quote:Cad chuige nach i gceart ag "fá dtaobh den tsaoil"?
Cheapas gur "about the life of Seán Tierney" a raibh tú á rá.
(Rud amháin, déarfainnse "den saol", ní déarfainn "den tsaoil". Ceapaim gur tuiseal tabharthach de chanúint áirithe é "den tsaoil", nach ea?)
Bris síos é, trí chéim:
1: Séan Ó Tiarnaigh
2: saol Sheáin Uí Thiarnaigh
3: fá dtaobh shaol Sheáin Uí Thiarnaigh
Is sampla é céim a trí den "ginideach fionraithe" ar luaigh tú. Ní athraítear "saol" go "saoil" -- fágtar é mar atá sé agus cuirtear séimhiú air.