Author |
Message |
Daibhi
Member Username: Daibhi
Post Number: 1 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, June 21, 2005 - 07:38 am: |
|
Dia daoibh a dhaoine. Is mise Davide. Is mac leinn dochtúreact mé san Ollscoill Verona, Iodail. Stadéir mé litríocht as Eirinn, i mBearla, go háiríthe le James Joyce agus Ciarán Carson. Tá spéis mór i béaloideas; is anáil bhéaloideas faoi litríocht príomhfhócas mo taighd. (Níl mé cinnte go bhfuil é ceart... gabh mo leisceal). Bhí mé i mo chonai i nGaillimh ceithre bhliana o shin, agus stadeir mé Gaeilge ansin. Bhí mé i mo chonai i mBaile Átham Cliath an geimhradh seo caite, agus bhí mé i gcúrsa Gaelige. Táim ar eis i Verona anois, agus Sin ar ndoigh táim ag stadeir an Gaeilge go fóill; tá dóchas agam go bhfuil mé feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Go raibh míle agaibh, Davide (corrections are welcome) |
|
Socadán Unregistered guest
| Posted on Tuesday, June 21, 2005 - 08:43 am: |
|
Nár lagaí Dia tú, a Dhaibhi. Tá roinnt meancógá sa mheid a scríobh tú ach thuig mé go maith tú. Seo cúpla ceann dibh: Stadéir mé - Rinne mé staidéar i béaloideas - i mbéaloideas go bhfuil mé feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge - go bhfuil mé ag cur feabhas ar mo chuid Gaeilge. |
|
Daibhi
Member Username: Daibhi
Post Number: 2 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, June 22, 2005 - 04:11 am: |
|
Go raibh míle maith agat, a Shocodáin. Slán go foill, Davide |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 602 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 22, 2005 - 06:02 am: |
|
Agus muid ag ceartú gramadaí... Tá dath dearg ar na hearráidí agus tá dath gorm ar rudaí atá ceart, ach go molfainn rud éigin eile ina ionad. Dia daoibh a dhaoine. Is mise Davide. Is mac leinn dochtúreact mé san Ollscoill Verona, Iodail. Is mac léinn dochtúireachta mé in Ollscoill Verona, An Iodáil.
Stadéir mé litríocht as Eirinn, i mBearla, go háiríthe le James Joyce agus Ciarán Carson. Rinne mé staidéar ar litríocht ó Éirinn, atá scríofa as Béarla, oibreacha de chuid James Joyce agus Ciarán Carson go háirithe. Tá spéis mhór agam i mbéaloideas; is anáil bhéaloideas faoi litríocht príomhfhócas mo taighd Is í anáil bhéaloidis faoi litríocht ná príomhfhócas mo thaighde. Tabharfaidh mé spléach ar an gcuid eile nuair atá an t-am agam! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1624 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 22, 2005 - 07:17 am: |
|
B'fhearr liom fhéin "tionchar" seachas "anáil" - más é an rud atá i gceist an baint a bhíonn ag béaloideas le saothar údáir? Cad é go beacht abhár do thráchtas dochtúireachta, a Dhavide? |
|
Daibhi
Member Username: Daibhi
Post Number: 3 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, June 22, 2005 - 07:51 am: |
|
Go raibh maith agat, a fhar na mbróg. Bhain mé tairbhe mhór as moltaí atá tu ag deannamh. Go raibh maith agat arís. Davide |
|
Daibhi
Member Username: Daibhi
Post Number: 4 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, June 22, 2005 - 11:51 am: |
|
A hAonghus nil ainm cintte atá ar mo thráchtas fós, ach tá sé ag baint le lorgtha béaloideas i na oibreacha de chuid James Joyce agus Ciarán Carson. Tá mo thaighde ag baint le teangalíocht agus le lítriocht agus, ar ndoigh, le béaloideas. Tá spéis agam i gCeol tradisúnta freisin; seinnim ceol ar fidil agus ar feadóg. Tá ceol tábhactach i na oibreacha de chuid Ciarán Carson. Sin é. Davide |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1625 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 22, 2005 - 12:13 pm: |
|
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 605 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 23, 2005 - 05:53 am: |
|
Níos mó cheartaithe... quote:Bhí mé i mo chonai i nGaillimh ceithre bhliana o shin, agus stadeir mé Gaeilge ansin. Bhí mé i mo chonai i mBaile Átham Cliath an geimhradh seo caite, agus bhí mé i gcúrsa Gaelige. Táim ar eis i Verona anois, agus Sin ar ndoigh táim ag stadeir an Gaeilge go fóill; tá dóchas agam go bhfuil mé feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. 1: ceithre bliana ó shin (Tá "bliain" neamhrialta. De ghnáth, bíonn "h" taréis "ceithre" (m. sh. ceithre mhadra) ) 2: Rinne mé staidéar ar an nGaeilge 3: "Átha", ní hé "Átham" (ach b'fhéidir nach ndearna tú ach "typo"!) 4: "geimhreadh" an litriú atá ceart 5: "ar ais" an litriú atá ceart 6: Táim ag déanamh staidéar ar an nGaeilge go fóill 7: Usáidtear "súil" in ionad "dóchas" sa chomhthéacs sin. 8: (Nílim cinnte cad atá tú á rá san abairt deireannach) quote:Go raibh maith agat, a fhar na mbróg. Bhain mé tairbhe mhór as moltaí atá tu ag deannamh. Go raibh maith agat arís. Davide 1: a Fhear na mBróg (Ach déarfainn nach bhfuil ann sin ach "typo"!) 2: Bhain mé tairbhe mhór as na moltaí atá tú á dtabhairt. (Agus tá fáilte romhat a chara! : ) ) quote:A hAonghus nil ainm cintte atá ar mo thráchtas fós, ach tá sé ag baint le lorgtha béaloideas i na oibreacha de chuid James Joyce agus Ciarán Carson. Tá mo thaighde ag baint le teangalíocht agus le lítriocht agus, ar ndoigh, le béaloideas. Tá spéis agam i gCeol tradisúnta freisin; seinnim ceol ar fidil agus ar feadóg. Tá ceol tábhactach i na oibreacha de chuid Ciarán Carson. Sin é. Davide 1: A Aonghuis 2: Níl ainm cinnte ar mo thráchtas fós 3: Ag baint le béaloideas a lorg sna hoibreacha de chuid James Joyce agus Chiaráin Carson.. 4: "teangaeolaíocht" an litriú atá ceart 5: "litríocht" an litriú atá ceart 6: "ar ndóigh" 7: "traidisiúnta" 8: seinm ceoil ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg 9: Tá ceol tábhachtach sna hoibreacha de chuid Chiaráin Carson. ** Forbróidh do chuid Gaeilge níos tapúla ná a thabharfaidh tú faoi deara! Tá sí ag eirí níos fearr cheana féin! |
|
Daibhi
Member Username: Daibhi
Post Number: 5 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 23, 2005 - 10:56 am: |
|
A Fhear na mBróg (bhí sí ach 'typo' cinnte ;-) go raibh míle maith agat uair amháin eile. D'fhoghlaim mé go leor leor rudaí le dhá laethanta anuas. A hAonghuis (ní raibh sí 'typo'!) go raibh maith agat leis (an bhfuil 'leis' ceart?) an aiste, ní fhaca mé fós í. Ní cheannaigh mé an leabhar seo fós, ach sílim go bhfuil sé go hiontacht; léim mé 'Dante's Inferno" le Carson, atá sé aistriú eile, agus tá sé an dheas. Slán libh, Davide |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 409 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, June 23, 2005 - 02:08 pm: |
|
a Fhear na mBróg > "a Fhir na mBróg" ba cheart a scríobh... Davide, be careful with the difference between tá and is... > it wasn't a typo = níor "thypo" é , you would never use the "tá" verb in such context. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 117 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, June 23, 2005 - 04:23 pm: |
|
botún cló = typo |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1629 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 23, 2005 - 04:59 pm: |
|
Agus ní bhíonn urú ar m'ainm sa Tuiseal Gairmeach. A Lughaidh, cá bhfuil do bhata scor? Sá chúinne gaeilge amháin atáimid! Bhí bunús ag FnaB leis an dtuiseal gairmeach úd a bhíonns aige, ach ní cuimhin liom é. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 411 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, June 23, 2005 - 05:41 pm: |
|
Aonghus > gabh mo leithscéal as a’ Bhéarla ar bhain mé feidhm as, ach scríobh Dáibhí nach rabh ann ach tosaitheoir agus ós rud é gur fá stuif ghramadaí a bhí mé ’caint, bhí eagla orm nach dtuigfeadh sé ach é ’bheith i nGaeilg - tá gramadach na Gaeilge casta go leor, agus más i nGaeilg a mhínithear í, tá sí níos casta ’ríst, go háiríd do thosaitheoirí... ---------------------------- ní urú ar bith h- ar ghuta (in * "a hAonghus") Urú ar ghuta: n-. Séimhiú ar ghuta: faic. Deireann drochmhúinteoirí gur h- ar ghuta cineál séimhiú ach ní fíor sin ar chor ar bith: ins na cásannaí a mbíonn séimhiú ar chonsan ní bhíonn faic ar ghuta ar chor ar bith. Athrú tosaigh difriúil ar fad h- a chur ar ghuta (athrú tosaigh eile a thig ó "gemination" na Sean-Ghaeilge). |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1630 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 24, 2005 - 04:41 am: |
|
Tá "A hAonghuis" mí cheart. Ní bhíonn tearmaí gramadaí agam - ní shin mo ghairm. Cén t-ainm atá ar an "h" úd? Tá sé i'm shloinne. Greann a bhí sa tagairt do'd Bhéarla - cheap mé nár thuig tú cá raibh an snáth. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 55 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 24, 2005 - 09:46 am: |
|
Lughaidh bhí an ceart ag fear na mbrog, le 'a fhear na mbrog' in ionad 'a fhir na mbrog' ginideach dúbáilte atá ann, agus mar sin de ní théann an chéad rud sa ghinideach ní chuirtear ach seimhiú air. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 118 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, June 24, 2005 - 10:41 am: |
|
Ní ginideach ar bith atá i gceist, ach an tuiseal gairmeach. Aithrítear gach chuid de ainm dhuine sa tuiseal sin, agus mar sin, sílim go bhfuil 'a fhir na mbróg' ceart. A Aonghuis, tugtar 'h roimh ghuta' ar an h sin roimh ghuta! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 413 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, June 24, 2005 - 10:56 am: |
|
Ní hé ’n tuiseal ginideach ar chor ar bith atá in "a fhir" ach an tuiseal gairmeach. Tá ’n dá fhoirm cosúil lena chéile maidir leis na hainmfhoclaí den chéad díochlaonadh ach ní hionann iad. Maidir leis hainm an h-, faightear ins na leabharthaí gramadaí ’n t-ainm "réamhlitir h-" ar an rud sin. Chan fhuair mé áit ar bith ainm don fheiniméan. |
|
Daibhi
Member Username: Daibhi
Post Number: 9 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, June 25, 2005 - 01:40 pm: |
|
A dhaoine, go raibh maith agaibh leis an díospóireacht, tá sé an spéisiúil. Slán, Davide |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 57 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 27, 2005 - 01:54 pm: |
|
Tá bron orm, tuigim tuigim, níl a fhios agam cad é a bhí i gceist agam ansin. |
|
ian creaner Unregistered guest
| Posted on Friday, July 29, 2005 - 01:55 pm: |
|
Wow, a Davide, caithfad a rá ar aon nós go bhfuil do chuid Gaeilge go hiontach ar fad. Tá Éirinnigh go leor ag rith timpeall, agus gan "fuckall" ar bith acu. mise le sár-ghradam ian |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 532 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, July 29, 2005 - 02:57 pm: |
|
>4: "teangaeolaíocht" an litriú atá ceart Chan eadh: teangeolaíocht an litriú ceart, a chara... ;-) |
|