mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (May-June) » Archive through May 20, 2005 » "duine ar bith a bhéarfadh a ghnaithe as an oileán amach é" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 227
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, May 17, 2005 - 03:12 pm:   Edit Post Print Post

“Tá seans go mb’in an t-am a raibh ‘Hata Acla’ annseo ag an bhfearsaid,” arsa duine de na fir eile nár labhair go dtí seo. “Cuirfidh mé geall nár chuala na fir seo ariamh,” ar seisean linne, “aon trácht ar ‘Hata Acla.”
B’éigean dúinn a rádh nár chuala.
“Seo é an chaoi a raibh sé,” ar seisean. “I bhfad ó shoin nuair nach raibh muinntear Acla chomh maith as agus atá siad anois, ná b’fhéidir an dara culaith éadaigh ag cuid aca, bhí hata dubh fágtha annseo ag an bhfearsaid agus duine ar bith a bhéarfadh a ghnaithe as an oileán amach é chuirfeadh sé an hata sin air le bheith ina ‘dhuine uasal’ chomh fada agus a bhéadh sé as baile. Ní raibh hataí chomh fairsing an t-am údaigh agus atá siad anois agus chuirfidhe sunndas san té a d’fheicfidhe le hata air. Ar ndóigh shíl muinntear na h-áite amuigh go raibh hata ar ’chuile dhuine i nAcaill mar nach bhfágfadh aoinne an t-oileán gan an hata a chur air. Nuair a thigeadh an duine sin ar ais d’fhágadh sé an hata san áit a bhfuair sé é ionnus go mbéadh sé ann ag an gcéad duine eile a bhéadh ag fágáil an oileáin. Sin é an chaoi a raibh sé anois agus cuireann sé iongantas orm nár chuala sibh é sin cheana.”

—Séamus Mag Uidhir, "Fánaidheacht i gConndae Mhuigheo" (1944)

(Message edited by Peadar_Ó_Gríofa on May 17, 2005)

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1443
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 09:07 am:   Edit Post Print Post

Fuascail an cheist dúinn, a Pheadair.

Nó nach bhfuil anseo ach blúire ar chuir tú suim ann?

Foirm eile de gnó nó cúram atá i gceist le "gnaithe".

Mar "ghraithe" a fhuaimníonn muintir Chonamara é, más buan mo chuimhne.

Agus na Conallaigh freisin, is cosúil:
fch: http://homepage.eircom.net/~gfg/g.htm

quote:

*groithe, Gnó, cúram, D'iarr sé ar fhear na scéala a chul suas agus a ghroithe a choimead agus a chúrsa a choinneáil.. 472 456. "..duine a sháitheas a ghob i ngroithe dhaoiní eile." 1184 133. cf. *graithe





(Message edited by aonghus on May 18, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 228
Registered: 01-2005
Posted on Friday, May 20, 2005 - 03:07 pm:   Edit Post Print Post

"anyone whose business would take him away from the island" = "duine ar bith a bhéarfadh a ghnaithe amach as an oileán é"

Coibhneas díreach, gan débhrí dá laghad ann.

Peadar Ó Gríofa



©Daltaí na Gaeilge