Tá "aiscothú" feicthe cúpla áit agam mar aistriú ar "feedback".
Ach ní maith liom é, toisc:
ní bia ata i gceist le "feed" sa chás seo: téarma innealtóireachta atá ann.
http://dictionary.reference.com/search?q=feed quote:To provide for consumption, utilization, or operation: feed logs to a fire; feed data into a computer.
To supply with something essential for growth, maintenance, or operation: Melting snow feeds the reservoirs.
Ní dóigh liom go bhfreagraíonn "cothú" don ciall seo
Rueckkopplung atá sa Ghearmainís ar seo: i. ceangail siar
Píosa de comhartha a thomhas, agus feidhm a bhaint as chun an comhartha a dhéanamh níos foirfe, a bhíonn i gceist ó thaobh na hinnealtóireachta de.
An ghnáth ciall (lasmuigh den innealtóireacht) atá leis i mBéarla na linne seo ná "Tabhair dom do thuairimí ar a bhfuil déanta/ráite agam"
Is dóigh liom go bhfreagraíonn "aiseolas" do seo. (ar ndóigh, bheadh "aisfhreagra" mí chuí!).
Tuairimí eile, le bhur dtoil! Bíonn deacrachtaí ann nuair a théann Béarlagar theicniúl isteach sa Bhéarla, agus go mbíonn brí coiteann leis a shleamhnaíonn isteach i dteangacha eile ina dhiadh ar shlí a bhriseann an bun nasc.