Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1455 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 11:38 am: |
|
http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=320 9 Bhí Fiabhras an Duinnínigh orm sular cheannaíos an leabhar seo in aon chor. Ach is mór an spórt an leabhar seo. Is éard atá ann na teoric comhcheilge Alf Mhic Lochlainn maidir le fíor sprioc Duinnín ag cur an foclóir úd le chéile. Foras feasa i. ciclipéid ar an Éireann mar a bhí atá ann, dar leis. Tá cuir síos ann ar an ioliomad focail bainteach le prataí agus cáinteach ar mhná atá sa bhfoclóir céanna, agus a rogha fhéin des na sleachta is greannmhara agus aistí dá bhfuil ar fáil sa bhFoclóir. Seachain tú fhein má cheannaíon tú é: is clóite an galar an FAD. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 37 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 12:15 pm: |
|
Aaargh. Dá mbeadh a fhios agam inné! Chuir litriocht.com beart sa phost chugam ar maidin. Na leabhair atá ann ná: Fiche Bliain ag Fás -- níor léigh mé riamh é! Unity in Diversity: studies in Irish and Scottish Gaelic language, literature and history Léachtaí Cholm Cille 30: Breis faoinár nDúchas Spioradálta -- mar tá alt ann le John Carey (UCC), scoláire a bhfuil meas an domhain agam air! Teideal an ailt: "Téacsanna Draíochta in Éirinn sa Mheánaois Luath" |
|
Cá bhfios? Unregistered guest
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 12:34 pm: |
|
Ná lig mé i gcathú! Chuaigh mé go Litriocht agus d'ordaigh mé an leabhar a mhol tú agus cúpla ceann eile ar ndóigh. Mar leanbh i siopa milseáin me. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 38 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 01:37 pm: |
|
Seans go mbeifeá sásta cúpla sampla a thabhairt dúinn as an leabhar, a Aonghuis? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 111 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 01:39 pm: |
|
|
|
Paul Unregistered guest
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 04:47 pm: |
|
Níor cheannaigh, a Shéamuis... Fanfaidh mé go dtí an scannan atá éisithe. Paul |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1457 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 04:53 pm: |
|
Seans, ach nach bhfuil sé agam anseo: Ach seo ceann deas a ghreamaigh i'm cheann, agus tá Dineen agam: cigire an inspector a spurious word now in common use Agus gar dhó cíoch-loiscthe pap-burnt sf., an Amazon Agus faoin gceannteideal geabaim an rann breá seo: geab-se é is geabórad-sa é féachaint céaca againn is giobaighe geabaighe gheabóraidh é do you prate it and I'll prate and see which of us prates it most pratefully (An cuí thart anseo le tamall) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 39 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 06:38 pm: |
|
Tá an ceart aige (ní nach ionadh) faoi "cigire". Tá cur síos ar stair an fhocail sin ar lch 768 in _Stair na Gaeilge_. GRMA as na samplaí eile! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 40 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 06:38 pm: |
|
Tá an ceart aige (ní nach ionadh) faoi "cigire". Tá cur síos ar stair an fhocail sin ar lch 768 in _Stair na Gaeilge_. GRMA as na samplaí eile! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1462 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 21, 2005 - 04:02 pm: |
|
Tá fhios agam. Botún bunaithe ar an dtuiscint gurbh briathar ann fhéin "chighim" seachas foirm de feicim. Ach nach beacht a chuir síos air! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1469 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 23, 2005 - 04:30 am: |
|
Ó Myles na gCopaleen a chéad thóg mise Fiabhras an Dunnínigh, dála an scéil. Agus traidhfil de blianta ó shin fuair mé cóip de FAD i siopa dara lámh. Is iontach an leabhar é. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 113 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, May 23, 2005 - 11:24 am: |
|
Go raibh maith agat as an tacaíocht, a Phual. |
|