mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » An Ghaeilge a bheas ann feasta « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Colmán
Member
Username: Colmán

Post Number: 7
Registered: 03-2005
Posted on Tuesday, April 19, 2005 - 08:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is léir ón bhfianaise go léir - na figiúirí agus eile - go bhfuil deireadh tagtha leis an nGaeltacht thraidisiúnta. Ní raibh na teorainneacha cruinn go fiú seachtó bliain ó shin, agus níl ciall ar bith leo anois. Tá formhór na ndaoine óga iompaithe ar an mBéarla - go fiú an bheagáin a tógadh le Gaeilge i ndáiríre. Sna cathracha atá an chuid is mó de na cainteoirí líofa, go háirithe i mBaile Átha Cliath, agus is ann a bheas an teanga ag fás feasta, gan trácht ar Mheiriceá agus ar an Astráil. Ní bheidh aon Ghaeltacht eile ann i gceann glúine, agus tá sé chomh maith againn glacadh leis sin. An Ghaeilge 'nua' atá ann tá rian an Bhéarla go láidir uirthi go minic, ach rud nádúrtha é sin agus an scéal mar atá. Má bhíonn Gaeltacht ann feasta is Gaeltacht dhomhanda í. Úsáidimse an Ghaeilge mar theanga de chuid mo thíre féin, an Astráil, beag beann ar pharóistí imigéiniúla na hÉireann.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge