A chairde,
Chuaigh mé chuig an gym anocht, is bhí comhrá breá agam: tá súilaithne agam ar an cuid is mó den daoine atá obair ann, agus dúirt bean amhain dom: “Ba mhaith liom Gaeilge a fhoghlaim: an bhfuil sé deacair...??” “Níl,” arsa mise... agus thug mé cúpla frasa simplí dí, mar “Maidin mhaith,” “oíche mhaith,” agus “céad míle fáilte.” Bhí sí an-sasta, agus chuir sí a lán ceisteanna orm, mar “Cá bhfuair tú do chuid Gaeilge?” srl. “An bhfuil aon ranganna le fáil sa cheantar seo?”
“Tá...” agus d’inis mé dí faoi
www.daltai.com... Bhí sí ag cleachtadh a “cúpla focal” agus rinne sí an-jab leo. Scríobh mé amach saghas ceacht beag dí, is d’imigh mé.
Oíche mhaith, go deimhin.
Paul