|
|
|
Author |
Message |
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 614 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 07, 2005 - 04:41 pm: |
|
A chara! Is maith liom go mórmhór an ceoltóir Denez Prigent agus táim tar éis focla na n-amhrán atá déanta aige a lorg. Ní féidir liom iad a thuiscint nuair atáim ag éisteacht leo ach níl sé ró-dheacair más féidir liom na focla a léamh. (Níl an teanga agam ach tá 'fy Nghymraeg' ana-úsáideach uaireanta... :-) ) An dóigh leat gur féidir leat cabhair a thabhairt dhom? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 65 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, February 07, 2005 - 07:06 pm: |
|
Thig ar ndóighe. Cad é na hamhráin atá de dhíth ort? Níl dúil agam in achan rud dá dtearr sé ach i gcupla cionn. Tá cuid mhaith amhrán leis sin agam. Briotáinis ar dóigh atá aige (rud is annamh i measc na n-amhránaithe Briotánacha inniu). Abair liom cad é na hamhráin atá de dhíth ort is bheirfeas mé duit iad. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 617 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 06:08 am: |
|
Tá cupla ceann agam cheana féin, Gortoz a ran, An Hini a Garan agus Ti Eliz Iza. Bheadh sé ana-dheas agat dá mbeifeá ábalta Gwerz Kiev, Sarac'h agus A-Drenv Va Zi a scríobh dhom! Go raibh míle maith agat! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 67 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 03:31 pm: |
|
Ceart go leor. An mian leat mé iad a scríobh síos anseo nó iad a sheoladh chugat i ríomhphost? Tá ’n t-albam Sarac’h aige mo chailín agus is dóigh liom go bhfuil foclaí A-dreñv va zi (’a-drañv ma si’ in mo chanúint féin, ’ar chúl mo thoighe’ i nGaeilg) agam áit ineacht. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 623 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 03:38 pm: |
|
An scríofá anso iad? Ni maith liom mo ríomhpost a chur ar an idirlíon go minic. Dar ndóigh, ní miste liom é a thabhairt dhuitse, ach is féidir le gach éinne é seo a léamh. Dala an scéal, cad í an chanúint atá agat féin? Tá suim agam sna canúinti Brezhoneg cé ná fuil mórán eolais agam mar gheall orthu. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 69 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 04:12 pm: |
|
Tá canúint bas-vannetais agam - canúint a labhraíthear in iarthar département an Mhorbihan. Leis an fhírinne a ráidht, tá meascadh de dheá fho-chanúint bas-vannetais agam, cionn cheantar Lorient agus cionn an "Bro-Pourlet", nach bhfuil ródhifriúil. Tá eolas maith agam ar chanúintí na Briotáinise, is ar an ábhar sin a ghnímse mo thráchtas PhD, agus mar atá ’s agat cheana féin, tá suim mhór agam i gcanúintí na Gaeilge fosta. Ok, tá mé ar tí véarsaí na n-uarán sin a scríobh duit anseo. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 71 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 05:53 pm: |
|
A-dreñv va zi A-dreñv va zi ‘zo ur park bras A linad gwenn, a raden glas, A raden glas a linad gwenn E-kreiz ‘meus plantet ur wezenn Eus pidaoterien ha tud paour Da dañv’ ma frouezh arc’hant hag aour Tostit, tostit, kozh ha yaouank Da dañv’ ma frouezh aour hag arc’hant Bremañ seizh vloaz zo tremenet Hi zo deut bras ha kreñv-meurbet Hi zo deut bras ha kreñv-meurbet Hag ar bloaz-mañ he deus frouezhet War ar marc’had ne gaviot ket Frouezh ken kaer ha ken saourek Frouezh ken kaer ha ken saourek Holl deus outi am eus krouget Gwerz Kiev D’ar beajour a c’houlenno Hent da Giev c’hwi a lâro "Heuliit en neñv ar bultured 'Kasint 'c'hanoc'h hep kudenn 'bet" Ha da Giev pa erruo Gwall-galonad eñ a gavo E-barzh ar straedoù tud varv A-hed-da-hed dre gantadoù O loli, o lolo (x4) Cò bhuail mo dhoras an dubhuair (?) A’ fiabhraicheadh ri thighinn astaigh Ma’s tu ‘s am buainicheadh amuigh Nach tig thu ‘staigh ‘g amhaigheachd (?) bhuam Ma’s tu ‘s am buainicheadh amuigh Nach tig thu ‘staigh cho grad ri ‘ghrad Nach tig thu ‘staigh cho grad ri ‘ghrad Air (?) faochadh bhong (?) a’ ghalar seo ? O lo lidh o lo lo (x4) Itron, an Ankoù nen on ket Ur beajour ne lâran ket O klask ur gwele da gouskiñ Hag un tamm boued da zrebiñ Ololi ololo (x4) Chan eil ri ithe 'seo an còir Ach talamh fuar ???????? Chan eil 'san taigh ach steillean fuar Is iad (?) mo thriur chloinne orra ‘màrach Olo lidh... Allas ‘vit gwele ‘met skebell Warno dija va zri bugel Sarac’h Àr hentig an aod pa ganan Sarac’h flour ar gwez a glevan ‘Klevan ar gwez o sarac’h flour ‘Respont dezhañ sarac’h ar mor Ha da lâret din a-gevret Emañ erruet fall ar bed Ha da lâret bep a unan ‘Mañ ket an amzer ken d’ar c’han Ha gwel’t ho peus ar gwennilied Evel bep bloaz o tonet ? Ya, gwennilied ‘meus gwel’t a-walc’h War o zalaroù war an douar Ha gwel’t ho peus taolioù nevez ‘Tiwanañ e skourroù ar gwez ‘Tiwanañ en avalenn gozh Da reiñ bleunioù gwenn ha roz N’em eus gwelet evit taolioù Nemet re ‘deu gant an iliav Nemet re ‘deu gant an iliav An avalenn gozh pa c’holo N’em eus gwelet evit bleunioù Nemet re an drezenn-c’harv Nemet re ‘deu gant an drezenn Pa eo koue’et an avalenn Hag he frouezh neb a dañvo C’hwerv a-walc’h eñ o c’havo C’hwerv a-walc’h eñ o c’havo Ouzh taol an Ankoù o zreizho ! Maidir leis na véarsaí i nGaeilg na hAlban tá cupla rud nár thuig mé. Is aistriúchán (ach chan aistriúchán díreach) iad do chuid don amhrán. I leabhrán an dlúthdhiosca tá na véarsaí i mBriotáinis agus go minic aistriúchán i bhFraincis, ach nuair a bíos teangaí eile ann fosta níl na véarsaí ar fáil. Tá i bhfad níos mó véarsaí sa leabhrán do gach amhrán ná atá ceolta aige Denez Prigent ar an diosca. Cha dtug mé duit ach ar féidir a chluinstean ar a’ diosca. Os rud é nach aistriúchán díreach Fraincis nó Briotáinis > Gaeilg na hAlban é, tá cupla rud sna véarsaí Gaeilge nach bhfuil ins an bhuntéacs, agus char thuig mé achan rud. Chuir mé ’?’ áit nach rabh mé cinnte. Sin é... An dtuigeann tú na véarsaí Briotáinise ? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 629 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 09, 2005 - 06:15 am: |
|
Go raibh míle maith agat, bhaineas ana-shult astu! An dtuigeann tú na véarsaí Briotáinise Ar éigean, a chara, ar éigean. Ba dóigh liom go mbeinn ábalta níos mó a thuiscint ach tá sé deacair. Tuigim frásaí mar "arc’hant hag aour", "kozh ha yaouank", "War ar marc’had" ach... bhuel, déarfainn go dtuigeann 20-25% dosna focla. Cuireann fuaimniú an Briotáinise iontas orm gach aon uair atáim ag éisteach léi agus mise ag léamh na bhfocail. Tá na consáin ceart go leor (seachas "v"...) ach "ao" agus "ae".., ní thuigim iad in aon chor. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 77 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, February 09, 2005 - 08:14 pm: |
|
'Bhfuil 's agat, tá níos mó ná litriú amháin don Bhriotáinis, agus leis an fhírinne a ráidht, níl an cionn seo rómhaith, go háiríd ní fhóireann sé má tá tú ’g iarraidh fuaimníocht cheart a dh’fhoghlaim. -v i ndeireadh focal = /w/ go minic. Cha bhfóireann an litriú sin do mhórán canúintí. Is do chanúint nádúrtha Prigent is mó a fhóireas sé. Is é sin le ráidht, nach bhfuil mórán cosúlachta eadar a bhfuil scríofa agus ar chóir a fhuaimniú más canúint eile atá ann. Is é sin a’ litriú is mó a mbaintear feidhm as (ar ábhair éagsúla atá casta go leor le míniú) sa lá inniu, ach tá litrithe eile ann fosta atá níos comhgharaí don chaint, nó ar a laghad, arbh fhusa foghlaim leis. "ao" = /o:/ go minic, amannaí /aw/ go háiríd i gcanúint Phrigent. "ae" = /e/ (foscailte, mar ae i nGaeilg) go minic. Ach braitheann sé ar an fhocal. Más mian leat canúint speisialta a fhoghlaim, caithfidh tú fuaimníocht achan fhocail a fhoghlaim in éineacht leis an fhocal, siocair gur minic a bíos fuaimníocht chorr agus neamhrialta ag na foclaí Briotáinise. ’S iomaí foghlaimeoir inniu (agus múinteoirí féin!) a fhuaimníos na foclaí mar a scríobhtar iad (fá mar ba Fhraincis a bheadh ann). Níl mórán céille leis sin ach is cuma leofa... |
|
|
|