Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1125 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, March 14, 2005 - 05:10 am: |
|
Ó suíomh Dennis: http://www.sengoidelc.com Seo m'iarrachtsa leagan nua Ghaeilge a chuir ar roinnt nathanna. Seans go mbeadh Dennis sásta glacadh leo, má cabhraíonn sibh liom snás a chuir orthu: Colla dem inchaib! As mo radharc Fé amae! Mo léan ghéar |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1126 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, March 14, 2005 - 05:13 am: |
|
Seo ceann simplí: Ní hansae Ní hansa! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1127 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, March 14, 2005 - 05:16 am: |
|
Ba cloch i n-inad uigi sin Ba chloch in ionad uibhe sin. Níl sin sa chaint go bhfios dom; ach is ceart go mbeadh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 18 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 14, 2005 - 09:09 pm: |
|
Feicim go bhfuil obair le déanamh agam! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 19 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 14, 2005 - 09:55 pm: |
|
Seo rud nua duit, a Aonghuis: chuir mé leathrann le Dáibhí Ó Bruadar, file a scríobh i Nua-Ghaeilge sa 17ú céad, i gcomparáid leis an rann a thosaíonn "Cid bec, mét frigi, do locht...". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1132 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 04:40 am: |
|
Go deas. "A chéillidh" - an é sin "a dhuine ciallmhar"? Níl dineen in aice liom díreach anois... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 20 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 02:00 pm: |
|
Caithfidh gurb é sin é. Is aidiacht é de ghnáth, "céillí" i litriú an lae inniu. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 21 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 04:21 pm: |
|
Haigh arís, a Aonghuis, Féach an méid Nua-Ghaeilge a chuir mé leis na cinn seo anois díreach: Uch a lám... Ba gat imm gainem. Trí búada insci... www.sengoidelc.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1137 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 04:39 pm: |
|
Táid blasta! http://www.sengoidelc.com/node/23 Céard é "Idir bhoidrisg" agus coidreamh (caidreamh?) http://www.sengoidelc.com/node/180 Tá leagan eile de sin feicthe agam áit éigin. rachfaidh mé sa tóir air... http://www.sengoidelc.com/node/133 |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1138 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 04:47 pm: |
|
Dán sách fada atá ann "Slán don leabhar" le Ristéard Pluncéad. Uimhir 257 i bFilidheacht na nGaedheal, Ó Canainn, 1940. Tá sé déanach anocht, ní gheobhaidh tú uaim ach dhá rann... Is truagh an scéal, a leabhairín ghrinn, Tiocfaidh aimsear le do ré, A mbeidh do scríobhnóir sinte i gcill is ar a chionn cuid mhór de'n chré.... Tá roinnt rainn eile, agus freagraíonn an leabhar... Níl mé gan searcas, a chara croidhe, is rachainn síos leat ins a' gcill, acht go mb' fhearr dhuit mise ag neach sa gcrích a bhéadh ag guide ort le mo linn
Ach i ré seo an eolas fairsing ag gearrsaolach .... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 22 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 11:41 am: |
|
GRMA as na rannta leis an bPluincéadach. Maidir le "boidrisg", tá an míniú seo ag O'Rahilly: boidrisg (var. bodraisg) 'a set of ignorant but pretentious people'. From 'bodaire' or 'boidire', with the ending of 'gráisg, gram(h)aisg'. Lán gaid do ghaineamh thrágha, nó beart gaoithe ar ghualainn, greann dá chur i gcoidreamh idir bhoidrisg do dhaoine duairce. Agus dhá leagan eile: ... dán dá chur i gcoidreamh do bhodruisg gan suairceas. ... ionann is greann do labhairt i measg daoine tuaithe. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1146 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 12:21 pm: |
|
Bhí tuairim agam go mbeadh bodaigh de short éigin i gceist. Focal dheas atá ann. Dia idir sinn agus bheith i measc boidrisg. (Débhrí airithe ansin). ach conas a cuirtear dán i gcoidreamh? é a rá, is docha. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1149 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 05:44 pm: |
|
Feicim i Dineen gurbh ionann coidreamh agus caidreamh. |
|
An_míoch_mealltach
Member Username: An_míoch_mealltach
Post Number: 3 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 17, 2005 - 03:53 pm: |
|
An bhfuil sé i gceist agat na leaganacha sa Nua-Ghaeilge a chur ar an suíomh Dennis? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 23 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 17, 2005 - 05:09 pm: |
|
Má tá leagan Nua-Ghaeilge ann cheana féin, nó rud éigin eile i dteanga an lae inniu atá cosúil leis an sliocht atá agam ón tseanlitríocht, nó bainteach leis, ba mhaith liom é sin a chur leis an iontráil. Níl sé ar intinn agam, áfach, chuile shliocht a aistriú go Gaeilge. |
|