Duties arís:
Duty (paid on goods) Dleachta
Duty (to do) dualgas
Is ionann Freagrachtaí agus responsibilities.
http://www.csis.ul.ie/focloir/ dleacht [ainmfhocal baininscneach den tríú díochlaonadh]
rud atá dlite nó ag dul do dhuine; táille (dleacht údair, dleacht cumadóra); (leis an gcopail) dlite (is dleacht dom é).
dualgas [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
ceart nádúrtha; gnáth-tháille nó luach saothair (do dhualgas a íoc); aon rud atá le déanamh (do dhualgas do Dhia); diúite (saighdiúirí ar dualgas).
Dála an scéil, an moladh a tugadh dhomsa agus mé ag cuir CV le chéile ná
gan liosta dualgaisí/freagrachtaí a chuir síos; ní hionann dualgas a bheith ort rud a dhéanamh, agus é bheith déanta agat:
Mar sin:
Cuntóir díolacháin
* Chabraigh mé le custaiméirí na hearraí a bhí de dhíth orthu a aimsiú
* Rinne mé stoc a chur in eagar
* Choinnigh mé an siopa néata
Braithim go bhfuil an stuif seo ar fad an-teibí - glacaim leis go mbeidh do CV níos cruinne, le samplaí.
Ní dóigh liom gur féidir "Sealbhaím" a úsáid mar bhriathar sa chaoi a rinne tú.
Tá ceadúnas X agam - is leor sin.