mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Labhairt na gaeilge « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fionnuala_ní_shíocháin
Member
Username: Fionnuala_ní_shíocháin

Post Number: 1
Registered: 02-2005
Posted on Tuesday, February 22, 2005 - 02:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

tá taithi ag a lán daltaí gaeilge le gaeilgóirí 'ceart' a bheith mí-fhoighneach lena cuid gaeilge mar nach mbíonn sé foirfe. mar shampla táim cinnte go mbíonn a lán botúin déanta agam san alt seo; ach ainneoin sin beidh sibh ábalta é a thuiscint, agus tá orm mo chuid gaeilge a chleachtaíonn le daoine nios liofa ná mise féin chun é a fheabhsú. cad a cheapann sibh faoin dhearcadh mí-fhoighneach no mí-chabhrach a bhíonn ag a lán gaeilgóirí dúchasach nuair a bhuaileann siad le daltaí gaeilge nach bhfuil gaeilge liofa acu?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 988
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, February 22, 2005 - 05:52 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Abhár conspóideach anseo! Táimse ar thaobh "Mol an óige agus tiocfaidh sí"

Ach thuigim an mí fhoighne uaireanta; braitheann sé an an nduine, an suíomh, an comhrá, ....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3
Registered: 02-2005
Posted on Wednesday, February 23, 2005 - 11:23 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá cara liom anseo, in Seattle, a rinne Nua-Ghaeilge ag UCC fiche bliain ó shin. Tá an-Ghaeilge aici fós, ach ní cainteoir dúchais í. Séard a dúirt Mary liom ná go ndéantaí idirdhealú, taobh amuigh de na ranganna, idir na fíréin a fuair an teanga "leis an mbainne" agus na mic léinn eile -- "mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair". D'éirigh sise bréan de faoi dheireadh, agus d'éirigh sí as.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 999
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, February 23, 2005 - 12:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sean ghalar atá ann faraor. Tuigim do'd chara.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 40
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, February 23, 2005 - 12:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Céard as?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Bréan de
Unregistered guest
Posted on Sunday, February 27, 2005 - 01:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tuigim, a Fhionnuala, cad atá tú a rá.

Léimeann daoine áirithe ar gach botún atá déanta againn nó mí-chló fiú! Níos measa fós ná bíonn siad ag maíomh ar a gcuidse féin. Táim bréan leis an IPA seafóideach sin! Ní thuigeann an chuid is mó atá ag teacht isteach sa suíomh seo cad atá ar siúil acu. Máireann sin an comhrá atá in ainm is a bheith ar siúil eadrainn anseo. Nach bhfáca éinne acu scannán suimiúil? Nó nár léigh éinne acu leabhar suimiúil?

Cuireann siad an dream sa Bheal Bocht i gcuimhne dom. Cruinneas gan binneas!

Phew, I feel much better now.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 152
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, February 27, 2005 - 11:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Táim bréan leis an IPA seafóideach sin!

Is breá liomsa féin an IPA úsáideach sin - is teangeolaí mé.

>Ní thuigeann an chuid is mó atá ag teacht isteach sa suíomh seo cad atá ar siúil acu.

Níl ort na hábhair sin a léamh. Tá ábhair eile nach dtuigim ach an oiread agus cha ndéanaimse gearán fá dtaobh dó. Tá cead ag achan duine labhairt ar an ábhar is mian leis...

>Máireann sin an comhrá atá in ainm is a bheith ar siúil eadrainn anseo. Nach bhfáca éinne acu scannán suimiúil? Nó nár léigh éinne acu leabhar suimiúil?

Cum thusa ábhar anseo fá scannáin nó leabharthaí a bhfuil dúil agat iontu... Tá cead agat é a dhéanamh mar atá cead ag na daoiní eile labhairt fá rudaí eile...

>Cuireann siad an dream sa Bheal Bocht i gcuimhne dom. >Cruinneas gan binneas!

Bhuel bhuel, níl suim agatsa féin i gcúrsaí gramadaí nó rudaí mar sin, ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil aon mhaith iontu. Nach bhfuil cead againn suim a bheith againn ins na rudaí sin?

Agus munab fhuil suim agat iontu aríst, thig leat ábhair eile den fhóram a léamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 61
Registered: 11-2004
Posted on Monday, February 28, 2005 - 09:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An t-aon rud a chuireann isteach orm, sin nuair a bhíonn daoine ag gearán. Is fuath liom gach uair nach bhfuil duine sásta le rud. Agus nuair a chuireann siad in iúl nach bhfuil ar chlár plé. Scríobhann siad focal i ndiaidh focail, abairt ar abairt, paragraf ar pharagraf, agus níl ann ach gearán. Déantar liostaí de gach rud nach maith le duine, mar shampla, mílitriú, míthuiscint, mífhoighne, Mí na Márta nó Mí an Mhárta, srl. Agus níl cuspóir ná ciall ann. Sa chás seo, ar aon nós. ;-)

I ndáiríre, is deacair ceartúcháin a sheachaint nuair atá clár d'fhoghlaimeoirí ann. Agus tarlaíonn sé i gcónaí nach mbíonn foghlaimeoirí Gaeilge ag caint faoi ábhar ar bith ach amháin an Ghaeilge í féin. Seanghalar, mar a dúirt daoine eile. Bíodh comhrá suimiuíl againn!

(Bhí mé tinn le seachtain. Víreas éigin, cosúil leis an bhfliú).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 44
Registered: 11-2004
Posted on Monday, February 28, 2005 - 11:47 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An rud is mó a chuireann isteach ormsa ná go mbíonn daoine ag tréigint na teanga de bharr gortú a fhulaingt nuair a cheartaíonn duine éigin iad. Bhí díomá orm gur tharla sé le Mary más é sin a tharla - táim fós ag feitheamh le soiléiriú ó Dennis.

Ceapaim gur rud luachmhar í an teanga Gaeilge agus nílim féin sásta í a ligint uaim toisc go gceartaíonn daoine mo chuidse di- cé go mbím feargach liom féin as ucht cúis a thabhairt dóibh. Déanaim iarracht gan aon seans eile a thabhairt.

Chonaic mise "My Fair Lady" Dé Satharn ar an dteilifís agus ceapaim gurb iontach ar fad an tuiscint den ghrinn a bhí ag George Bernard Shaw agus é ag cur i láthair muintir an oileáin eile agus an ráiméis ardnósach i dtaobh na gcanúintí ar an oileán sin. Galar forleathan is dócha!

Ceapaim féin go mbíonn daoine ag iarraidh cabhair a thabhairt do daoine nuair a cheartaíonn siad iad de gnáth. Caitheann siad am agus fuinneamh ag míniú rudaí agus nósanna. Cén fáth nach mbeadh siad ró fhoighneach uaireanta nuair a feictear dóibh go bhfuil daoine ag scríobh nó ag labhairt as Gaeilge agus botún i ndiaidh botúin á dhéanamh acu ar nós cuma liom, ar mhodh leibideach leisciúil ( feictear dóibh, ní domsa).

Tá daoine ann agus ní maith leo aon ceartúcháin, fiú nuair a deir siad go bhfuil sé ag teastáil uatha.

Foghlaimíd ónár namhad mar ní bheadh ár gcairde sásta a bheith neamhbhalbh linn uaireanta.

Tá súil agam go bhfuil biseach ort anois a Shéain, bhí an litir seo réidh le cur isteach agam nuair a léigh mé do cheannsa - mar chomhtharlúint bhí slaghdán de shaghas orm freisin. Bhraith mé go raibh sceach i mo scornach. Buíochas le Dia tá sé imithe anois dealga is uile.

Beidh ábhar níos soilbhre ag na comhfhreagraitheoirí iontacha anseo sula fada táim cinnte de!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 63
Registered: 11-2004
Posted on Monday, February 28, 2005 - 04:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

'...d'éirigh sí as.'
She quit (Ní bacann sí leis an nGaeilge níos mó, mar a thuigim é).

(Cé hé Seán?)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1036
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 05:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin rud nach bhfuilim cinnte faoi. Má tá fhios ag Donncha go bhfuil gaeilge mhaith aici, is dócha nach bhfuil sí éirithe as. A rud a thuig mise ná gur éirigh sí as stáidear air mar abhár ollscoile.

(Cé hé Seán?) - Séamas faoi cheilt!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fionnuala
Unregistered guest
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 10:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

nílim ag labhairt faoi cheartucháin, táim ag labhairt faoi dearcadh elitist a
bhionn ag daoine go dtí an pointe nuair nach mbíonn siad sásta an iarracht a
dhéanamh labhairt le daoine nach bhfuil gaeilge ar an leibhéal céanna acu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 77
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, March 09, 2005 - 11:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Daoine srón in airde, an iad? Tá dhá rud i gceist, sílimse. Bród (as cuimse) as cé chomh éirimiúil agus atá siad (ina dtuairim féin), agus tuirse/mífhoighneacht. Ní maith liom féin gach rud a athrá as Béarla níos mó. Ach táim an-sásta caint le duine ar bith as Gaeilge.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Colmán
Member
Username: Colmán

Post Number: 1
Registered: 03-2005
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 06:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Na cainteoirí dúchais a bhfuil aithne agamsa orthu san Astráil ní chuireann Gaeilge bhacach an fhoghlaimeora isteach orthu. Daoine iad atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn agus misneach a thabhairt don té nach bhfuil lánlíofa. Tá a mhalairt de dhream ann freisin gan amhras. Ná bac le cáineadh ach bain an oiread úsáide as an teanga agus is féidir leat - tagann líofacht le cleachtadh, agus tá an Ghaeilge ag athrú ar aon chuma. Teanga chathrach anois í agus a rian sin uirthi; tá deireadh ag teacht le caint na seanfhundúirí.

Dála an scéil, cén fáth a bhfuil na mná chomh tearc sin sna comhráití seo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1101
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 07:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Dála an scéil, cén fáth a bhfuil na mná chomh tearc sin sna comhráití seo?



Ní dóigh liom go bhfuil. Ach is fadhb forleathan í ar an idirlíon nach mbíonn mná chomh fairising sin in aon phlé, nó nach gcuireann siad in iúl gurbh mná iad - chun maslaí agus níos measa a sheachaint.

Tá dornán mná, a chuireann in iúl gurbh mná iad, páirteach anseo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 78
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, March 10, 2005 - 11:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus dornán fear a chuireann in iúl gur mhná iad, leis!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1106
Registered: 08-2004
Posted on Friday, March 11, 2005 - 04:16 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Meas tú?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 81
Registered: 11-2004
Posted on Friday, March 11, 2005 - 11:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cá bhfios?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seafóideach
Unregistered guest
Posted on Monday, March 14, 2005 - 08:47 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Níos measa fós ná bíonn siad ag maíomh ar a gcuidse féin." [.i. "Níos measa fós nach mbíonn..."]

Comhghairdeas leat, agus go n-éirí go geal leat.

"ar siúil"

Ar siúl. Comhghairdeas leat, agus go n-éirí go geal leat.

"Máireann sin an comhrá"

Máireann. Comhghairdeas leat, agus go n-éirí go geal leat.

"ar siúil"

Ar siúl. Comhghairdeas leat, agus go n-éirí go geal leat.

"Nach bhfáca"

Nach bhfaca. Comhghairdeas leat, agus go n-éirí go geal leat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seafóideach
Unregistered guest
Posted on Monday, March 14, 2005 - 08:55 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Máireann."

Fágaim é sin gan ceartú, toisc go bhfuil sé ana-dheas ar fad, go deimhin. Focal ana-chathrach is ea é, gan amhras.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Raiméiseach
Unregistered guest
Posted on Monday, March 14, 2005 - 09:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Focal ana-reatha is ea é, leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1129
Registered: 08-2004


Posted on Monday, March 14, 2005 - 09:12 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Muise, nach sibhse na bullaí fir (nó mná, seans).

Déanfaidh sibh an dul chun chinn i measc an Aos Ghramadaí; Ridirí an Phinn Dearg den scóth sibh.

'Nois, aon seans go bhfuil rud éigin fiúntach nó spéisiúl le rá agaibh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Deegrishore
Unregistered guest
Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 04:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Keeran sheed un drowm sa Vail Vuckt ee gweena dumb.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Deegrishore Ella
Unregistered guest
Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 05:07 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cod iss bree leh "Feeng Jarrig jen scoaf"? Doyler un shkail, cod iss bree leh "toegra cun un Gwaylaga the cur cun king"?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Yeegrishore
Unregistered guest
Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 05:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Lá Fhéile Pádraig Shona Duit"
http://www.daltai.com/home.htm

Nach dheas é shin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Deegrishore
Unregistered guest
Posted on Tuesday, March 15, 2005 - 05:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Iss shay iss bree lesh shin, naw: "The Day of Happy St. Patrick to Thee" no "The Day of the Festival of Happy Patrick to Thee." Un digger a nish ay?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán a' Chaipín
Unregistered guest
Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 04:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach maith leat é, a Yeeg? An bhfuil moladh agat féin?

Tuigim gur cheart a rá "Lá Sona" seachas "Lá Shona".

Scríobhfainn féin: La Fhéile Phádraig Sona duit!

An bhfuil sin inglactha duitse?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 462
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 08:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá an ceart agat maidir le "Lá Sona" ach ceapaim nach é "Phádraig" -- ní shéimhítear túschonsan an ainm nuair is naomh a bhíonn i gceist d'ainneoin go mbíonn sé sa tuiseal ginideach.

Lá Fhéile Pádraig Sona Dhuit

Ná fiafraigh díom faoin bhfath gur scríobhas "dhuit" in ionad "duit"... níl 'fhios agam, ceapaim go bhufil fuaim níos nádúrtha leis i gcaoi éigin...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán a' Chaipín
Unregistered guest
Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 11:20 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA, a F na mB.

Ní raibh a fhios agam faoin eisceacht maidir leis na naoimh.

Is docha gur canúint atá i gceist le "dhuit".

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 464
Registered: 08-2004
Posted on Friday, March 18, 2005 - 07:21 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is fearr liom fuaimeanna:

dhom
dhuit
dhó
dhi
dhúinn
dhaoibh
dhóibh

Tá siad níos éasca a rá tar éis cineál difriúil focal...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_mídheach_mealltach
Member
Username: An_mídheach_mealltach

Post Number: 26
Registered: 12-2004
Posted on Saturday, March 19, 2005 - 12:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá gnáthnós agam féin maidir le cumas an duine sa Ghaeilge:

"Má thuigim iad, is leor sin"

Tá teanga ann chun cumarsáid a dhéanamh. Ní cheartóidh mé a gcuid Gaeilge ach amháin má iarrann siad orm é sin a dhéanamh i.e. má tá siad éiginnte faoi fhocal, nath cainte éigin, nó má tá mé féin éiginnte faoin méad atá á rá acu.
Is dóigh liom féin nach bhfuil i gceist taobh amuigh de sin ach sotal mímhúinte.
Nílim ag rá nach bhfuil tábhacht le gramadach, ach tá a háit chuí féin ag an múinteoireacht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1155
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, March 19, 2005 - 02:31 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aiméan, a deirim! Cuireann galar ar síor cheartaithe an ruaig ar daoine atá baiúl don teanga; daoine nach féidir déanamh dá uireasa má tá athbheochan le bheith ann.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge