Comhghairdeas le Muintir Liatroma a bhfuil scoil Ghaeilge ceadaithe acu. D'fhógair an tAire inné go n-osclófar Gaelscoil i gCora Droma Rúisc Meán Fómhair seo chugainn. (Tá dhá ghaelscoil eile ceadaithe chomh maith, i Leamhcán agus i bhFionnghlas.)
Bíodh gurb é Liatroim an contae deireanach le Gaelscoil a bhunú, cuimhnímis gur mó i bhfad tionchar na scoile seo ar an bpobal amach anseo, tharla nach bhfuil ach bordáil ar 25,000 duine sa chontae ar fad.
Níor mhiste do chuid againn, muintir na Gaeilge, tréaslú leo le ríomhphost chuig an seoladh thíos:
http://www.leitrimobserver.ie/servlet/ContentServer?pagename=LeitrimObserver/Hom e