(Is fearr gur stopadh ar an taobh thall mé ar aon bhealach, sa tslí go gcuirfinn le taobh na Gaeilge.)
Is léir ar an sliocht fada sin a scríobh tú ar thaobh an Bhéarla thall go bhfuil do chroí san áit cheart a Shéamais/a James, agus is léir nach luíonn do chroí leis an gciníochas. Is dóigh go raibh cosúlacht aontaobhach ar an snáithe eile anuas go dtí sin, nuair nach raibh ach beirt, nó mar sin, ag seasamh a gceart do mhóramh an lucht siúil. Ba shin a spreag Lughaidh déarfainn, leis an bhfocal tromchúiseach r-tosach sin a reic.
Phós cara liom bean den lucht siúil blianta fada go leor ó shin agus tugaim cuairt orthu, b'fhéidir gach ré bliain, tharla achar maith ó bhaile iad. Is aoibhinn liom an fháilte a chuireann sí romham agus an comhluadar a bhíos againn triúr. Bhí an t-ádh ina rith ar mo chara an lá a phósadar, mar ní fhéadfaí bean ba ghroíúla ná í a fháil, bean a bhfuil an-mheas uirthi sa chomharsain agus sa bhaile beag ina bhfuil siad lonnaithe. Tá a fhios agam roinnt de shliocht an lucht siúil a fhreastalaíonn ar an ollscoil agus arís, is togha comhluadar iad. Feicim roinnt de bhantracht an lucht siúil ag obair san ollmhargadh. Ní dóigh liom go n-aithneodh éinne iad thar an duine in aice leo
D'oibríos ag dioscó i nGaillimh ar feadh na mblianta agus i measc eachtraí eile, briseadh cnámh orm agus sáitheadh cara taobh liom le scin oíche amháin. Ní bhíodh céatadán an lucht siúil a chuaigh i mbun troda ag an dioscó a dhath ní ba airde ná aon dream eile. Chonaic mé altraí mná, lucht dlí, lucht saibhris ag tarraingt sceilpe nó gloine bhriste ar aghaidh an duine eile chomh gránna lena bhfaca tú riamh. An té a thuigeas an duine agus na haicmí ina rangaítear é, ní bhacfaidh sé mórán le scéalta a thosaíonn ar nós an fhabhalscéil 'did you hear about the ...'
Cloisim an rud céanna faoi mhuintir na Nigéire in Éirinn agus a chualathas faoi mhuintir na hÉireann i Sasana. Scéalta uafáis a tharla sa tsráid in aice le deirfiúr carad mo dheirféar sular ....
Ná bímis mar mhuintir na Gaeilge faiteach faoi aon aicme ná faoi aon chine, ach altaimís an mhaith sa duine de réir an aithne a chuirfimid air.
Níor mhiste a chuimhneamh ar an gcomaoin a chuir an lucht siúil orainn lena saothar ceoil i rith na mblianta, muintir Cash agus Doran
http://www.speedlink.net/~cara/cce/crotty/, Paddy Keenan
http://www.paddykeenan.com/about.htm, Margaret Barry
http://www.iol.ie/~ronolan/magbarry.html, Pecker Dunne
http://www.iol.ie/~ronolan/ballad_biogs.html, Clann Simey - muintir Dhochartaigh
http://www.eaglemusicshop.com/recordedmusic/products/details/index.asp?eagleID=2 257&SubCatID=218 Thír Chonaill agus tuilleadh nach iad.