Author |
Message |
Seanog
Member Username: Seanog
Post Number: 10 Registered: 03-2005
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 04:28 pm: |
|
Tá mé ag déanamh Gaeilge don Ard Léibhéal (sna 6 chondae) agus nuair a bhfuil tú ag foghlaim stuif nua an t-am ar fad, tchí tú rudaí áirithe nach dtuigeann tú, mar is eol daoibh! An dtig le duine ar bith giota cuidiú a thabhairt dom? 1. An iad "tá faic le déanamh" agus "níl faic le déanamh" an rud céanna? 2. Ar cheart duit a rá: "tá mé ag dul an litir seo a scríobh" - nó - "tá mé ag dul a scríobh an litir seo"? Chuala mé an bheirt acu ó daoine éagsúla. An rud Uladh é, b'fhéidir? 3. Cad é mar a déarfá, "not really" i nGaeilge? Go raibh míle maith agaibh! - Seán Ó Treasaigh
|
|
Somhairle
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 05:45 pm: |
|
Déanfaidh mé iarracht cuidiú a thabhairt dom... 1. Bain úsáid as "faic" sa dhiúltach. Mar sin: Níl faic agam a dhéanamh 2. Tá an struchtúr ceart: "Tá mé ag dul an litir seo a scríobh" Silim! De ghnáth, tagann an ainm briathartha ag deireadh na habhairt. 3. Níl a fhois agam faoi sin! Tá mé buartha! Is féidir go ndearna mé dearmad orthu, mar sin, fán go dtí freagraítear. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1150 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 05:55 pm: |
|
Braitheann (2) ar an bhéim a theastaíonn uait a chuir - ar an litir (1 sampla) nó ar an scríobh (2 sampla). Maidir le 3, b'fhearr liom abairt a fheiscint. Maidir le 1) "Ní faic a dhéanamh agam" a bheadh agamsa. |
|
Dundas Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 06:48 pm: |
|
"Tá mé ag dul a scríobh an litir seo" nó "tá mé ag dul a scríobh na litreach seo." Cad é mar a déarfá, "not really" i nGaeilge? Ní i nGaeilge a déarfainn é, ach i mBéarla. Maidir le 1) "Ní faic a dhéanamh agam" a bheadh agamsa. "Níl faic le déanamh agam." |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 200 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 09:34 pm: |
|
Deirfinn féin "tá mé a’ dul a scríobh na litreach seo". Not really > deirfinn "chan/ní go díreach" (ach braitheann sé ar an abairt). Agus "níl faic le déanamh agam". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1151 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, March 17, 2005 - 10:19 am: |
|
Ní ionann "Níl faic a dhéanamh agam" -> (I'm not doing anything (now)) agus "Níl faic le déanamh agam" (I have nothing to do). |
|
'dj@ks Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 17, 2005 - 10:31 am: |
|
Níl faic le déanamh agam ach ól Guiness inniu! Beidh mé ag damhsa ar an 'dancefloor' anocht leis na mná! "Boogie na Gaeilge!" |
|
Seanog
Member Username: Seanog
Post Number: 11 Registered: 03-2005
| Posted on Thursday, March 17, 2005 - 08:17 pm: |
|
"Chan go díreach" Taitníonn sin liom! Níl a fhios agam cad chuige nár smaoinaigh mé air riamh! Go raibh míle maith ag achan duine don chuidiú! A Chríost, an raibh duine ar bith as Béal Feirste sa Devenish inniu? Dubh le daoine go hiomlán a bhí sé! - Seán Ó Treasaigh
|
|