Author |
Message |
Liam Ó Briain
Unregistered guest
| Posted on Wednesday, May 11, 2005 - 03:36 pm: |
|
Tá Ráth Chairn , an Ghaeltacht lamhdhéanta i gContae na Mí 70 bliain ar an bhfód an mhí seo. Ar an 12ú Aibréan 1935 thosaigh cóilíneacht Ráth Chairn. D'aistrigh na teaghlaigh ó Chonamara. Dháiligh Coimisiún na Talún an talamh ar mhuintir na Gaeltachta. Ta an Ghaeilge fós beo bríomhar i measc na ndaoine ceithre ghlúin níos sine ó bhunaigh siad an chéad Gaeltacht. Labhraíonn timpeall 52% (as 1300) an Ghaeilge mar theanga laethúil san áit. I mBaile Ghib cúpla míle ó thuaidh de Ráth Chairn tá Gaeltacht lamhdéanta eile darb ainm Baile Ghib. Rud difriúil idir an beirt acu ná go raibh daoine as trí Gaeltachtaí Maigh Eo, Ciarraí agus Tír Chonaill i mBaile Ghib. Níor thuig siad a chéile agus d'iompaigh a bhformhór ar na mBéarla. Ach fós tá fiche faoin gcéad nó 195 a labhraíonn Gaeilge go laethúil ann. Is trua nár rinneadh a léithéid ar fud na tíre chun an Ghaeilge a spreagadh agus a leathnú. An bhfuil sé dodhéanta é a dhéanamh anois? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1393 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 11, 2005 - 04:54 pm: |
|
Tá. Níl a dothain Gaeilgeoirí fágtha sa ghaeltacht mar atá sé. Caithfear na Gaeltachtaí atá laidir fós a chosaint. Ach de réir ÚnaG, níl ach thart ar 25,000 fós ag labhairt Gaeilge sa teaghlach sna Gaeltachtaí oifigiúla. Ní hionann agus na 30í nuair a bhí na Gaeltachtaí plodaithe agus brú mór daonra le togha na Gaeilge ag lorg talamh nua. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Tuesday, June 28, 2005 - 02:31 pm: |
|
Déarfainn go bhfuil a lán daoine ann ar mhaith Gaeilge a labhairt mar theanga beo bríomhar ach tá siad ina gconaí sa Ghalltacht. Nár dhúirt an daonáireamh tamall ó shin go bhfuil thart ar 1.2 milliún daoine le Gaeilge? Dá gcruthódh Gaeltacht i mBaile Átha Cliath nó Corcaigh, ar rachfadh daoine chuige? Rachfainnse ar aon nós, dá mbeadh an t-airgead agam. Conas a éiríonn an Gaeltacht á chruthú i Mí? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 427 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, June 28, 2005 - 04:21 pm: |
|
>Nár dhúirt an daonáireamh tamall ó shin go bhfuil thart >ar 1.2 milliún daoine le Gaeilge? Muna bhfuil san áireamh ach daoiní atá ábalta "conas atá tú?" a fhiafraí agus giota beag stuife dár fhoghlaim siad ar scoil, níl mórán céille leis a’ daonáireamh sin. Ní hionann sin agus bheith líofa. Níl 1.2 milliún daoiní le Gaeilg in Eirinn ar chor ar bith. Ba chóra gan áireamh a dhéanamh ach amháin leis na daoiní atá ábalta labhairt go líofa nádúrtha: bunadh na Gaeltachta agus cupla míle duine taobh amuigh daoithe, sin a’ méid. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1640 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 29, 2005 - 04:27 am: |
|
An tabhacht leis an bhfigiúr úd ná go dtaispeannan sé go bhfuil bá ag cuid mór daoine leis an nGaeilge. Tá tabhacht leis seo chun stop a chuir le gearradh siar ar achmhainní dos na fíor Gaeltachtaí. Mar shampla, tá Toraigh ar tí an dara múinteoir bunscoile a chailleadh. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 4 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, June 29, 2005 - 01:17 pm: |
|
Níl Gaeilge ag an gcuid is mó de mhuintir na hEireann? Cén fáth? Ar dtús Na Sasannaigh & co. Rialtas na hEireann - polasaithe maithe ach míphracticiúil. Muintir na hEireann - dóibh súid nach bhfuil meas na madraí acu don Ghaeilge agus b'fhearr leo muna mbeadh teanga ann in aon chor. An Coras Oideachais - A leitheid de chur amú ama.. Ag foghlaim teanga ar feadh 13 bliain. Ach fós ní bhíonn an chuid is mó abalta abairt a chur le chéile.. Tá géarghá le h-athrú anseo.. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 428 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, June 29, 2005 - 01:51 pm: |
|
Aontaim leat go hiomlán, a Dhomhnaill. >An tabhacht leis an bhfigiúr úd ná go dtaispeánann sé >go bhfuil bá ag cuid mHór daoine leis an nGaeilge. Tá >tabhacht leis seo chun stop a chuR le gearradh siar ar >aCmhainní dos na fíorGHaeltachtaí. Mar shampla, tá >Toraigh ar tí an dara múinteoir bunscoile a chailleadh. Níl mórán imní orm fá dtaobh do Thoraigh: labhrann siad sin Gaeilg an t-am ar fad, na páistí féin, na déagóirí féin: níl thall ach Gaeilg. Agus go bhfios domh, na teaghlaigh as Toraigh a théas a chur faofa in áiteacha eile leanann siad de bheith ’labhairt Gaeilge le chéile. Tá canúintí eile a gheobhas bás roimhe chionn Thoraí, cibé rud a ghéanfadh ’n Rialtas. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1643 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 29, 2005 - 03:59 pm: |
|
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 429 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, June 29, 2005 - 05:23 pm: |
|
Má théid siad go Gaoth Dobhair nó go Cloch Cheannfhaola, is cuma: tá ’n Ghaeilg láidir ansin. Cibé ’r bith, húradh go rabh scoil eile fágtha ann, nár húradh? |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, June 29, 2005 - 09:34 pm: |
|
A Lughaidh, is fíor duit. Ach bhí méid daoine eile le Gaeilge líofa freisin, ceapaim thart ar ceithre céad míle duine. Níl aon deis acu a nGaeilge a labhairt, ní bhíonn siad ar an idirlín mar muidne, tá teaghlach le tógadh acu agus níl an t-am acu a nGaeilge a labhairt. Má tá deis ann, fiú cumann áitiúl le Gaeilge, d'úsádfadh siad a nGaeilge. Gan an idirlín, ní bheadh seans agam mo Ghaeilge a chleachtadh agus fiú, nílim ag caint, nílim ach ag clóscríobh. Tá na daoine seo i mBleá Cliath go háirithe agus rachfadh a lán díobh ina gconaí i nGealtacht áitiúl má tá ceann ann, ach níl ceann ann agus tá na Gaeltachtaí eile ag dul in olcas de réir mí-aird agus gann cúram. Is ollmhór an scannal é, chomh maith lena lán rudaí. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1644 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 30, 2005 - 04:31 am: |
|
quote:i nGealtacht áitiúl Táimid i nGealtacht, ceart go leor! Cá bhfuilir i mBÁC, a dhalta? Go bhfios dom, a Lughaidh, níl ach an taon bhunscoil i dToraí, ach tá méanscoil acu anois. Pé scéal é, tá an tAire Éadochais [sic] tar éis géilleadh anseo, agus i gcás Inis Méain agus Inis Tuirc fosta. Má chailltear scoil, buailtear buille marfach ar phobal. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 430 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, June 30, 2005 - 11:22 am: |
|
Cibé 'r bith níl suim ar bith aig na hairí sa Ghaeilg, níl suim acu ach ina bhfuil ina sparán. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1647 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 30, 2005 - 12:00 pm: |
|
Ní doigh liom go bhfuil sin fíor faoin gCuívach. maidir leis an gcuid eile, bheul. Ní Maire Ní hAiniféin atá anois ina Aire Éadochais ró olc. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Sunday, July 03, 2005 - 03:35 pm: |
|
Bhuel, cibé faoi mo litriú, is scannal é fós agus ní cheapaim gur maith iad aire ar bith, an ainiféineach san áireamh. |
|