mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (March-April) » Archive through March 22, 2005 » Ceist faoi "cloisfear" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1103
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 11:32 am:   Edit Post Print Post

An é seo an leagan sintéiseach de "cloisfidh tú" chomh maith le bheith ina Shaorbhriathar?

Arbh ionann "caithfear" agus "caithfidh tú" sa dóigh céanna?

Tá iarracht de mhearbhall orm - tagann meadhrán orm má dhírím ar smaoineamh ar gramadach....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

teresa dougherty both
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 11:47 am:   Edit Post Print Post

Cah. could you tell us what this is?
one of our patrons from sligo was looking to see if we could send her one to replace the one her sick daughter had lost.
we do work supporting the franciscan friars.
we are located just out side new york city.
we would very much like to send one to this woman if we can get it but our only corespondance with her is by mail so i thought this may be faster.
thank you so much
terrie both

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 10
Registered: 02-2005
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 11:51 am:   Edit Post Print Post

Haigh, a Aonghuis,

-fair nó -fir an foirceann san aimsir fháistineach, so cloisfir = cloisfidh tú. "Táite" a thugann na gramadóirí ar a leithéid, seachas "sintéiseach", agus "scartha" ar an tseift eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 192
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 07:30 pm:   Edit Post Print Post

A Aonghas, cad chuige ’gcuireann tú ’n cheist sin? Nach ndéanann tú duifear san fhuaimníocht eadar -fear agus -fir?
Ghnímse féin: deirfinn -fear /hэr/ agus -fir /hэr’/.


Cha dtuigim cad é 'tá Teresa a mhaíomh thuas.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1105
Registered: 08-2004
Posted on Friday, March 11, 2005 - 04:07 am:   Edit Post Print Post

GRMA Dennis. Níor rith an focal úd "táite" liom. Bhíos tar éis stracfheachaint a chaitheamh ar www.braesicke.de - úsáideann seisean "synthetisch" sa Ghéarmáinís.

A Lughaidh, bíonn difear ann gan amhras. Ní ghnímse analís ró dhomhain ar a léithead, áfach. Innealtóir mé seachas teangeolaí.

Ba mhaith liom tuairim Sheosaimh Mhic Muirí a chlos ar seo, áfach - creidim go mbíonn "cloisfear" seachas "cloisfir" le clos ó dheas. Seans go bhfuil dul amú orm.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1107
Registered: 08-2004
Posted on Friday, March 11, 2005 - 04:20 am:   Edit Post Print Post

Cén foirceann atá san aimsir gnáth láithreach?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, March 11, 2005 - 08:35 am:   Edit Post Print Post

.. go mbíonn "cloisfear" seachas "cloisfir" le clos ó dheas.

Bail ó Dhia ort a Aonghuis,
Do chuala 'r' chomh caol ag roinnt daoine i gCorca Dhuibhne le háit ar bith eile in Éirinn, Maigh Eo san áireamh, sa méid go gcloisfir /s'/ acu fiú amháin ina ionad.


.. Cén foirceann atá san aimsir gnáthláithreach?

An rud céanna gan -f- an Fháistinigh: cloisir = cloiseann tú.
An té a gheobhaidh greim ar Myles Dillon, an seanleagan de TYIrish, tá gliomach aige.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1108
Registered: 08-2004
Posted on Friday, March 11, 2005 - 09:05 am:   Edit Post Print Post

Tá mearbhall orm fós, a Sheosaimh!

Nuair a bhíonn "Cloisfear" in úsáid agatsa go hairithe, an saorbhriathar a bhíonn ann i gconaí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, March 11, 2005 - 09:23 am:   Edit Post Print Post

Gabh mo leithscéal má thá. 'Sea, saorbhriathar a Aonghuis. An bhfacais as alt agam é i mball éigin?

B'fhéidir gur br. sr. A. Fháist. i gcás A. Láithr. an Bhéarla 'one hears' a chur ar an bhfóidín meartha thú, níl a fhios agam, ach is gnás liom san. Gné an bhriathair is bun leis an gcleas san.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1110
Registered: 08-2004
Posted on Friday, March 11, 2005 - 10:17 am:   Edit Post Print Post

quote:

Gné an bhriathair is bun leis an gcleas san.



Ar mhiste leat ar bhéagan focal sin a mhiniú dhom?


Sé an chaoi gur thuig mé cad a bhí a rá agat, ach téim ar strae nuair a dheinim iarracht an bunús gramadaí a thuiscint.



©Daltaí na Gaeilge