bhfuil siad níos míchirte.

Maidir le "barr an fhuinneoig mhór"... ní fheicim go nglacfainn leis mar cheart.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 517
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, July 27, 2005 - 06:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>A) Drochghramadach. Mícheart. Botún.

Drochghramadach ó thaobh gramadach Béarla na Banríona dó. ó thaobh na teangeolaíochta dó, tá sé ceart siocair gur cainteoirí dúchais a deireas é.

>Rinne mé iarracht glacadh le "I seen it" agus "I done >it", ach gach uair a gcloisim iad ceapaim go bhfuil >siad níos míchirte.

The form "you do" when talking to one person is wrong. The correct form is "thou dost". Why would you accept "you do" and not "I done" ?

>Maidir le "barr an fhuinneoig mhór"... ní fheicim go >nglacfainn leis mar cheart.

Rud céarna: mícheart ó thaobh na gramadaí caighdeánaí dó. ó thaobh na teangeolaíochta dó, tá sé ceart mar go n-abrann cainteoirí dúchais é.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge