|
|
|
Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 453 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 06:29 am: |
|
Tá a léithéid seo a leanas feicte agam riamh: Maidir leis an leabhar s'agamsa nó rud éigin mar sin. Cad is brí leis? Ní thuigim an chaoi gur féidir an brí seo a leanas a bhaint as: Maidir leis an leabhar atá agamsa |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1093 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 07:06 am: |
|
seo agamsa -> s'agamsa Maidir leis an leabhar s'agamsa -> with regard to this book of mine Ní airithe atá i gceist, gur liomsa ar slí cinnte é. |
|
Seán a' Chaipín Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 10:15 am: |
|
Also, when people talk about a member of their family, they say e.g. Séamas s'againne - "our Séamas". They pronounce it with a "sug" sound, you can hear it here: "Bhí fear in a chónaí ar an bhaile s'againne a dtugadh siad Micheál Ruadh air." http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/sf/sceal01.mp3 |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 454 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 10:34 am: |
|
quote:"Bhí fear in a chónaí ar an bhaile s'againne a dtugadh siad Micheál Ruadh air." So what we've got is: A man was living in this house of ours whom they called Micheál Ruadh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1095 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 10:45 am: |
|
baile = town, village sá chás seo. Treisiú atá i s'againne / s'agamsa |
|
Seanog
Member Username: Seanog
Post Number: 7 Registered: 03-2005
| Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 01:38 pm: |
|
Is breá liom an bhlas Dún na nGall ansin san MP3 - Gaeilge Uladh abú!! - Seán Ó Treasaigh
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 184 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 08:59 pm: |
|
In the words agam againn etc, the ag- is always pronounced ug- in Ulster (as in Old Irish). |
|
Seanog
Member Username: Seanog
Post Number: 8 Registered: 03-2005
| Posted on Thursday, March 10, 2005 - 08:34 am: |
|
Another thing I've noticed, being a speaker from Belfast, is that Ulster Gaeilgeoirs very often pronounce 'mh' and 'bh' as a "wuh" sound as opposed to the western and southern "vuh". I find it interesting comparing the dialectic differences in the language. And yes, Ulster speakers definitely say "ugam" for 'agam' etc. - Seán Ó Treasaigh
|
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 10, 2005 - 09:02 am: |
|
>>>In the words agam againn etc, the ag- is always pronounced ug- in Ulster (as in Old Irish). >>>And yes, Ulster speakers definitely say "ugam" for 'agam' etc. Ní fíor sin. Cloisfear défhoghar chomh maith in áit an ‘g’ i lár gutaí: /eim/ a deir cainteoirí dúchais go leor i dTír Chonaill le 'agam', /eiN'/ le 'againn' agus mar sin de: /eit/ agat, /eiv'/ agaibh. Cloisfear mar a chéile 'taghairt' ar ‘tagairt’ agus 'saghart' ar ‘sagart’, ‘chugham’ ar ‘chugam’, ‘chughat’ is mar sin de. Is liosta le háireamh na samplaí eile nach mbacfad leo anseo. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 190 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, March 10, 2005 - 09:52 am: |
|
>Another thing I've noticed, being a speaker from >Belfast, is that Ulster Gaeilgeoirs very often >pronounce 'mh' and 'bh' as a "wuh" sound as opposed to >the western and southern "vuh". I find it interesting >comparing the dialectic differences in the language. >And yes, Ulster speakers definitely say "ugam" >for 'agam' etc. We pronounce mh and bh like wuh sound when they’re BROAD. When they’re slender we pronounce them like a vuh- sound. As far as I know, it’s the same in Connaught. Only Munster Irish has vuh-sounds everywhere (and there’s distinction between a broad v and a slender v). >>>In the words agam againn etc, the ag- is always pronounced ug- in Ulster (as in Old Irish). >>>And yes, Ulster speakers definitely say "ugam" for 'agam' etc. >Ní fíor sin. Cloisfear défhoghar chomh maith in áit an ‘g’ i lár gutaí: >/eim/ a deir cainteoirí dúchais go leor i dTír Chonaill le 'agam', /eiN'/ le 'againn' agus mar sin de: /eit/ >agat, /eiv'/ agaibh. That is true in Gleann Cholm Cille and in Teilinn. Elsewhere it isn’t. In Northwestern Donegal, we say ugum, ugud, eige, eici, ugainn, ugaibh, ucú. >Cloisfear mar a chéile 'taghairt' ar ‘tagairt’ agus 'saghart' ar ‘sagart’, ‘chugham’ ar ‘chugam’, ‘chughat’ is mar sin de. Is liosta le >háireamh na samplaí eile nach mbacfad leo anseo. Chan go díreach: fuaimníthear "tagairt" mar /tajэr’t’/ agus sagart mar /sajэrt/ i gcuid den Chondae, ach maidir le "chughat", char chuala mé sin ach amháin i gCúige Mumhan (chúm, chút...) - ar a laghad cha ndeirtear in Iarthuaisceart Thír Chonaill é (deirtear hugam, hugad, huige...). Ní cóir riail a dhéanamh dó sin siocair nach bhfuil sé fíor ins a’ chuid is mó den Chondae. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 10, 2005 - 10:13 am: |
|
Breith do bhéil féin ort: >>> Ní cóir riail a dhéanamh dó sin siocair nach bhfuil sé fíor ins a’ chuid is mó den Chondae. In the words agam againn etc, the ag- is ALWAYS pronounced ug- in Ulster (as in Old Irish). >>> Elsewhere it isn’t. Meas tú anois? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 193 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, March 10, 2005 - 07:44 pm: |
|
Tá dúil agat ina bheith ’g argóint, a Sheosaimh, scríobh mé sin siocair gur mar "ug" a fhuaimníos a’ chuid is mó do chainteoirí Thír Chonaill. tá mé i ndiaidh súil a thabhairt ar an LASID agus cad é ’chonaic mé ann ach nach rabh ’n fhuaimníocht /ei-/ ar (in "agam, agat" srl) ach amháin i dTeilinn, chan i mbaile bheag Mhín a’ Chearbhaigh atá cupla ciliméadar ó thuaidh ó Theilinn. Má fhaightear fuaimníocht "ug-" in achan áit de Thír Chonaill ach amháin i mbaile bheag amháin, bhuel is dóigh liom go bhfuil mo ráiteas níos comhgharaí don fhírinne ná do chionnsa, tá brón orm. >/eim/ a deir cainteoirí dúchais go leor i dTír Chonaill >le 'agam', /eiN'/ le 'againn' agus mar sin de: /eit/ >agat, /eiv'/ agaibh. a scríobh tú. >That is true in Gleann Cholm Cille and in Teilinn. >Elsewhere it isn’t. Féach thuas, taobh amuigh do Theilinn ( atá i bparóiste Ghleann Cholm Cille) níl sé fíor. Mar sin, measaim anois go raibh ’n ceart agam. Nach raibh? |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 11, 2005 - 06:26 am: |
|
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 07:44 pm: ---------------------------------------------------- >>> Tá dúil agat ina bheith ’g argóint, a Sheosaimh, Ní fíor sin in aon chor. Níl aon ní is míthaithneamhaí liom. Deirtear liom, agus chualas á rá fúm, go bhfuil bealach deas cabhrach liom. Tabharfair faoi deara, ach an chartlann a chuardach, nár cheartaíos Gaelainn aon duine ó thosaíos ar an gclár so blianta ó shin. Is ag cabhrú le daoine a bhím. Má chuirtear ceist, freagród. Feicim ráitis go leor a chuireann muintir an chláir ar míthreoir ach is cuma liom iad. Scaoilim leis an gcuid is mó díobhsan. Is fearr go mbeadh daoine ag cur is cúiteamh. Scéal eile is ea ráiteas mí-eolais a thabhairt go diongbháilte gan chúiteamh. Is gá a bheith ceadmhach do laigí an duine eile agus is gá a bheith eolach ar ár gcuid laigí féin. >>> scríobh mé sin siocair gur mar "ug" a fhuaimníos a’ chuid is mó do chainteoirí Thír Chonaill. Abair amach é mar a déarfadh fear ceart: scríobh mé sin = scríobh mé 'ALWAYS' >>> tá mé i ndiaidh súil a thabhairt ar an LASID 1. Is léir gur súilín cam a chaithis ar LASID agus go gcaithfir súil a chaitheamh air in athuair! >>> agus cad é ’chonaic mé ann ach nach rabh ’n fhuaimníocht /ei-/ ar (in "agam, agat" srl) ach amháin i dTeilinn, chan i mbaile bheag Mhín a’ Chearbhaigh atá cupla ciliméadar ó thuaidh ó Theilinn. 2. Mícheart! Gabh ar ais go pointe 1. >>> Má fhaightear fuaimníocht "ug-" in achan áit de Thír Chonaill ach amháin i mbaile bheag amháin, bhuel is dóigh liom go bhfuil mo ráiteas níos comhgharaí don fhírinne ná do chionnsa, tá brón orm. 3. Mícheart arís! Bíodh brón ort nó ná bíodh brón ach caithfidh tú gabháil ar ais go pointe 1 mar go bhfuil 'do ráiteas' chomh fada ón bhfírinne is bhí riamh. >/eim/ a deir cainteoirí dúchais go leor i dTír Chonaill >le 'agam', /eiN'/ le 'againn' agus mar sin de: /eit/ >agat, /eiv'/ agaibh. >>>a scríobh tú. 4. Is fíor an ráiteas sin agus is léir nár lonnaigh do shúil sách fada air: >/eim/ a deir cainteoirí dúchais GO LEOR i dTír Chonaill >le 'agam', /eiN'/ le 'againn' agus mar sin de: /eit/ >agat, /eiv'/ agaibh. >That is true in Gleann Cholm Cille and in Teilinn. >Elsewhere it isn’t. 5. Elsewhere it isn't? Mícheart arís. Gabh ar ais go pointe 1. >>> Féach thuas, taobh amuigh do Theilinn ( atá i bparóiste Ghleann Cholm Cille) níl sé fíor. 6. Níl sé fíor dar leat agus LASID agat? TÁ SÉ FÍOR! Las an solas go bhfeicfir LASID! >>> Mar sin, measaim anois go raibh ’n ceart agam. Nach raibh? 7. Mar is nós leat, meas tú gach barr maise a bheith ar do leagan saoil. Cén fáth an cheist mar sin? Gabh ar ais go pointe 1 go bhfaighir léaró an eolais. Mholfainn duit fairis LASID, deisceart, lár agus TUAISCEART Thír Chonaill a shiúl chomh maith más spéis leat Gaeilg Thír Chonaill. Tuigfir ansin an aiféala a bhuail Heinrich Wagner, ollamh agus fear uasal, nár fhan sé ní ba fhaide le go bhforbródh sé éisteacht na Gaeilge níos fearr ann féin sular chrom sé ar LASID a thiomsú. B’fhéidir go bhfoghlaimeofá níos mó ná foghraíocht uaidh dá mbeadh an fear uasal sin ar an bhfód, an teangeolaí a bhí in ann daoine a thabhairt leis ar a mhodhúlacht is ar a dhea-mhúineadh. Tá a fhios agam roinnt de na haltanna a léigh tú agus roinnt de na déithe beaga, sé nó seachrán, a adhraír faoi láthair. Mholfainn duit iompú ar ais. Tá an saol athraithe agus ní ghlacfaidh muintir na Gaeilge, foghlaimeoirí ná eile, leis an mbíobhlachas gramadaí ba dhual do chuid díobh sin feasta. (Breathnaigh altanna Sheáin Uí Ruadháin agus litreacha Mhuiris Uí Dhroighneáin i FEASTA sna 1930aidí fágaim.) Má choinnír ort ag ceartú agus ag forcheartú, is é an chaoi go léireofair gur francaí ná briotánach thú ó dhúchas. Ní as an aer a tharraing sinn an aidiacht ‘francaithe’ i n-éis an tsaoil. Na Briotánaigh ba aithne domsa, ba fhéile agus ba fhearúla iad ná go leor lena n-ais. Tá níos mó i gceist le bheith ‘gaelach’ ná cruinneas agus líofacht na Gaeilge. Tá Gaeilg bhreá agat, bail ó Dhia ort, ach scaoil leis an bpobal a rogha ní a scríobh a Lughaidh. Mura dtaitníonn leat, cabhraigh leo nó croith deannach do chos orthu agus fág mar atháid, ach as ucht Dé ná céas le 'ceartscríobh' na Gaeilge iad. Ní hé nach bhfaca muinn ár sá de sin le dhá ghlúin sula dtáinig tú. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 194 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, March 11, 2005 - 10:52 am: |
|
Gabh a ghlacadh do LASID, céad imleabhar, foscail é ar a' leathanach 10. Ar bharr a' leathanaigh tchífidh tú gur "agut" agus "aca, ocú" atá i gceist ar a’ leathanach sin. Amharc ar Thír Chonaill agus ar na leaganacha atá acu. Cuartaigh cá háit a ndeirtear /eiэd/ agus chan fheiceann tú ach ins a’ phointe 86 é: Teilinn. Bhuel tá ’n fhuaimníocht sin ar fáil i nGleannbharr i bhFánad fosta, ACH de réir a scríobhann Wagner sa bhliain 1954("only a few natives speakers have survived here. Our informant could not speak the language fluently") tá a bport seinnte ag na Gaeilgeoirí sin uilig anois, deich mbliana ’s dá fhichead ’na dhiaidh sin. Mar sin, cá háit a gcluintear anois an fhuaimníocht sin? Chan ach i dTeilinn, sin a’ méid. >/eim/ a deir cainteoirí dúchais GO LEOR i dTír Chonaill An baile beag amháin "go leor" agat? Ní "go leor" sin ar chor ar bith nuair nach bhfuaimníonn a’ chuid is mó do na hUltaigh inniu mar sin é - achan áit i dTír Chonaill taobh amuigh de bhaile bheag Theileann. Áit ar bith eile chan fheiceann tú é. >Mura dtaitníonn leat, cabhraigh leo nó croith deannach >do chos orthu agus fág mar atháid, ach as ucht Dé ná >céas le 'ceartscríobh' na Gaeilge iad. Bhuel tá ’s ag an tsaol mhór anois nach féidir teangaí a dh’fhoghlaim muna gceartaíonn duine ar bith teangaí na bhfoghlaimeoirí. Agus anois is léir go bhfuil cuid mhór cainteoirí agus múinteoirí féin nach gceartaíonn caint na bhfoghlaimeoirí, sin a’ fáth a bhfuil a’ méid sin meancóg acu agus nach dtéid siad chun cinn ach go mall - má théid. Nach miste leat go bhfuil níos mó droch-Ghaeilg le cluinstean in achan áit ná Gaeilg bhlasta chruinn? Agus go háiríd, nach bhfuil ach daoiní le droch-Ghaeilg (chóir a bheith) mar phatrún do na foghlaimeoirí in áit lucht na Gaeltachta? |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 05:26 pm: |
|
Is ionadh liom lch. 10 LASID a bheith faoi do láimh agat gan teacht ar a thuilleadh pointí, seachas 86 agus 70, nach bhfuil 'ugat' ar obair acu ina gcuid Gaeilge. Táid ann. Roghnaigh tú Gleann Bhairr le trácht air mar gurb shin a d'fheil duit agus sheachain an baile taobh thíos de, pointe 69 Baile Fuaruisce, ar an údar, caithfidh sé a bheith, nár fheil. Tá an trácht go díreach os cionn trácht ar phointe 70 ar lch. xx: Irish is still spoken in this village, but nowhere else in the whole peninsula. Is ionadh eile nár lonnaigh do shúil ar an gceathrú pointe, pointe 67, Reachlainn, Co. Aontroma. Sin ceithre ionad in Ultaibh a raibh an défhoghar ina chúiteamh ar an 'g' san fhorainm réamhfhoclach, céad agus dara pearsa, (cé nach luaitear ach an dara agus an 3ú pearsa). Chomh maith leis na défhoghair ar tugadh cuntas i LASID orthu ag ceithre ionad in Ultaibh, tá a fhios againn ónár dtaithí féin gur /am/ a chloistear scaití sa Ghaeltacht láir. Sin cúig ionad ar leor domsa mar chruthú nach fíor an chéad ráiteas faoi 'the words agam againn etc, the ag- is always pronounced ug- in Ulster'. Maidir le lagmheas ar Fhánaid, 31 teach le gasúir i bhFánaid a fuair an deontas, lán nó laghdaithe, as labhairt na Gaeilge sa bhl. 1996/97. Creidim gur lú an líon tithe Gaeilge a bhfuil gasúir in aois scoile acu ná a mhalairt, rud a chiallaíonn bordáil ar dhá nó trí scór teach san áit a bhfuil Gaeilge iontu. Ní chiallódh sin mórán Éireann duitse ar ndóigh, ach tharla aithne de chineál agam ar dhuine nó beirt san áit i rith na mblianta, is leor domsa é de chruthú go bhfuil siad beo is go bhfuil Gaeilg acu. (Mise mé féin, níor áiríodh mé in aon daonáireamh le scór blianta ach creidim go bhfuil mé beo beathúch ina dhiaidh sin.) >>> Nach miste leat go bhfuil níos mó droch-Ghaeilg le cluinstean in achan áit ná Gaeilg bhlasta chruinn? Agus go háiríd, nach bhfuil ach daoiní le droch-Ghaeilg (chóir a bheith) mar phatrún do na foghlaimeoirí in áit lucht na Gaeltachta? Is dona liom an scéal mar atá agus sin an fáth nach gceartaím iad. Labhraídís a slapaireacht leath-Ghaeilge ar feadh dhá ghlúin más gá. Tá dalladh taifeadta againn lena gceartú nuair a thiocfas fonn a gceartaithe iontu. Is rímhithid ag an bpointe seo iad a chur ag caint agus ag scríobh, an brocamas féin mura bhfuil acu ach an méid sin go sea. Caithfear a bheith buíoch de na milliúin foghlaimeoirí a thug faoin nGaeilg le trí ghlún anuas cheana, nár stialladar an teanga glan as a chéile. Tá sé de théagar inti trí ghlún eile den ealaín sin a sheasamh. Castar dom déagóirí gach lá a bhfuil togha na Gaeilge acu, bídís as Cúige Laighean nó eile, as an gcathair nó faoin tuaith. Tá cruinneas Éireann acu ina gcuid scríobh agus ina gcuid cainte. Labhróidh siad Gaeilg níba thúisce ná Béarla in aon áit a thuigfear iad. Admhaím nach mór a líon. Is iad an dream sin a mhisníonn mé go leanfar den chonair chruinn nuair a bheas m'inchinn féin i searróg ar Mars (= nuair a bheas mé ag iompar na bhfód). Tacaímis le dream na laige. |
|
|
|