Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 134 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, February 24, 2005 - 01:32 pm: |
|
Haigh, tá mé ’cuartú foclaí ’n amhráin "Amhrán an Phoitín" le fada fada. Amhrán as Conamara atá ar fáil ar dhlúthdhiosca le Beairtle O Rud-éigin. Chuala mé Caitríona Ní CHeannabháin á cheol fosta ar chlár theilifíse. Bhfuil na foclaí sin ag duine ’bith agaibh? Go raibh míle maith agaibh! = Hi, i'm looking for the lyrics of the song "Amhrán an phoitín" (the song of the poitín) for a very long time. It's a Connemara song that can be found on the cd by Beairtle O Something. I heard Catriona Canavan (spelling?) singing it as well on tv. Does anyone of you have these lyrics please? thanks a lot. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1009 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 24, 2005 - 06:26 pm: |
|
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 138 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, February 24, 2005 - 09:43 pm: |
|
Ceart go leor, ach níl ar intinn agam an téip a cheannacht, ach na foclaí a dh’fháilt... nach bhfuil an téip sin ag duine ar bith agaibh? Grma |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1012 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 25, 2005 - 04:51 am: |
|
Tuigim sin. Bain triail as scríobh chuig Cló Iar Chonnachta, seans go mbeadh siad sásta cabhrú leat, fiú muna dteastaíonn uait téip a cheannach! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 8 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 25, 2005 - 09:31 am: |
|
Maidir le téip "Beairtle Ó Something", tá (bhí?) sí agam, áit éigin. Más féidir liom an téip a aimsiú, éisteoidh mé leis an amhrán. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 141 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, February 25, 2005 - 02:32 pm: |
|
Iontach maith, a Dhonncha! Nach bhfuil na foclaí ins an leabhrán a bhí in éineacht leis a’ téip sin? Tá mé ’dúil go mór leofa, go raibh maith agat a chara. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 9 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, February 25, 2005 - 10:04 pm: |
|
OK, fuair mé an téip sa phick-up (pas le tourne-disque de chez toi, ach mo thruiclín). Níl aon leabhrán ann -- téip cheap-o í seo -- ach d'éist mé léi sa truiclín céanna tráthnóna inniu agus mé ag tiomáint go dtí an t-ollmhargadh. Níl aon seinnteoir caiséad eile agam anois! Pé scéal é, is amhrán simplí é: waltz time nó two-step, sílim (ní ceoltóir mise) agus gan an blaisín is lú de shofaisticiúlacht ag baint leis na focail. Achoimre: "Is cuma faoi na mná, téigh go dtí an áit a bhfuil an poitín le fáil!" Tá súil agam go mbeidh deis agam éisteacht leis arís amárach agus cuid de na focail a bhreacadh síos duit, má tá suim agat iontu fós! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 144 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, February 25, 2005 - 10:11 pm: |
|
Is amhlaidh atá a chara, tá mé á gcuartú leis na bliantaí fada, ’bhfuil ’s ’ad... Ok, beidh mé ’dúil leofa sin amárach - char chuala mé féin ach tús an amhráin (fiche soicind b’fhéidir), ceolta aige Caitríona Ní Cheannabháin, mar a d’úrt mé cheana féin. Agus ón am sin is mian liom na foclaí a dh’fháilt ach chan fhuair mé in áit ar bith iad. Bulaí fir, a Dhonncha, má bhíonn an t-am agam leis na foclaí a scríobh síos domh. Go rabh maith agat |
|