Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 18, 2005 - 10:40 am: |
|
GRMA a Aodhagáin as an nasc ailt sin. Tharraing dul chun cinn na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame m'aird le breis is bliain anuas, tharla an t-earcú mór ar bun acu san am. Ba léir go raibh tiomáint chun gnímh ar bun acu. Is dóigh liom gur ceann de dhea-ghnéithe na linne seo i dtaca le dul chun cinn na Gaeilge é an borradh seo faoin nGaeilge i bhforas oideachais 3ú leibhéal i Meiriceá. Is cuma an t-alt a bheith mar a bhíonn altanna nuachtáin, ní dhlífinn a mhalairt de na nuachtáin i Meiriceá ná in Éirinn. Is cuidiú lenár gcás an scéala seo, gan amhras ar bith. Breathnaigh: ... This year, 882 undergraduate students are taking at least one class in Irish studies, including 155 in Irish language. That's up from 2002-03, when 150 students enrolled in Irish studies classes and 96 students signed up for Irish language. Thar cinn uilig. Is éacht thar na beartaibh an méid sin a bheith tosaithe ar an nGaeilg in aon ollscoil agus níl ann ach an tús. Guím gach rath ar an obair sin. Gaelainn don gcuid is mó, dála an scéil, a thiocfaidh as an Notre Dame, tá a fhios agaibh a chairde, rud suntasach ann féin. Is fíor gur maol guala gan Mháthair (Dame)! |