Author |
Message |
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 53 Registered: 12-2004
| Posted on Friday, April 15, 2005 - 08:09 am: |
|
Tá ceist agam oraibh: Bainim úsáid as mura an t-am ar fad, cé go dtuigim muna nuair a chloisimse é. Ach an bhfuil siad go hiomlán interchangable? Cén áit a cloistear mura in áit muna? Cad é bhur dtuairimí? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1271 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, April 15, 2005 - 09:11 am: |
|
Tá mura sa bhfoclóir beag, ach níl muna! Níl me cinnte, ach ceapaim gurbh ceist foghraíochta/canúna atá ann. mura [cónasc] más rud é nach, dá mba ea nach (mura bhfuil deifir ort, mura dtiocfá liom, murar bhris tú é; murab ionann iad, murbh éagóir air é). Tá nóta anseo faoi: http://nualeargais.ie/gnag/gram.htm Féach Cab 6, agus téir síos an lch go mura. (Message edited by aonghus on April 15, 2005) (Message edited by aonghus on April 15, 2005) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 271 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, April 15, 2005 - 11:52 pm: |
|
They are interchangeable, just variants of the same word. Chluinfeá mara, mura, muna, mana (thig siad uilig ón tSean-Ghaeilg "maní" < má + ní) srl. Is dóigh liom go ndeirtear "mara" i gConamara, agus muna/mura i dTír Chonaill. Chan cuimhin liom cad é ’bíos acu sin theas i gCorca Dhuíne agus i Múscraí. (Message edited by Lughaidh on April 15, 2005) |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 217 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, April 16, 2005 - 08:42 am: |
|
"Mara" adeirtear sa Mumhain, agus "mur" nó "mura" i Maigh Eo. __________ "But whereas eclipsis after ní remained confined to a couple of verbs, eclipsis after muna spread to all verbs. This extension of eclipsis was due mainly to confusion with mar a, 'where' (pron. marэ, mэrэ; mara bhfuil sé, 'unless he is,' and mar a bhfuil sé, 'where he is,' are pronounced exactly alike. Mac Aingil (1618), who as a rule is careful to employ only the classical form muna, leniting (e.g. muna fhoil, muna fhaghthar, muna thuga, muna ghlacthar), once lets slip from his pen the colloquial mar a bhfaghthar, in the sense of 'if it is not got.' — T.F. O'Rahilly, "Irish Dialects Past and Present" Peadar Ó Gríofa
|
|
|