Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1435 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 17, 2005 - 04:14 am: |
|
Time for some levity Bairille bán, agus dhá saghas bídh ann: Cad é/What is it? Freagra amárach nó amanathar Note: bídh is the genetive of biadh, the old spelling of bia. Still heard in speech. |
|
just guessin' Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 17, 2005 - 06:52 pm: |
|
Bó? Bainne is feoil? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 32 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 17, 2005 - 09:22 pm: |
|
ubh |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1438 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 04:18 am: |
|
Sin é, a Dennis. Ceann níos deacra anois, a chuala ar Cuideachta ar RnaG Cuireadh ceist ar fhear faoi cosúlacht a chuid gasúr. "Tá siad uilig rua, ach beirt. Tá siad uilig fionn, ach beirt. Tá siad uilig fionnrua, ach beirt" Cé mhéad gasúr atá aige? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 546 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 04:28 am: |
|
Déarfainn gur beirt an méid mac atá aige agus gur dubh an dath atá ar a gcuid gruaige faoi seach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1440 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 07:23 am: |
|
Sin a cheap mise freisin, ach tá sin mí cheart! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 547 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 08:10 am: |
|
Then he has one of each. 1 red hed 1 blonde 1 sandy-coloured |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 08:18 am: |
|
Silim go bhfuil an ceart ag Fear. An-cliste. Bain triail as a ceann seo. Tháinig fear gan súile. Chonaic sé úlla ar chrann. Níor thóg sé úlla as. Is níor fhág sé úlla ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1442 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 09:01 am: |
|
Sin é, a Fhir. Tá an ceann eile sin agam. Ach ní thabharfaidh mé freagra air go dtí amárach! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 33 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 01:09 pm: |
|
Tháinig fear gan súile. .i. ní raibh súile aige, ach súil amháin, .i. bhí sé ar leathshúil Chonaic sé úlla ar chrann. .i. ó nach raibh sé dall! Níor thóg sé úlla as. Ach thóg sé úll amháin. Is níor fhág sé úlla ann. Ach d'fhág sé úll amháin. Ní raibh ach dhá úll ar an gcrann ar dtús! By the way, Aongus, you were particularly interested in seeing Modern Irish versions on the Quotations site www.sengoidelc.com I have been slowly adding modern versions, and you should be able to locate them all by entering "modern" as a search term. I just did that and came up with 18 items. |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 01:44 pm: |
|
Ok Dennis! Cén séis Gaeilge a labhraítear ar an nGealach? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 35 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 01:48 pm: |
|
Gaeilge na Mumhan, cad eile? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1444 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 02:54 pm: |
|
Ouch. GRMA, a Dennis, bhíos ag coiméad súil ar an suíomh. Tá seoda thar cuimse agat ann. Abhar leabhair amach anseo?
Tomhas eile, aoinne? (Message edited by aonghus on May 18, 2005) |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 03:35 pm: |
|
Ceann ar nós méaracáin is eireaball as sínte Sin tomas ort anois, is tomhas í go cinnte. Dennis, tá tú ró-chliste! |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 03:39 pm: |
|
Ceann ar nós méaracáin is eireaball as sínte Sin tomas ort anois, is tomhas í go cinnte. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1445 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 03:48 pm: |
|
bior? (poker - táim cinnte go bhfuil focal níos fearr air, ach ní ritheann ceann liom) |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 04:02 pm: |
|
Píopa |
|
Natalie
Member Username: Natalie
Post Number: 120 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 05:01 pm: |
|
Sorry 'bout the English but if I tried translating this for you than you'd never be able to get because you'd never be able to understand it in my "broken-Irish". Anyway, here's another riddle: The man who invented it, doesn't want it. The man who bought it, doesn't need it. The man who needs it, doesn't know it. Natalie
|
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 09:39 pm: |
|
Natalie, An fear a níos é ní chaitheann sé é agus an fear a chaiteann é ní fheiceann sé é. Leaba caol Ceann eile Tá sé amuigh agus tá istigh ach níl se amuigh nó istigh. |
|
Daisy Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 18, 2005 - 09:53 pm: |
|
Is airde é ina shuí ná ina sheasamh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1447 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 19, 2005 - 04:18 am: |
|
Tá sé amuigh agus tá istigh ach níl se amuigh nó istigh. Doras An fear a níos é ní chaitheann sé é agus an fear a chaiteann é ní fheiceann sé é. Cónra?
Gé roimh dhá ghé Gé idir dhá ghé Gé i ndiadh dhá ghé Cé mhéad atá ann?
Ceist a chuir tuatach ar shagart agus theip ar easpag é fhreagairt "Tá deartháir ar deartháir m'athair, agus ní uncail dom an té sin?" |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 19, 2005 - 08:46 am: |
|
Bhí "fuinneog" agam mar fhreagra ach is dócha go bhfuil "doras" ceart freisin. Sea, conra nó leaba caol. Trí gé, a Aonghuis. Ceann i lar dhá cheann eile. A athair féin???? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1450 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 19, 2005 - 11:30 am: |
|
Sin é, a bhean (buille faoi thuairim) an iliomaid leasainmneacha.
Dhá chapall déag bán ar chnoc dearg? |
|
Natalie
Member Username: Natalie
Post Number: 121 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 19, 2005 - 03:06 pm: |
|
"An fear a níos é ní chaitheann sé é agus an fear a chaiteann é ní fheiceann sé é. cónra nó leaba caol" Now, I looked up most of that so I'm assuming that is my riddle translated for me(thanks by the way) and that coffin is the right answer! This is fun...but slightly more challenging for me considering riddles are hard enough when you understand the language they're being presented in...let alone a language I need my trusty dictionary for...Oh well! (Message edited by Natalie on May 19, 2005) Natalie
|
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 19, 2005 - 04:16 pm: |
|
Gafa agat atáimse! Is aoibhinn liom leasainmneacha oiriúncha don "thread" ach ba chór dom is dócha a bheith i mo bhall dlithiúil/dleathach don suíomh seo. Nuair atá an leasainm is oiriúnaí dom faighte agam b'fhéidir. Idir an dhá linn, táim ag smaoineamh ar na dhá chapall déag bán. Daisy, Is airde é ina shuí ná ina sheasamh. Leanbh ina shuí i gcathaoir ard? |
|
Daisy Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 19, 2005 - 11:29 pm: |
|
Uh-uh. Madra. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1451 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 20, 2005 - 04:27 am: |
|
Sin ceann maith, Daisy! Ceann eile: Tobairín fíoruisce ar fíorbharr an tsléibhe Fuinneogín gloine leis is dorasín cré (Ó Corca Dhuibhne an ceann seo, mar sin tá rím idir sléibhe agus cré) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1463 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 21, 2005 - 04:03 pm: |
|
quote:Tobairín fíoruisce ar fíorbharr an tsléibhe Fuinneogín gloine leis is dorasín cré
An freagra: súil |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 25, 2005 - 02:10 pm: |
|
Dhá chapall déag bán ar chnoc dearg? Ar thug tú an freagra sin dúinn fós, a Aonghuis? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1494 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 25, 2005 - 02:58 pm: |
|
Níor dhein Fiacla agus Teanga
Cloigeann gan súil, dhá ghualainn cruinn, agus dhá chos fhada a bhí ag Cuideachta an tseachtain seo chaite Freagra amanathar muna bhíonn sé ag aoinne roimhe. |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 25, 2005 - 04:37 pm: |
|
Taistealaí stuachach Meigeallach fáin A scanraíonn gach éinne Ar chnoc is ar bhán. Bhí mé ag smaoineamh ar fhiacla ach nach mbíonn níos mó na dhá fhiacal déag i mbéal duine? Tá trí chinn déag i mo bhéalsa dá laghad. |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 25, 2005 - 04:38 pm: |
|
Bhí mé ag smaoineamh ar fhiacla ach nach mbíonn níos mó na dhá fhiacal déag i mbéal duine? Tá trí chinn déag i mo bhéalsa dá laghad. Taistealaí stuachach Meigeallach fáin A scanraíonn gach éinne Ar chnoc is ar bhán. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 42 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 25, 2005 - 08:30 pm: |
|
>> Taistealaí stuacach ... An Poc ar Buile? ;-) Maidir le fiacla, tá ortha in aghaidh galar fiacaile sa tSean-Ghaeilge a thosaíonn mar seo: Ad·suidiu mo cetar dét dég i mo chind ar toitem... Fostaím / cosnaím na ceithre fhiacail dhéag i mo cheann ó thitim... |
|
Daisy Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 25, 2005 - 09:36 pm: |
|
Feicim chugam é trid an lios; fear gan léine, fear gan chrios; Fear na coise caoile crua is ar a bhfuil beo faigheann sé bua. |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 25, 2005 - 11:55 pm: |
|
Alléliú! Tá an ceart agat, a Dennis. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1496 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 26, 2005 - 04:03 am: |
|
An Bás, Daisy? Maidir le Fiacla, cé mheid atá thuas ag duine? (Ní cuimhin liom agus taim ró fhalsa iarracht a dhéanamh iad a chomhaireamh.) Maidir leis an fear meigeallach, tá faoiseamh orm nach mise a bhí i gceist! |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 26, 2005 - 07:37 am: |
|
Meigeallach de réir dealraimh, ach ní bhíonn tú ar buille. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1498 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 26, 2005 - 08:56 am: |
|
Tarlaíonn sé. |
|
Daisy Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 26, 2005 - 11:30 pm: |
|
Tá ceart agat, a Aonghuis |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1502 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 27, 2005 - 04:22 am: |
|
quote:Cloigeann gan súil, dhá ghualainn cruinn, agus dhá chos fhada Freagra: Tlú (is cosúil gur maide briste atá ag na Conallaigh air) tlú [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh] uirlis chun breith ar rudaí agus iad a ardú (tlú tine, tlú siúcra). |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 27, 2005 - 04:00 pm: |
|
Teas na gréine, teas na tine. Meallan siad an fhuaim is binne. Cén fhuaim? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1509 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 27, 2005 - 04:17 pm: |
|
Crónán cait? (Cé nach binn liomsa é) |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, May 28, 2005 - 09:36 am: |
|
Crónán cait (teas na tine) agus crónán na mbeach (teas na gréine). Cé go mbíonn na cait sásta go leor amuigh faoin gréine chomh maith. Nílimse i ngrá le cait ach oiread. Níl fhios agam cén fath. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 45 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, May 28, 2005 - 12:38 pm: |
|
Tá seanchat agam, beagnach seacht mbliana déag d'aois anois, agus is cancrán cruthanta é. Tá crónán ollmhór aige a sheasfadh idir dhuine tuirseach agus codladh na hoíche. Is minic a dibríodh as an leaba dá bharr sin. Ach, murab ionann agus madra, ní gá é a thabhairt amach ag siúl maidin agus tráthnóna chuile lá, maith olc an aimsir! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1513 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 28, 2005 - 01:58 pm: |
|
An tusa atá ag an gcat, seachas cat agatsa? A Chá bhfios, nach fuaimeanna a bheadh ann más dhá fhuaim atá i gceist? Nó arbh "cronán" an freagra agus cat/beach an miniú? |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, May 28, 2005 - 02:38 pm: |
|
Cronán an freagair. Ach is féidir an dhá leagan a dhéanamh is dócha. A Dennis, Nuair atá orm siúil amach le mo mhadra (maith olc an aimsir) ligim orm féin go bhfuilim ag déanamah aclaíochta ar son mo shláinte. Mar dhea! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1538 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 01, 2005 - 11:52 am: |
|
Ceann nua ó Chuideachta arís: Chomh mór le capall, agus níos eadroime ná cleite? |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 01, 2005 - 12:01 pm: |
|
Bó dhearg in aice an chlaí D'íosfadh sí a bhfaigheadh sí Ach braon amháin ní thálfadh sí! Táim ag smaoineamh fós ar do cheannsa, a Aonghuis. Cad é sin Cuideachta, le d'thoil. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1541 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 02, 2005 - 04:35 am: |
|
Cuideachta: clár radio or RnaG. Craoltár beo ó na Doirí Beaga é tráthnóna - cloisimse athchraoladh ar maidin go moch. Tine an bó dhearg, nach ea? |
|
Cá bhfios? Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 02, 2005 - 07:34 am: |
|
Sea, tine. Ní Bo Derrick! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1555 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 03, 2005 - 06:47 am: |
|
quote:Chomh mór le capall, agus níos eadroime ná cleite? Scáil an chapaill atá i gceist! Tá daoine ann a dearfadh go spreagadh Bo Derrick an bhó dearg i bhfir airithe... http://www.fainne.org/danlann/bean.html tig ón teas an tol.... |
|