mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (March-April) » Archive through March 11, 2005 » Leabhar ghramadaí/Grammar book « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 180
Registered: 01-2005
Posted on Monday, March 07, 2005 - 03:27 pm:   Edit Post Print Post

For many years now, Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí is "as cló" and it can't be found anywhere... I'm looking for a very comprehensive grammar book, which one do u know? On the website of Litríocht.com, I've found this one:

Graiméar Na Gaeilge
An Caighdeán Oifigiúl
Máiread Ní Ghráda M.A.
Longman Brún agus Ó Nualláin

Is it good and comprehensive? What do u think about it?

Grma a chairde

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

'dj@ks
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, March 07, 2005 - 07:03 pm:   Edit Post Print Post

"Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí is "as cló" and it can't be found anywhere... "
-Lughaidh

Have it in my hand. Got it in Central Library in Dublin's Ilac Centre. Has to be in on 23rd of March. If U iz in Dubhlinn then you can ghet it out

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

'dj@ks
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, March 07, 2005 - 09:49 pm:   Edit Post Print Post

Graiméar Na Gaeilge
An Caighdeán Oifigiúl
Máiread Ní Ghráda M.A.
Longman Brún agus Ó Nualláin

I ave it too as it happens. Its a cheap chirpy leabhar at €2.25. As to its piquantness i don't know, I'm not fluent enought to see that clearly.

If you can't find it I will, ahem, scan the bits you want in it for you and send it to your email address. It does not say, but there might be copyright. It gest striaght to business so no copyright etc page. 1 one is page 1. Fo'real.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 181
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 11:02 am:   Edit Post Print Post

I iz not in Dubhlinn :), I iz in Brittany. I'd like to buy GGBA or to know when it'll be reprinted, or is there other grammar books that are as comprehensive as it is.
Thanx.

If the other one is that cheap, it can't be comprehensive, i'm afraid it's a basic book, no i don't need it.
See u!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul_h
Member
Username: Paul_h

Post Number: 13
Registered: 12-2004
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 02:48 pm:   Edit Post Print Post

cheannaigh mé Graiméar Na Gaeilge, An Caighdeán Oifigiúl ar an idirlíon cúpla seachtain ó shin
it's the cheapest, smallest, bestest, book I ever bought

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1089
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 03:41 pm:   Edit Post Print Post

Tá roinnt moltaí anseo:

http://www.clubsult.com/fein.html#grammar


Tá Cruinnscríobh na Gaeilge agam, ach is ar an gcéad bliain ollscoile atá sé sin dírithe; seans nach leor sin duitse, a Lughaidh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 48
Registered: 11-2004
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 05:34 pm:   Edit Post Print Post

It was my frustration with grammar books that inspired me to develop Gaeilge Na Seachtaine. I felt that there was a need for a good grammar resource to help people at all levels of learning Irish. No one grammar book met my needs.

More people from Daltai have been accessing
http://www.gaeilgenaseachtaine.com recently. I would value feedback from any of you on its usefulness or further development needs.

Thank you.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1092
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 04:23 am:   Edit Post Print Post

A Khay, b'fhearr liom (mar innealtóir) "aiseolas" a usáid mar aistriúchán ar "feedback". Níl cothú i gceist!

Tá cuma deas ar do shuíomh, ach is beag feidhm a bhainim fhéin go pearsanta as, toisc go bhfuilim ró fhalsa feabhas ar chuir ar mo chuid gaeilge scríofa!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 49
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 12:34 pm:   Edit Post Print Post



ann freisin. Pioc do rogha!

Tá cothú i gceist maidir lena bhfuil ar siúl agamsa ar líne agus as líne.

As Frankie Byrne (Radio Eireann) used to say " the problems I am dealing with may not be yours today but they may be yours some day."

So if anyone does need some help with Irish, Gaeilge na Seachtaine is there for you.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1096
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 03:20 pm:   Edit Post Print Post

Is dócha go bhfuil cothú i gceist ceart go leor. Ach ní raibh cothú i gceist le "feedback" i dtearmaí innealtóireachta. Píosa de comhartha a thomhas, agus feidhm a bhaint as chun an comhartha a dhéanamh níos foirfe, a bhíonn i gceist.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Larry
Member
Username: Larry

Post Number: 24
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 04:06 pm:   Edit Post Print Post

Kay, a chara,

Clicking the links for "nach" and "nár" on the page:
http://www.gaeilgenaseachtaine.com/coibh.cfm

returned an error a few moments ago...

Le meas,

Larry Ackerman

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 50
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 05:09 pm:   Edit Post Print Post

Larry, a chara,

Thank you.

The links should work now.

le meas

Kay.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antaine
Member
Username: Antaine

Post Number: 267
Registered: 10-2004


Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 05:15 pm:   Edit Post Print Post

does it have an ISBN?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 51
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 05:25 pm:   Edit Post Print Post

" Píosa de comhartha a thomhas, agus feidhm a bhaint as chun an comhartha a dhéanamh níos foirfe, a bhíonn i gceist."

Nach é sin aisfhotha?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 185
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 09:11 pm:   Edit Post Print Post

>Tá Cruinnscríobh na Gaeilge agam, ach is ar an gcéad >bliain ollscoile atá sé sin dírithe; seans nach leor >sin duitse, a Lughaidh.

Seans nach leor, leoga... Tá sé againn san Ollscoil agus d’amharc mé air, ach is dóigh liom nach bhfuil ann ach cineál aistriúcháin ó "New Irish Grammar"; ar a laghad níl níos mó eolais in "Cruinnscríobh na Gaeilge" ná i "New Irish Grammar", ar a’ drochuair.

>It was my frustration with grammar books that inspired >me to develop Gaeilge Na Seachtaine. I felt that there >was a need for a good grammar resource to help people >at all levels of learning Irish. No one grammar book >met my needs.

A, cha rabh mé ann ariamh agus cha rabh ’s agam an suíomh sin. Grma, rachaidh mé ann ar ball.

>More people from Daltai have been accessing
>http://www.gaeilgenaseachtaine.com recently. I would >value feedback from any of you on its usefulness or >further development needs.

>

"Aischothú"... sin Béarlachas aríst :-) . Is léir domh é sin siocair gur cumadh ’n focal "aischothú" go díreach ón Bhéarla "feedback", agus is amhlaidh is léire domh é siocair nach Béarlóir maith mé agus char thuig mé ciall chruinn "feedback" ach ar na mallaibh... cé go bhfaca mé gur cumadh ’n focal "aischothú" go díreach ón Bhéarla. An síleann sibh go bhfuil a’ focal "aischothú" maith? Chan dóigh liom é, i nGaeilg bíonn cothú i gceist nuair a bíos bia i gceist. Ins a’ chás sin, níl ’s agam cá bhfuil a’ bia. Feedback = reaction, opinion? cad chuighe nach mbainfí feidhm as focal Gaeilge níos nádúrtha agus níos Gaelaí ná "aischothú" ? :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 186
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 09:28 pm:   Edit Post Print Post



(Message edited by Lughaidh on March 09, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 187
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 09:29 pm:   Edit Post Print Post

Suíomh deas a rinn tú a Kay.
Ach... tá cupla meancóg ann - ba chóra iad a cheartú, mar shampla : "Úsáidtear an ginideach an ainmfhocail" -> ginideach an ainmfhocail... (cha gcuirtear an t-alt ach uair amháin...)

Cad chuighe nár iarr tú ar chainteoir dhúchais na taifeadtaí a dhéanamh? Chuala mé meancógaí móra fuaimníochta (<-ch> mar /k/, achan <-r-> mar i mBéarla), agus meascadh eadar tréithe Ghaeilge na Mumhan ("rugadh" mar /rugэg/), Ghaeilg Uladh (t agus d caola mar agus a’ Bhéarla) srl. Bhfuil tú in Eirinn nó i Meiriceá? Is dóigh liom go mb’fhearr an rud é nach mbeadh ar fáil ar an idirlíon ach taifeadtaí déanta ag cainteoirí dúchais as a’ Ghaeltacht, nó cha dtig leis na foghlaimeoirí fuaimníocht cheart a dh’fhoghlaim ar chor ar bith, go háiríd leis a’ chuid acu nach féidir leofa ach foghlaim lena bhfuil ar fáil ar an idirlíon. Níl mórán taifeadtaí maithe ar fáil air. Agus dá dheasca sin ní hionadh go bhfuaimníonn a’ chuid is mó de na foghlaimeoirí le blas trom Bhéarla, a’ crampa gallda, mar a deirtear.

Gabh mo leithscéal a chara, ach muna mbeadh ar an idirlíon fá choinne na bhfoghlaimeoir Béarla ach taifeadtaí le blas trom Fhrancach nó Spáinneach, is dóigh liom nach mbeifí sásta ach an oiread. ;-)

Slán go fóill

(Message edited by Lughaidh on March 09, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 188
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 10:33 pm:   Edit Post Print Post

Bhuel, chonaic mé cuid mhór meancóg gramadaí ar do shuíomh... Seo cuid acu agus mo cheartúcháin.


http://www.gaeilgenaseachtaine.com/reimircaite.cfm > "Seo mar a dhéantar leis na mbriathra eile." Leis na BRIATHRA (cha bhíonn urú ar ainmfhocal san iolra ach amháin sa ghinideach, chan i ndiaidh "leis na").

http://www.gaeilgenaseachtaine.com/ginideach.cfm > "dóthain bhainne" > dóthain BAINNE (féach New Irish Grammar lch. 15 agus Foclóir Uí Dhónaill ’dóthain’)

Ins an innéacs: "focail beaga" > focail BHEAGA (séimhiú ar aidiacht nó ainmfhocal i ndiaidh ainmfhocail san iolra a chríochnaíos le consan chaol)

ins an innéacs : "an fhoirm spleáiche" >an fhoirm SPLEÁCH (spleáiche = ginideach uatha baininscneach, breischéim srl)

http://www.gaeilgenaseachtaine.com/spleach.cfm > "Níl aon difríocht eatarthu ach i gcás na briathra seo sna haimsir seo" > i gcás na MBRIATHRA seo sna HAIMSIRÍ seo
"san Aimsir Caite" > san aimsir CHAITE (focal baininscneach)

"Nuair a chuaigh sé go gCorcaigh" > nuair a chuaigh sé go CORCAIGH (go + h roimh ghutaí, ach gan athrú tosaigh ar bith ar chonsain, nuair is réamhfhocal "go". Bíonn urú i ndiaidh "go" nuair is réimír bhriathartha atá ann)


http://www.gaeilgenaseachtaine.com/aidiachtai.cfm > *láí > gsf láiche, breischéim láiche...
"is den inscne *céanna í *leis an ainmfhocail a cháilíonn sí." > is den inscne CHÉANNA í leis an AINMFHOCAL a cháilíonn sí.

http://www.gaeilgenaseachtaine.com/ainmfhocail.cfm
an long the ship na loinge na longa na longa
> ginideach iolra: na long

"Caithfear an ceithre rud sa tábla seo a leanas a bheith ar eolas agat faoi ainmfhocal chun é a úsáid i gceart." > CAITHFIDH tú NA ceithre rud sa tábla seo a leanas a bheith ar eolas agat faoi ainmfhocal chun é a úsáid i gceart. (ní thig leat "caithfear" a úsáid ar tús agus "agat" ina dhiaidh sin. Agus má scríobhann tú "caithfidh", is é ainmní na habairte "na ceithre rud sa tábla seo a leanas".)

"Caithfear an inscne a bheith agat chomh maith. Tá sé seo an-tábhachtach!" > CAITHFIDH TÚ an inscne a bheith agat chomh maith


http://www.gaeilgenaseachtaine.com/coibh.cfm
"An *bréag a inseoidh sí dom amárach." > an BHRÉAG a inseoidh sí (focal baininscneach bréag)

"Bíonn an *uatha den *ainmfhocail ann freisin." > bíonn an T-UATHA den AINMFHOCAL ann freisin.


Agus tá cuid eile ann fosta ar na leathanaigh eile, níl an t-am agam le achan mheancóg a cheartú...

ádh mór, a chara

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1097
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 04:12 am:   Edit Post Print Post

quote:

Nach é sin aisfhotha?



Níl fhios agam, a Khay. Níl an focal úd agam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 53
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 07:52 am:   Edit Post Print Post

A Lughaidh, a chara,

Go raibh maith agat. Is mór an chabhair é sin dom.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 08:18 am:   Edit Post Print Post

Is túisce a d'fheicfeadh an fear céanna sleamhnán i súil an duine eile ná na péarlaí a bhreac sé féin lena shaothar ceartúcháin! Is cosúil gur ghlac sé col éigin leis an nasc aiseolais a Kay.

Níor chláraíos isteach le do shuíomh, ach ar an méid a chonaic mé de roimhe seo, measaim gur mór an gar ag an bhfoghlaimeoir Gaeilge an suíomh céanna.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 189
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 09:38 am:   Edit Post Print Post

Bhfuil tú a’ maíomh go dtearr mise féin meancógaí? Cá háit?

grma

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 55
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 09:39 am:   Edit Post Print Post

Go raibh míle maith agatsa, a Sheosaimh.

Bhí mo chroí thíos i mo bhuataisí ach d'ardaigh tú é arís.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 10:36 am:   Edit Post Print Post

Tá fáilte romhat a Kay.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

teresa dougherty both
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 11:02 am:   Edit Post Print Post

Cah. could you tell us what this is?
one of our patrons from sligo was looking to see if we could send her one to replace the one her sick daughter had lost.
we do work supporting the franciscan friars.
we are located just out side new york city.
we would very much like to send one to this woman if we can get it but our only corespondance with her is by mail so i thought this may be faster.
thank you so much
terrie both

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 191
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 07:24 pm:   Edit Post Print Post

Corrigendum: in mo phost thuas, bain "(ní thig leat "caithfear" a úsáid ar tús agus "agat" ina dhiaidh sin. Agus má scríobhann tú "caithfidh", is é ainmní na habairte "na ceithre rud sa tábla seo a leanas".)" de - ins a' chéad leagan de mo phost scríobh mé tuilleadh rudaí ach d’athraigh mé é sular phost é, agus rinn mé dearmad cuid dó a bhaint fosta, mar sin níl mórán céille ag m’abairt ansin.



©Daltaí na Gaeilge