mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (March-April) » Archive through March 11, 2005 » An tAinm ar do Phas « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 450
Registered: 08-2004
Posted on Monday, March 07, 2005 - 06:32 am:   Edit Post Print Post

Currently my name is in English on my passport. My passport's up for renewal soon and I was thinking about putting my name in Irish on it. I'm wondering what are the pro's and con's about it? Let's say your name is "Kevin Kelly" and that you've a birth cert, a passport, a driver's license, a bank account, all under the name "Kevin Thomas Kelly"... what things should you consider before walking into the Garda station with the form filled out "Caoimhín Tomás Ó Ceallaigh"... ?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, March 07, 2005 - 07:03 am:   Edit Post Print Post

Taighde an chéad rud a mholfainn duit a Fhear na mBróg. Níor mhiste scathamh maith a chaitheamh leis an obair thaighde. Cuimhnímis ar an méid mór Gael a roghnaigh ciotach go leor agus iad i mbun athscríobh a n-ainmneacha i nGaeilge:

Tomás Ó Criomhthain (An tOileánach srl.) ar T. Mac Criomhthainn ó cheart é; sliocht Súilleabháin i gCiarraí, áit a maireann an traslitriú sin 'Mc Crohan'.
Pádraic Ó Conaire (Deoraíocht srl.) ar P. Mac Conraoi (> Connery, King) ó cheart é, de shliocht Mhic Conraoi 'ar Gnó Móir na míonchaladh'.
Seán Mac Fhionnlaoich (Ó Rabharta go Mallmhuir srl.) ar S. Mag Fhionnghaile (> Mc Ginley) ó cheart é.
Micí Mac Gabhann (Rotha Móra an tSaoil) ar M. Mac Dhubháin (> Mc Goan, Mc Gowan) de 'Cheinél nÉnna n-armghlan' ó cheart é.

Dá mba de bhunadh Liatroma an Kevin Kelly thuas, is é is dóichí ná a mhalairt gur de Chlainn Cheallaigh na Bréifne é a shíolraigh ó Cheallach Ó Ruairc. Sa chás sin, theastódh Caoimhín (nó Caomhán) Mac Ceallaigh. Shínigh a bhfear siadsan (Mc Kelly) Leabhar Cuimsiú Chonnacht sa bhl. 1584 in éineacht le go leor eile de Mhuintir Uí Ruairc.

Ní miste a bheith cúramach i mbun do shloinne. Go n-éirí an obair mhaith leat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Daithí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, March 07, 2005 - 07:06 am:   Edit Post Print Post

Don't worry about it.

"Caoimhín Tomás Ó Ceallaigh" will appear on page 2 of your passport.

"Kevin Thomas Kelly" will remain on page 5.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1083
Registered: 08-2004
Posted on Monday, March 07, 2005 - 08:53 am:   Edit Post Print Post

Tá na riailacha athraithe. Caithfidh tú cruthú go bhfuil an leagan Ghaeilge de'd ainm in usáid agat le dhá bhliain anuas. Glacaim leis go mbeadh sé deacair i do chás, ós rud é gur beag bille teaghlaigh 7 rl a bheadh agat ag dul siar an achar sin.

Breis eolais: anseo

(Message edited by aonghus on March 07, 2005)

(Message edited by aonghus on March 07, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1084
Registered: 08-2004
Posted on Monday, March 07, 2005 - 09:05 am:   Edit Post Print Post

"Ma tá tú ag cur iarratais isteach ar phas faoi ainm nach é an tainm ar do theastas breithe, caithfidh tú cruthú gur athraigh tú d’ainm nó go bhfuil aithne ginearálta ort faoin ainm sin"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanog
Member
Username: Seanog

Post Number: 3
Registered: 03-2005
Posted on Monday, March 07, 2005 - 11:42 am:   Edit Post Print Post

Bhí mé ar tí ainm s'agamsa a chur síos ar mo phás i nGaeilge anuraidh, ach dúradh liom nach mbeifinn in ann, agus go gcaithfainn úsaid a bhaint as m'ainm Béarla toisc gur rugadh mé leis an ainm sin. Á bhuel! Troidfidh mé agus bainfidh mé triall arís nuair a chríochnaíonn an cheann seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1086
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 04:09 am:   Edit Post Print Post

Tosnaigh le do bhillí teaghlaigh 7 rl anois. Ansin beidh tú in ann cruthú go bhfuil an tainm i ngnáth úsáid agat.

(Message edited by aonghus on March 08, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_míoch_mealltach
Member
Username: An_míoch_mealltach

Post Number: 1
Registered: 02-2005
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 11:06 am:   Edit Post Print Post

Má tá tú chun do phas a athrú go Gaeilge, athraigh gach píosa aitheantais atá agat go Gaeilge, cuntas bainc, ceandúnas tiomána srl.
Má bhíonn roinnt rudaí as Gaeilge agus roinnt rudaí as Béarla, cruthóidh sé fadhbanna duit,ach go háirithe má théann tú thar lear. Athraigh gach rud.
Tá gach rud seachas mo theastas breithe as Gaeilge agus níor chruthaigh sé sin fadhb ar bith domsa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 451
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 11:18 am:   Edit Post Print Post

Mar sin ceapaim go bhfanfaidh mé le m'ainm Béarla...

Ach maidir le mo chárta aitheantais (an scéim chárta aoise), táim ag fáil m'ainm Ghaeilge air!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanog
Member
Username: Seanog

Post Number: 5
Registered: 03-2005
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 11:41 am:   Edit Post Print Post

Just mar tá muid ar an ábhar seo - chuala mé áit éigin ó seo amach go luath beidh "Northern Irish" in ionad "Éireannach/Irish" ar gach aon pás ag daoine sna sé chondae. Más fíor é, déanfaidh mé ruaille buaille leis an Oifig!

- Seán Ó Treasaigh

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_míoch_mealltach
Member
Username: An_míoch_mealltach

Post Number: 2
Registered: 02-2005
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 01:25 pm:   Edit Post Print Post

Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor. Tá cúraimí maidir le pasanna i gComhaontú Aoine an Chéasta. Ní shásódh sé ceachtar den dá thaobh dá mbeadh Northern Irish scríofa air. Ní dhéanfadh sé ciall ar bith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanog
Member
Username: Seanog

Post Number: 6
Registered: 03-2005
Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 05:52 pm:   Edit Post Print Post

Sin an rud a cheap mé ar aon nós, ach bhí cuma measartha cinnte ar an duine a d'inis an iomrá domh.

Dála an scéil, an dtig "Gael" a bheith scríofa in ionad "Éireannach" air? Nó an bhfuil mé ag caint cac go hiomlán anois! ;)

- Seán Ó Treasaigh

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1091
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 04:20 am:   Edit Post Print Post

Ní hionann Gael (féiniúlacht) agus Éireannach (saorántacht). Ní ráiteas faoi d'fhéiniúlacht atá i do phas, ach raiteas go bhfuil tú faoi choimirce rialtas na hÉireann, agus go hairithe faoi choimirce an tAire gnóthaí eachtracha agus tú thar lear.

Tá raiteas airithe aon faoi d'aitheantas, ceart go leor.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 05:23 am:   Edit Post Print Post

>>> an dtig "Gael" a scríobh .....?

D'fhéachas le 'Gael Éireann' a scríobh faoi 'náisiúntacht' tuairim is 15 bl. ó shin agus samhlaíodh dom gur glacadh leis, go dtí gur chuir cara liom ar mo shúile dom nár glacadh leis. 'Éireannach/Irish' a scríofar isteach ar do chlóichead, ded' dheoin nó ded' ainneoin.
(Bheadh 'Gael Éireann' ar an dul céanna le 'Fir Éireann', 'Fir Chonnacht' srl. agus bheadh sé ag aithint dreamanna eile: Gaeil Alban, Gaeil Mhanainn, Gaeil Mheiriceá ag an am céanna agus an teanga atá againn go léir.)



©Daltaí na Gaeilge