mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » An chéad uair « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Member
Username: Jonas

Post Number: 698
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, May 26, 2005 - 02:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo ceist chugaibh a fhuireas im cheann inniu nuair a bhíos ag léamh dáin atá scríte ag Raifteirí: cathain a chualabhair nó chnuiceabhair Gaelainn an chéad uair? Is dócha ná féidir leis na daoina atá Gaelainn acu ó chliabhán an cheist seo a fhreagairt. :-)

Is cuimhin liom go maith an chéad teacst a léas riamh as Gaelainn:
Anois, teacht an earraigh, beidh an lá ag dul chun síneadh,
Is tar éis na Féile Bríde ardochaidh mé mo sheol,

Aithníonn sibh an teacst san, dar ndóigh - tús an dáin a thugtar idir Contae Mhaigh Eo agus Anois teacht an Earraigh air. Ach an gcreidfeadh sibh go rabhas ag léamh The Eagle has Landed nuair a chnuc é!? Chuir sé sin suim agam i nGaelainn agus thosaíos ar an teanga a fhoghlaim. Tús neamhghnách, is dócha :-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1501
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 27, 2005 - 04:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus tá an téacs úd in úsáid ag Mazda chun carranna a dhíol faoi láthair!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Member
Username: Jonas

Post Number: 699
Registered: 08-2004
Posted on Friday, May 27, 2005 - 05:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil? An gcuirfeá an scéal san dom, led thoil? Táim ag déanamh mo dochtóireachta faoi mhargaíocht as mhion-teangacha agus bhí sé ana-spéisiúil é sin a fheiscint!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1503
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 27, 2005 - 06:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fógra radio atá ann (ar RTÉ 1 - tá RnaG saor ó fograíocht BLD). Níl fhios agam an bhfuil nasc ann dó.
Má aimsím aon rud, cuirfead ar do shúile é.


Nasc faoin scéilín anseo, ach creidim go raibh cluas mo dhuine lochtach!

http://www.sbpost.ie/post/pages/p/wholestory.aspx-qqqt=LAST%20POST-qqqs=agenda-q qqsectionid=3-qqqc=-qqqn=1-qqqx=1.asp

Seans go mbeadh breis eolais ag an dream seo:

http://www.iapi.ie/members/agencies/young.htm



'Bhfuil tú ar an eolas faoin na dreamanna seo:
http://www.murphysicecream.ie/
http://www.irishmanufacturing.com/ga/companies/company.asp?ID=628

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted on Friday, May 27, 2005 - 07:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bácús Uí Bhaoill i mBaile na Finne, a Jonais, bíonn an Ghaeilg chun tosaigh go mórtasach acu ar a gcóir iompair agus is í a bhíonn ar a gcuid earraí romhat ar an tseilf. Is trua nach bhfuil, go bhios dom, suíomh idirlín acu. Thug an clár 'Turas Teanga' cuairt orthu agus chuala ar R. na Gaeltachta iad chomh maith. Dream ana-dhearfach i leith na Gaolainne iad. Sin an fáth gurb iad is túisce a rith liom nuair a chonac do spéis féin i margaíocht na dteangacha tearclabhartha.

http://www.rte.ie/tv/turasteanga/prog11/thisweek.html

An taos a cheannaím féin i gcónaí, mar gheall ar an ainm amháin, is ea Fiacla: http://toothpaste.bind.org/c539152.html
http://www.foodireland.com/Merchant2/merchant.mvc?Screen=PROD&Product_Code=60011 9&Category_Code=pharm&Product_Count=3
http://www.celticfoods.com/prods/600120.html
http://www.checkout.ie/MarketProfile.asp?ID=27

Lánúin a bhí ina bhun. Is cuimhin liom, as agallamh a cuireadh orthu i bhfad siar, gur thosaíodar i ngaráiste tí. Táid ag onnmhairiú chuig ana-chuid tíortha faoin am seo.

Innovative products take top awards
by Kevin Mills
THREE innovative products — Golden Vale Cheestrings; Fiacla Toothpaste and Oven Ready Duckling from Silver Hill Foods — are the monthly winners of the Superquinn Competitiveness Awards for the past three months.
The scheme was established to recognise success by companies competing against international suppliers in the grocery trade. .....

Fiacla Toothpaste was originally launched in 1983. It is now exported to over 15 countries, including Russia, Bangladesh and the Czech Republic. Over 30 people are employed at the Bray plant, part of the Gillespie Group. Product innovations include the introduction of flavoured children's toothpaste and a travel pack. Silver Hill Foods in Emyvale, Co Monaghan won the award for its Oven Ready Duckling. The company employs 150 people and exports to all countries in the European Union and some Asian countries.

... The winners were selected from over 10,000 Irish products sold by Superquinn. The criteria for the awards, launched in January, includes product innovation, market share achieved and ability to compete against imported products. The awards are selected by representatives of Forbairt, An Bord Tráchtála and Superquinn.

http://archives.tcm.ie/irishexaminer/1998/09/10/bhead.htm

-------------------------------------------------------

Nílim cinnte cé tá ina bhonn fén am seo, ach más ea: http://www.irishmanufacturing.com/en/companies/company.asp?ID=1296

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1506
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 27, 2005 - 09:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scríobh Jonas:

quote:

Seo ceist chugaibh a fhuireas im cheann inniu nuair a bhíos ag léamh dáin atá scríte ag Raifteirí: cathain a chualabhair nó chnuiceabhair Gaelainn an chéad uair?



Is breá liom scéal Chailín Doll faoin slí ar chuala sí a mathair ag ceol "Seothín Seothó" dá céad garpaiste.

Ar mhiste leat insint dúinn conas ar tharla an dan úd faoi do shúil an chéad lá riamh, a Jonas?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 329
Registered: 01-2005
Posted on Friday, May 27, 2005 - 10:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A' chéad uair a chonaic mé Gaeilg:

bhí mé seacht mbliana agus fá choinne mo lae bhreithe pronnadh leabhar domh fá dtaobh do ghléasannaí troda (claimhte, sceana ’s mar sin dó, bhí suim agam sa mhéid sin ’s mé ’mo pháiste) agus bhí leathanach ann ar a rabh claíomh mór Alabnach agus bhí ’n focal "claidheamh mór" scríofa ann (le meancógaí ar ndóighe, chan féidir le duine ’bith nach bhfuil Gaeilg aige focal Gaeilg a scríobh i gceart nó a dh’athscríobh féin!) agus go díreach chuir sé faoi gheis mé, chan fhaca mé ’riamh focal gomh haisteach sin agus bhí sé scríofa gur focal "gaélique" a bhí ann. Cuma dhraíochtúil ar a’ Ghaeilg ón am sin amach, chan fhaca mé ’n focal "gaélique" ann ná focal Gaeilge ar bith aroimhe agus cha rabh ’s agam cad é mar ba chóir an focal "claidheamh mór" a dh’fhuaimniú :)

A’ chéad uair a chuala mé Gaeilg: ins an amhrán "Ar a ghabháil ’na’ chuain domh" le Clannad ar an albam Crann Ull... Bhí mé faoi gheis aríst agus cupla mí ’na dhiaidh sin cheannaigh mé ’n chéad leabhar Ghaeilge agam ’s thoisigh mé a dh’fhoghlaim na teangtha binne sin. Bhí sin deich mbliana ó shoin anois, tá mé ’déanamh! Mar sin, chuala mé Gaeilg cuid mhór blian i ndiaidh domh ’n chéad fhocal Gaeilge a dh’fheiceáilt.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 115
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, May 31, 2005 - 05:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scríobh mé mo scéal féin anseo, fadó:
http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/comhadnafirinne/fath.html
Ba é Cór Cúl Aodha an ceirnín sin.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge