Author |
Message |
Gaeilgeoir
Member Username: Gaeilgeoir
Post Number: 1 Registered: 04-2005
| Posted on Wednesday, April 27, 2005 - 05:31 am: |
|
'Bhfuil duine ar bith ina gcónaí in Philadelphia nó in aice leis an gcathair? Ba bhreá liom comhrá leo a dhéanamh! Le meas, Maidhc/Mike Aithníonn cara i gcruatán.
|
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 222 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, April 28, 2005 - 02:20 pm: |
|
Peadar Ó Gríofa
|
|
Gaeilgeoir
Member Username: Gaeilgeoir
Post Number: 3 Registered: 04-2005
| Posted on Wednesday, May 11, 2005 - 03:56 pm: |
|
Sheol mé r-phost chuchu cúpla seachtaine ó shin agus níor chuala mé rud ar bith ar ais. Is dóigh liom níl suim sa dteanga acu... :-( Aithníonn cara i gcruatán.
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 106 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 11, 2005 - 04:58 pm: |
|
"Aithníonn cara i gcruatán" Cad é an rud a aithníonn sé? Nó an bhfuil 'Aithnítear' uait? Agus 'cruatan,' is dócha. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1394 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 11, 2005 - 05:01 pm: |
|
Is dócha é. Ach an bhfuil galar an cheartaithe tóghta agatsa anois, a Shéamais? Tomhas agam dhuit: dhá trí, agus luch laidine. Cé hé? |
|
Paul Unregistered guest
| Posted on Wednesday, May 11, 2005 - 08:50 pm: |
|
A Ghaeilgeoir, a chara, Tá an ceantar Philadelphia lán le daoine atá cuid mhaith Gaeilge acu, cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí ina measc. Beidh cruinniú maith ar siúl atá eagraithe ag Daltaí na Gaeilge (féach ar “Events” ar an suiomh seo – 28ú Bealtaine) a mbeidh i gConshohocken). Níl sé costasach ‘s beidh béilte den chéad scoth ann. Bain triall as... Paul |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 107 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, May 12, 2005 - 09:57 am: |
|
A Aonghuis, Sin mise, leoga! Sé mus. http://www.minimus-etc.co.uk/ Bhí mé dá cheartú mar bhí botún aige mar shíntiús. I gcásanna eile, déanaim é nuair a dhéanann duine eile gearán faoi locht éigin, gan an crann ina shúil féin a fheiscint. Uaireanta eile, is í an bhailitheacht is cúis leis... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1398 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 12, 2005 - 10:27 am: |
|
Ní raibh mé iomlán daríre. Dála an scéil síntiús = subscription Siniú a bhí i gceist agat, seans? Ní mé ceann ghaeilge a chuirfeadh síos go cruinn ar an nath úd a bhíonn mar chuid uathoibríoch de tchtí dhaoine airithe. Mana, seans? Ní cuimhin liom fhéin cén leagan cheart atá ar an seanfhocal úd. "I gcruatan a aithnítear carad" is dóigh liom.
síntiús [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] tabhartas airgid nó maoine; suim airgid a thugtar chun cúise éigin (mar dhéirc nó ar mhaithe le páipéar, iris agus araile a sheachadadh). mana [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh] comhartha, tuar (mana deor); dearcadh (an mana atá acu dúinn); abairt ghonta chun duine a spreagadh (ar nós Bí ullamh!). (Message edited by aonghus on May 12, 2005) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1399 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 12, 2005 - 10:29 am: |
|
Sin pictiúr dheas díot, a Shéamais ( http://www.minimus-etc.co.uk/ ) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 109 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, May 12, 2005 - 02:05 pm: |
|
Síniú, ceart go leor (nó lorg láimhe, má tá fonn na filíochta ort). Ach rinne mé an botún sin d'aon ghnó, mar chathú duit bheith do mo cheartúsa... ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1401 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 12, 2005 - 04:32 pm: |
|
Mar a dúirt Wilde, is féidir liom cur i gcoinne gach rud ach cathú. Ach is dóigh liom gur mana seachas síniú atá ann. |
|
Maidhc
Unregistered guest
| Posted on Monday, August 08, 2005 - 08:23 pm: |
|
Athnítear cara i gcruatán = "A friend is known in hardship". Dála an scéil, a Phóil, Níl mé ábhailte dul go dtí na 'Events" ó Dhaltaí na Gaeilge mar ní bhíonn busanna poblí ag dul chun áit siad. Sin an fáth a d'fhiafraigh mé do dhaoine i Philadelphia nó in aice leis; níl Conshohocken in aice leis an chathair, i ndáiríre. *osna* Ní bheidh aon ádh orm fad a bhfuil mise anseo, faraor... -Maidhc |
|
Gaeilgeoir
Member Username: Gaeilgeoir
Post Number: 5 Registered: 04-2005
| Posted on Monday, August 08, 2005 - 08:32 pm: |
|
Cgl, rinne mé dearmad go raibh "Gaeilgeoir" an leas-ainm agam ar an suíomh seo...tá tinneas cinn orm. :-/ -Maidhc Aithníonn cara i gcruatán.
|
|