Author |
Message |
Paul Unregistered guest
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 09:25 am: |
|
A chairde, An bhfuil fios ag éinne má tá na líricí do “Beidh Aonach Amárach” le fáil in aon áit ar an Web? GRMA, Paul |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1483 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 09:58 am: |
|
|
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 09:58 am: |
|
|
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 09:59 am: |
|
Tá muinn beirt leis an scáileán in éindí a Aonghuis. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 10:02 am: |
|
Mo leithscéal a chairde faoin mBéarla abhus. Shamhlaigh mé gur i mBéarla a cuireadh an cheist, rud nárbh ea, tharla ar an taobh deiseal sinn! Bhí mé as alt. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1484 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 10:13 am: |
|
A Sheosamh, an eol duit gur féidir tcht a leasú, ach feidhm a bhaint as an gcnaipe úd thuas ar dheis leis an lch agus an bpeann luaidhe? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 554 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 10:16 am: |
|
Tá an rud céanna déanta agamsa freisin, a Sheosaimh. Tá moladh agam: Athraigh an t-am athraithe do theachtaireachtaí ó thríocha nóiméad go lá don chuid Gaeilge den fhóram... ? Nó, sula bpóstáilimid, léirigh fógra a deir: Ar scríobh tú as Gaeilge? Ansin cnagann tú ar "Tá" agus leantar ar aghaidh leis an bpóstáil. (Message edited by Fear_na_mBróg on May 24, 2005) (Message edited by Fear_na_mBróg on May 24, 2005) |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 10:31 am: |
|
D'fhéachfas le seo a dhéanamh cheana, is cuimhin liom. Tharla nach ball le focal faire mé, ní scaoilfear isteach mé lena dhéanamh. Míbhuntáiste na neamallraíochta. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1485 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 11:04 am: |
|
Seans. Ach tharla gurbh d'ainm buan a bhíonn in usáid agat, tuige nach nglacann tú ballraíocht? Cuimhníonn an ríomhaire ar an bhfocal faire de ghnáth. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 11:33 am: |
|
>> gurbh d'ainm buan a bhíonn in usáid agat, tuige nach nglacann tú ballraíocht? Ní dheachas le Gaeilge-L agus eile ar an ábhar céanna. Ábhar cur is cúitimh Déardaoin é sin a Aonghuis, tharla léim an dorais agus deifir an bhóthair orm anois. Babhta oibre curtha díom agus táim ag iarraidh trácht an tráthnona a scoitheadh abhaile. |
|
Paul Unregistered guest
| Posted on Tuesday, May 24, 2005 - 02:26 pm: |
|
A chairde, Go raibh maith agaibh. Tabhair aire daoibh féin... Paul |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 330 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 27, 2005 - 11:09 pm: |
|
Tá meancógaí (litrithe don chuid is mó) sna liricí ar leathanach geocities. Is dóigh liom nár mhaith a tuigeadh a bhfuil Máiréad Ní Mhaonaigh a’ ceol, go háiríd ins a’ chúigiú cuid ach tuigimse é siocair gur Gaeilg Ghaoth Dobhair atá agam ;-) . Seo na liricí a cheartaigh mé: Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé Is a mhuirnín ó ná héalaigh é Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé Is a mhuirnín ó ná héalaigh é Beidh aonach amárach i gContae an Chláir Beidh aonach amárach i gContae an Chláir Beidh aonach amárach i gContae an Chláir Cén mhaith domh é ’s ní bheidh mé ann Tá níon bheag agam is tá sí óg Tá níon bheag agam is tá sí óg Tá níon bheag agam is tá sí óg Is tá sí i ngrá leis an ghréasaí bróg Níl tú ach deich nó aon déag fós Níl tú ach deich nó aon déag fós Níl tú ach deich nó aon déag fós Nuair a bheas tú trí déag beidh tú mór B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg Ná oifigeach a arm faoina lasaí óir 'S iomaí bean a phós go hóg 'S iomaí bean a phós go hóg 'S iomaí bean a phós go hóg Is a mhair go socair lena gréasaí bróg |
|