Author |
Message |
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 61 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 05:47 am: |
|
ar chuala ag einné i dtaobh an port darb ainm "Fionnghuala". Ta sé rian a baint on t-album darb ainm "old hag you have killed me". shein an grupa ceoil an bothy band í. cad a cheapann sibhse mar gheall ar an t-album a bhi luaite agam le thana. ar mhaith libh í no aon rian airithe ag baint as í. ba mhiste liom ag eisteach le do thuraimse. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1039 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 05:56 am: |
|
An é sin an ceann dar teideal "An bóthán a bhí ag Fionnuala"? Port béal? Tá CD de chuid an Bothy Band agam (ach ní cuimhin liom an teideal) - agus tá an rian úd air. Is maith liom an fonn sin. Is bréa liom portaireacht béal, cuma más gaeilge na hÉireann nó na hAlbain atá i gceist. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 155 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 07:36 am: |
|
Tá dúil mhór agam in achan albam dá dtearn Bothy Band. Amhrán i nGaeilg na hAlban é "Fionnghuala". Ceolann siad le blas Eireannach í - is as Rann na Feirste (Tír Chonaill) d’amhránaithe Bothy Band (cainteoirí dúchais, tá gaol acu le muintir Mhic Grianna). |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 62 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 08:04 am: |
|
ceapaim go mbeadh an teideal mar a dinis doibh. Is brea liom ceol gaelach in nginrealta go h-airithe as limistear dun na ngall. An raisún? Is e mo bharruil do bhiodh alan ritim ag baint leis an stile seo. cen ceann acu i measc na grupai ceol gaelach is fearr le daoine. seo leannas mo rogha. 1 conal o grada 2 matt molloy 3 clannadh 4 laisirfir ni chongailge 5 diarmaidin o suilleabháin 6 mairtin jaimsie o fhathaigh 7 bjork (oops) ar aon chuma ta go leor, leor grupanna eile agus ni folair dom ag dul ar ais go h-obair. ba coir doibhse a scroibh amach do roghanna fein. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1041 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 08:56 am: |
|
Deacair rogha a dhéanamh. Braitheann sé ar an fonn atá orm. Tá rudaí deasa, sách nua ann: John Beag ( i nGaeilge); amhrán nó dhó scriofa ag Pádraig Ó hAolain - Coilín Phadraig Shéamais agus ceann éigin faoi monarchan. Louis de Paor agus John Spillane. Is breá liom Tadhg Mac Dhonnagáin ( http://www.futafata.com) Lasairfhíona Ní Chonghaile, gan amhras. Stuif luath Clannad, sular chuaigh siad i ró mhuinín na teicneolaíochta. Rinn na nGael le Niall Toibín. Amhráin iad seo ar fad. Is breá liom ceol na bpíob - Liam Ó Floinn, Eoin Duignan, .... |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 64 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 10:25 am: |
|
Altan! Daithí Spriúil. Aoife Ní Fhearraigh (an chéad albam, ar aon nós)... Ultaigh eile is breá liom. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 63 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 11:24 am: |
|
nilím cinnte gur chuala mé Aoife Ní Fhearraigh riamh. An raibh laigean diffruil don t-amhran cailuil "nil an lá" san t-album uirthi. ceapaim gur chuala me san dun na ngall í. Chonaic mé John Spillane le deanai ins an siopa!! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 66 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 02:33 pm: |
|
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 162 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 09:32 pm: |
|
Maidir le hAoife Ní Fhearraigh, tá ’n chéad albam ’s aici agam féin agus tá dúil agam ann. Chuala mé go dtearn sí albam úr nach bhfuil amhrán Gaeilge ar bith ann. Bhuel, cha gceannaim go deo é. Cha dtuigim rómhaith cad chuighe nár chuir sí amhrán ar bith i nGaeilg: tá amhráin Ghaeilge ar achan albam (nó chóir a bheith) de chuid Clannad, Enya, Altan srl, agus tá siad iontach cáiliúil i gcónaí agus tá éileamh ar a n-albam ón tús. Agus cad chuighe ar chuir Aoife dath fionn ar a cuid gruaige??? :-) ’s fuath liom na mná fionnfholtacha, go háiríd na mná a chuir an dath sin ar a ngruag nuair a bhí sí ruaidh, donn nó dubh. Maidir leis na ceoltóirí is fearr liom: -Altan (a’ grúpa is fearr ar domhan) -Clannad (na seanalbaim fosta) -Aoife Ní Fhearraigh ina halbam mhaith -na Domhnallaigh (Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill agus a ndeartháir Mícheál O Domhnaill, amhránaithe Bothy Band, Skara Brae srl) -Gearóidín Bhreathnach -Lasairfhíona Ní Chonaola (< sin a’ litriú ceart ;-) ) - guth iontach gnéasúil aici) -Seosaimhín Ní Bheaglaoich -Pádraigín Ní Uallacháin Tá dúil agam i gceol Dervish fosta, ach tá blas uafásach acu ’s iad a’ ceol i nGaeilg - milleann siad mo chluasa. Fearr liom a n-amhráin Bhéarla, leis an fhírinne a ráidht. (Message edited by Lughaidh on March 01, 2005) |
|
Kay
Member Username: Kay
Post Number: 45 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, March 02, 2005 - 07:24 am: |
|
Is maith liomsa Albert Fry chomh maith. |
|
Paul_h
Member Username: Paul_h
Post Number: 10 Registered: 12-2004
| Posted on Wednesday, March 02, 2005 - 08:44 am: |
|
agus cad faoi 'Kila'? an grúpa is fearr liom (ag an am seo ar a laghad). An bhfuil aithne ag duine ar bith urthu? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1056 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 02, 2005 - 09:11 am: |
|
Bhí mé ar scoil le deartháir leo! Tá roinnt dá gcuid ceol cloiste agam, ach is fearr liom fhéin ceol traidisúnta nó "sean cheol" - Baroc nó a leithéid |
|
Fionnfholt Nic Buidéil Unregistered guest
| Posted on Thursday, March 03, 2005 - 05:41 pm: |
|
"’s fuath liom na mná fionnfholtacha, go háiríd na mná a chuir an dath sin ar a ngruag nuair a bhí sí ruaidh, donn nó dubh. " agus is fuath liom na fir bhéalscaaoilte nach mbíonn a dhath ciallmhar le ráite acu ach tabhairt amach faoi mhnáibh |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 72 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, March 04, 2005 - 10:23 am: |
|
Is Francach é. Ní féidir leis srian a choimeád air. ;-) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 172 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, March 04, 2005 - 06:55 pm: |
|
N'oun ket Gal, me dén kaeh, meit Breton. Trekehè deoh chèr ho pég nezen, ohpen eit kement-sen 'mes droed de laret pèh faota dein, hui hra eùé ha pe ne vèn ket berped a-du genoh. - Ach maithim duit, A Shéamais, níl ionat ach Poncánach, chan tusa is ciontaí ;-) Fionnfholt > tá cead agam mo rogha rud a scríobh anseo, ar chuntar nach maslaím duine ar bith. Agus ins an abairt sin cha maslaím duine ar bith, cha ndéanaim ach mo bharúil a thabhairt fá ábhar, sin a’ méid. Agus stad de bheith ’ráidht "nach mbíonn a dhath ciallmhar le ráidht agam ach tabhairt amach faoi mhnáibh", is é ’n chéad uair a labhraím fá dtaobh do na mná anseo. Agus char mhaígh mé ach mná fionna. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 75 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 07, 2005 - 10:25 am: |
|
Cad is brí den Bhriotáinis sin, a chara? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 179 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, March 07, 2005 - 03:06 pm: |
|
A, shíl mé gur úrt tú gur Francach mé ? Más Francach mé, níl Briotáinis agam... ;-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 76 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 07, 2005 - 04:23 pm: |
|
Níor aithnigh mé thú, agus tá's agam nach Francach mise... |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 183 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, March 08, 2005 - 11:07 am: |
|
Más Briotánach mé, tá Briotáinis agam ;-) |
|
Tadhg Mac Dhonnagáin Unregistered guest
| Posted on Monday, June 27, 2005 - 10:10 am: |
|
Ha gwir eo? Deus pelec'h out e Breizh Izel? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 420 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, June 27, 2005 - 02:30 pm: |
|
Me zo 'chom ba Roazon, met lod doc'h ma familh zo doc'h bro an Oriant. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 722 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 27, 2005 - 02:53 pm: |
|
"Más Briotánach mé, tá Briotáinis agam ;-)" Dá mbeadh gach Briotánach á rá... :-) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 425 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, June 27, 2005 - 07:43 pm: |
|
De réir a n-abrann na Briotáiniseoirí aosta, is iad na Briotánaigh na daoiní a bhfuil Briotáinis acu. Is fíor é a ráidht nach bhfuil mórán duifir eadar duine atá ’na chónaí sa Bhriotáin agus gan focal Briotáinise ar bith aige, agus Francach. Na daoiní a bhfuil Briotáinis dhúchasach acu, tá cultúr difriúil acu. |
|
Mezzo Squeeze Unregistered guest
| Posted on Friday, July 01, 2005 - 02:54 pm: |
|
"A, shíl mé gur úrt tú gur Francach mé ?" Gur úrtú. |
|