Author |
Message |
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 48 Registered: 12-2004
| Posted on Sunday, April 03, 2005 - 04:49 pm: |
|
Conas a bhí LBI? Conas a bhí an léacht faoi EZ reader agus an léacht faoi tír na n-óg? Cad eile a bhí ar siúil agaibh? An raibh an aimsir go maith? An raibh éinne ag snámh sa Bhucaneer nó cois trá?? N'fheadair cé a bhí ag fanacht i seomra a hocht. Inis dúinne go léir, muidne nach raibh in ann a bheith libh, mar ní féidir le cuid againne fanacht ar an tuairisc! An bhfuil sibhse go léir ar ais abhaile go fóill nó fós ag blasadh na seaimpéin sa QuarterDeck brunch? Ag tnúth leis an cúlchaint go léir a chloisteáil! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 243 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, April 03, 2005 - 08:07 pm: |
|
áit a mbíonn toit bíonn teinidh áit a mbíonn teinidh bíonn teas áit a mbíonn teas bíonn mná áit a mbíonn mná bíonn geab ;-) (agus áit a mbíonn mná bíonn fir ;-) ) |
|
Rath
Member Username: Rath
Post Number: 18 Registered: 01-2004
| Posted on Sunday, April 03, 2005 - 10:02 pm: |
|
A Chailín, a stór, Bhí an deireadh seachtaine thar barr mar is gnách. Ach d'airíonn muid uait, ar ndóigh. Thug Lúcas léacht faoi Ghaeilge Uladh / Gaeilge na hAlban, agus bhí sé an-suimiúil, fiú amháin go raibh "equipment malfunction" aige. Bhí an ceann ó Pháraic faoi EasyReader go han-mhaith. Is clár an-laidir é EasyReader. Agus an maidin seo rinne muid turas iontach chuig Tír na nÓg le hUaitéar agus Máirín. Ach i mo thuairim féin is iad na ranganna a bhainim an sult is mó as. Bíonn na múinteoirí agus na daltaí go léir chomh dáiríre faoina gcuid Gaeilge. Cé go raibh lascadh báistí againn i rith an lae agus bhí an t-oileán faoi uisce, rinne sé turadh roimh oíche Shathairn. Agus ar ndóigh, bhí oíche galanta againn Dé Satharn agus muide go prúdach péacach - le Lúcas ina fhilleadh beag agus Proinsioisín ina bréagfholt slachtmhar. Tá muid go léir an-bhuíoch de Liam agus Pádraig as an méid oibre a rinne siad an deireadh seactaine seo a chuir le chéile agus an seans seo a bheith báite sa Ghaeilge. B'fhéidir go raibh an aimsir meafar oiriúnach donár gcuid léinn. |
|
Lúcas
Member Username: Lúcas
Post Number: 163 Registered: 01-2004
| Posted on Wednesday, April 06, 2005 - 12:30 pm: |
|
A Chailín, a chara, Buíochas le Dia fá choinne Léimh Easca. Rinne mé léacht fá dtaobh den canúna Uladh i gcomhad Powerpoint. Ar dtús an comhaid chuir mé cúpla comhad fuaimnithe ó Léimh Easca mar shamplaí an difríocht eadar fuaimeanna éigin Ghaeilge Uladh agus na fuaimeanna céanna i gcanúintí eile. Bhí mé iontach sásta liomsa mé féin nuair a bhí mé críochnaithe ach nuair a bhí mise os chomhair lucht na héisteachta, ní raibh mé ábalta an comhad Powerpoint a oscailt. Thug mé teachtaireacht ón ríomhaire nach aithne aige air mar comhad Powerpoint. (Caithfidh mé a Bill Gates a dhúnmarú lá éigin!!!) Thosnaigh mise ag cur allas faitís ní bhéinn in ann aon fhocal a rá gan viewgraphs. D'aithris mé an chéad rann an dáin "Mo Shean Dhun na nGall" mar nach sílinn aon rud eile a rá. Ansin, chuimhnigh mé a rinne coip crua na léachta agus bhí Léimh Easca ag an ríomhaire. Scríobh mé cúpla focal ón choip crua ar leathanach Léimh Easca nua agus bhí mé ag cliceáil ar na fhocail le cnaipí na gcanúintí difriúil. Ní tubaiste iomlán é buíochas le Léimh Easca ach bhí sé uafásach go leor. (Message edited by lúcas on April 06, 2005) Mise le meas, Lúcas Ceartaigh mo chuid Gaeilge, más miste leat .
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 97 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, April 06, 2005 - 01:57 pm: |
|
"Ceartaigh mo chuid Gaeilge, más miste leat." Correct my Irish, if you mind." ? mura miste leat? Nó an bhfuil sé mar seo d'aon ghnó? |
|
Lúcas
Member Username: Lúcas
Post Number: 164 Registered: 01-2004
| Posted on Wednesday, April 06, 2005 - 03:09 pm: |
|
A Shéamais, a chara, B'fhéidir gur fearr "más mian leat" ná "más miste leat." Cheap mé gur ionann ciall eatarthu. Mise le meas, Lúcas Ceartaigh mo chuid Gaeilge, más miste leat .
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 98 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, April 06, 2005 - 04:44 pm: |
|
Ní ionann. 'Mura miste leat,' (if you don't mind) sin dea-bhéasach go leor, agus níos fáiltí, sílim, ná 'más mian leat' (if you want). Nó chun a bheith dána, "má tá sé de mhisneach agat" (If you dare)! |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 51 Registered: 12-2004
| Posted on Thursday, April 07, 2005 - 05:32 am: |
|
Má tá sé de mhisneach agat -- wow, bíonn suim agam é sin a rá i gcónaí a Shéamais! Ach ní bheadh sé riamh de mhisneach agam é sin a rá maidir le mo chuig Gaeilge a mbíonn síor mí-chrúinn, sílim! Ach tar éis cheachta faoi ól agus ithe, a mhúineadh mar shampla is gnáth liom a rá, rud mar: 'Bainigí triall as na habairtí seo um dinnéar sa bhaile nó um lóin san obair amárach má tá sé de mhisneach agaibh! An mbeidh 'Bíodh sé de mhisneach ort . . ' níos láidre, mar 'I dare you . . .'? Molaim do mhisneach go hard, a Lucas! Caithfidh go raibh sé sin fíor dheacair duit. Tá powerpoint iontach, má cuireann sé an béim ar an scaoileann in áit an duine atá ag caint é/í féin, nach gcuireann? Cabhraíonn sé sin liomsa, ach nuair theipeann sé, cuireann sé mé i bpainic, mar fanann gach rud a bhí le rá agam faoi glas sa ríomhaire. Is trua nach féidir le Pádraic leagan Easy Reader a cruthú a dtéann láithreach bonn isteach mo chloigeann -- mar teastaíonn uaim a updates go léir a íoslódáil go díreach isteach ionam! Deirim leis i gcónaí go bhfuilim ag tnúth ar bís leis an dteicneolaíocht seo, mar cúpla chips fíor in éasnaimh i mo chloigeannse! Tá mé cinnte gur bhain gach éinne an-sult go deo as do léacht a Lucas, in aithneoinn bill gates agus na deacrachtaí teicniúla. Luaigh Aonghus ar 'thread' eile gur fearr b'fhéidir gan a bheith ag braith an iomarca ar cláracha mar ER, ach ní dóigh liom go n-oibríonn sé mar crutch ar chor ar bith. Is gnáth liom 'cinntiú litrithe' a dhéanamh ar na teachtaireachtaí mar seo agus bíonn níos lú fhadhbanna (cé go mbíonn fadhbanna fágtha nach bhfeiceann ER, cinnte) gach uair. Go mór mór fadhbanna beaga mar easpa fada nó fada nach gcaithfidh a bheith ann, den chuid is mó. Gan ER, ní bheadh an t-am chun gach focal a cinntiú sa fhoclóir agus fanfaidh mé isteach domhain an stór focail a bhfuil mé lán cinnte de agus mé ag scríobh (agus is domhain fíor bheag é seo!) Feiceann ER fiú fós rudaí a shíl mé go raibh foirfe agus iad scríofa go mí-cheart agam le tamaill fada, is mór mo náire. Réitíonn sé 'fossilized errors' mar a deirtear mar sin, beagán ar bheagán. So, gan ER, ní bheadh sé de mhisneach agam ach post-it note a scríobh ó am go chéile, ach cuireann sé misneach orm leanúint liom! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1245 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 07, 2005 - 09:05 am: |
|
quote:Luaigh Aonghus .... Tuigim dhuit. Ach ba cheart iarracht a dhéanamh gan é ó am go ham. |
|
Lúcas
Member Username: Lúcas
Post Number: 165 Registered: 01-2004
| Posted on Thursday, April 07, 2005 - 11:03 am: |
|
A Shéamais, a chara, Go raibh maith agat. Cheapaim go bhfuil an bealach is fearr an Ghaeilge a fhoghlam nó aon rud a fhoghlam a bhíonn ó ár n-iomraill, má tá sé de mhisneach againn iad a dhéanamh agus má tá sé de mhisneach agaibh iad a cheartú. Mar sin de tá buíoch díot as do cheartú agam. (Message edited by lúcas on April 07, 2005) Mise le meas, Lúcas Ceartaigh mo chuid Gaeilge, mura miste leat .
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 99 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, April 07, 2005 - 02:10 pm: |
|
A Lúcais, Tá an ceart agat! Bíodh misneach ort! A Chailindoll, is maith liom a dóigh a scríobhann tú. Baineann tú feidhm as gach a bhfuil agat, agus is cuma faoi na cúpla focal eile. Lean ort! "..ní bheadh sé riamh de mhisneach agam é sin a rá [maidir le] mo chuig Gaeilge [a mbíonn síor mí-chrúinn] mar gheall ar ... a bhíonn de shíor míchruinn. ionas go mbíonn mo... féachaint go mbíonn... ós rud é go mbíonn... Ach ná bíodh imní ort. Thuig mé thú gan stró. Dála an scéil, tá spell-checker eile ann don Ghaeilge: http://www.cruinneog.com/gaelspell.htm |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 100 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, April 07, 2005 - 02:14 pm: |
|
[áit a mbíonn toit bíonn teinidh áit a mbíonn teinidh bíonn teas áit a mbíonn teas bíonn mná áit a mbíonn mná bíonn geab ;-) (agus áit a mbíonn mná bíonn fir ;-) )] áit a bhíonn (ach níl sé seo ceart sa chás seo) áit ina mbíonn áit mar a mbíonn. Is dócha go dtuigtear an 'ina' nó an 'mar a' sa seanfhocal seo, a Lughaidh? Fuair mé an leagan eile seo de: San áit ina mbíonn toit bíonn tine, San áit ina mbíonn tine bíonn teas, San áit ina mbíonn teas bíonn mná, San áit ina mbíonn mná bíonn gab! http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/seanfhocail/seanfhocail.txt |
|
|