Author |
Message |
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 43 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 08:01 am: |
|
chonaic mé go minic an focal áirithe, le deanai. an focal ata i gceist "chá". An feidir le aon duine a cur in iul dom mar gheall an miniu ar an focal sin agus an chaoi a bhaintear usád ás. is ás gaedlig o foinnse í, is docha, ach dó biodh an focal ionann ata faíghte i ngailge uládh fresin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 863 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 08:57 am: |
|
cha -> ní in Ultaibh |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 393 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 09:32 am: |
|
Ní thiocfaidh mé Cha thiocfaidh mé Níor dhún mé Char dhún mé I think that's how it works. In Scotland they say "eye" for yes; in Ulster they say "cha" for "no"! |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 44 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 10:23 am: |
|
cad is bhrí le "chan" mar sin ? chuala me le thana is mar a cheile "chan" is "nach bhfuil", an bhfuil se sin ceart?. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 50 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 10:36 am: |
|
Chan fhuil = níl (samplaí: http://www.geocities.com/Athens/8308/ulaidh.html) 'Chan' roimh fh nó guta, 'cha' gach uair eile, sílim. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 45 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 12:16 pm: |
|
An rud simula a chuala me roimh an tam seo. chan = nach. chan bhfuil = nach bhfuil. nilim cinnte ach duaradh liomsa sin e an fath. |
|
Máirín Ní Mháirtín Unregistered guest
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 02:14 pm: |
|
an bhfuil deireadh leis an bpósadh in Eirinn sa lá atá inniu ann????Cad a cheapann sibh?Tá aiste le déanamh agam!!!!! |
|
Lúcas
Member Username: Lúcas
Post Number: 110 Registered: 01-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 02:23 pm: |
|
A FnaB, a chara, Ní feidir leat feidhm a bhaint as an Aimsir Fháisteaneach agus an focal 'cha' agus cuireann an focal 'cha' urú roimh 'd' agus 't'. Cha dtagaim a deirtear in ionad Cha thiocfaidh mé. Sin é riail céanna i nGaeilge na hAlbain. (Message edited by lúcas on February 03, 2005) Mise le meas, Lúcas
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 45 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 01:27 pm: |
|
*Cha thiocfaidh mé > wrong, it is "cha dtigim": cha is followed by an urú of t and d, and by urú or séimhiú of the other letters. The future form of verbs can’t be used after "cha(n"), you have to use the present habitual form instead: tiocfaidh mé > cha dtigim *Char dhún mé > grammatically right, but "dún" isn’t used in Ulster, we say "druid", so i didn’t close = char dhruid mé >I think that's how it works. In Scotland they say "eye" for yes; in Ulster they say "cha" for "no"! In English? never heard that. In Ulster they say "aye" (that’s the right spelling, you can find it in Shakespeare’s works) as in Scotland. >cad is bhrí le "chan" mar sin ? chuala me le thana is mar a cheile "chan" is "nach bhfuil", an bhfuil se sin ceart?. Chan = ’cha’ roimh ghuta nuair is briathar atá i gceist. Is "chan" an leagan diúltach do "is" fosta (=ní). "Ní mise a rinn sin" = "Chan mise a rinn sin" srl. >chan = nach. chan bhfuil = nach bhfuil. >nilim cinnte ach duaradh liomsa sin e an fath. Níl sin ceart ar chor ar bith. Is féidir "cha(n)" a úsáid in áit "ní", agus chan in áit "nach" am ar bith. >Cha dtagaim a deirtear in ionad Cha thiocfaidh mé. Tá ’n riail i gceart agat ach níl na foirmeacha "tag-" ar fáil in Ultaibh, "tig-" atá againn (sin an fhoirm a d’úsáidfí i Sean-Ghaeilg) >Sin é riail céanna i nGaeilge na hAlban. Tá sé difriúil i nGaeilg na hAlban: ins an teangaí seo níl ach foirm amháin don aimsir gnáthláithreach agus don aimsir fháistineach. Agus is é atá ann fosta go bhfuil dheá fhoirm do achan briathar, foirm spleách (i ndiaidh míreannaí briathartha) agus foirm neamhspleách (gan mír rompu). Mar sin i nGaeilg na hAlban: I buy/I’ll buy = ceannaichidh mi I don’t buy/ I won’t buy = cha cheannaich mi Le cupla briathar neamhrialta níl ach foirm amháin ins an dá chás: I come/I will come= thig mi I don’t come/I won’t come = cha tig mi (a fhuaimnítear "cha dig mi" - cha scríobhtar na huruithe i nGaeilg na hAlban) |
|
Réaltán Ní Leannáin Unregistered guest
| Posted on Sunday, February 06, 2005 - 07:54 pm: |
|
Tá an ceart agaibh, cha bhíonn aimsir fháistineach le 'cha'. Chan úsáidtear 'chan fuil' amháin, áfach, úsáidtear 'Ní fhuil (níl}' de ghnáth agus úsáidtear 'chan fhuil' chun béim ar leith a chur in iúl. Charb(h) in áit níorb(h) is ar uile. Is thart fá cheantar Chloich Cheann Fhaola agus Oileán Thoraí, Inis Bó Finne a chluin tú a leithéid don chuid is mó. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 56 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, February 06, 2005 - 09:18 pm: |
|
Charb and níorb don’t exist, only charbh and níorbh, and they are the negative past/conditional form of the copula, not the negative particle before a verb. Chan fhuil is mainly used in answered and as u said, it’s emphatic. (nóta: srl = agus araile, agus chan *" agus ar uile"). Tá "cha" coitianta i nGaoth Dobhair fosta, agus i Ros Goill agus i gcanúintí na sé gcondae fosta nuair a bhí siad beo go fóill. Tá "cha" ar fáil ó dheas go dtí Teileann fosta ach níl sé gomh coitianta sin, agus cha mbaintear feidhm as ann ach le treise a chur i bhfreagar. |
|
Réaltán Ní Leannáin Unregistered guest
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 04:52 am: |
|
A Lughaidh chuala mé charb agus níorb minic go leor. B'fhéiidr gur ceart dom filleadh ar Mhachaire Rabhartaigh i dTír Chonaill lena rá leo nach ann dá gcuid cainte. nóta: fuair mé 'agus ar uile' ó Mhícheál Ó Murchú, i measc daoine eile, blianta fada ó shin. Ní úsáidtear cha chomh minic sin i nGaoth Dobhair agus téann siad ag magadh ar dhaoine a úsáideann a leithéid nach cainteoirí dúchais iad. Ta sé in usáid i Ros Goill ach is í Cloch CheannFhaola croílár 'cha'. Chonaic mé go leor den phlé atá déanta agat cheana le daoine eile anseo. Caithfidh mé rabhadh a thabhairt duit, áfach, níl aon testosterone agam le dul in adharca leat, mar a rinne Aonghus. Más mian leat roinnt oestrogen a fháil ar iasacht, tá fearadh na fáilte romhat, tá mo sháith agam. Chuir mé suas na pointí seo roimhe ó thaithí agus ó chroí, agus fáiltím roimh fhreagraí sa dul céanna. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 55 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 11:55 am: |
|
"nóta: fuair mé 'agus ar uile' ó Mhícheál Ó Murchú, i measc daoine eile, blianta fada ó shin." Agus má tá sé sa chaint, deir Lughaidh, tá sé ceart! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 66 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 03:26 pm: |
|
Cad é is ciall le "charb" agus "níorb" agus cá huair a bhaintear feidhm astu? Má tá sé ann deirfinn nach bhfuil ann ach fuaimníocht eile do "charbh" agus "níorbh"... Ní foclaí difriúla iad mar atá duifear eadar "arb" agus "arbh", "gurb" is "gurbh" srl agus chan féidir é. Baineann an -rb sin leis an aimsir láithreach agus leis an aimsir fháistineach don chopail. Agus maidir le "cha" is é a fhoirm san aimsir láithreach "chan" nuair is é ’n fhoirm dhiúltach don chopail agus chan dóigh liom go mbeadh "charb" ar bith ann. Agus tá sé fíor fosta maidir le "níorb". Má tá tú cinnte gurb é sin a’ rud a chuala tú (bhí mé i Machaire Rabhartaigh fosta ach char labhair mé le muitir na háite, chua’ mé a shiúl ar a’ tráigh fhada), is cinnte gur fuaimníocht áitiúil do "charbh"/"níorbh" atá ann. "Agus ar uile" scríofa mar sin? agus cad é ’s ciall leis? Is cóir "agus araile" a scríobh agus thig "araile" ó "al-aile", "aile" = "eile", chan "uile". Cuartaigh "ar uile" i bhfoclóir Uí Dhónaill ’s chan fhaghann tú a dheath, cuartaigh "araile" agus gheobhaidh tú rudaí suimiúla. Dá scríobhtaí "aruile" (focal amháin) ariamh is i nGaeilg Chlasaiceach a dhéantaí é agus cha mbaineann sé leis an tsanasaíocht (chan é ’n focal "uile" atá ann), i nGaeilg Chlasaiceach scríobhtaí go minic ai, ui, oi in áit a chéile sna siollaí neamhaiceanta ós rud é go bhfuaimníthear ar an dóigh chéarna iad uilig. ’S minic a chuala mé féin "cha" i nGaoth Dobhair agus ins na leabharthaí canúnaíochta a spíonas a’ chanúint sin amach léitear go bhfuil "cha" níos coitianta ná "ní" i nGaoth Dobhair, agus mar a deireann tú, go bhfuil sé níos coitianta aríst i dToraigh, i gCloch Cheannfhaola agus i Ros Goill. Leabharthaí mar Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects, An Teanga Bheo - Gaeilge Uladh, alt leis an Bhuachallach ins an iris Eriu (uimhir 28), alt eile leis an Dochartach ins an iris Eigse 16. Léigh iad... A Shéamais, cad é ’n duifear sa chaint eadar "ar uile" agus "araile", dar leat? Dá n-abróchainnse "ar uile" cha bheadh aon duifear eadar é seo agus "araile". Baineann an cheist sin le cúrsaí litrithe, chan le cúrsaí cainte. Slán go fóill (Message edited by Lughaidh on February 08, 2005) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 56 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 04:36 pm: |
|
Sa chaint atá agamsa, tá 'araighle' ann. Ní dóigh liom go scríobhfar mar sin mura dtuigtear mar 'uile' é. Focal mícheart a bhí ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 913 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 05:03 pm: |
|
Chreid mé riamh gur giorrú ar "agus rudaí eile" atá in araile. Feicim go bhfuil brí níos leithne ag Dineen agus Ó Donaill leis. Fuair mé an méid seo i bhFoclóir MacBain http://www.ceantar.org/Dicts/MB2/mb12.html#dara dara second, so Irish; Middle Gaelic darle (Oss. Ballad, Fernaig MS), *ind-araile, "the other", from ind = an, the, and Old Irish araile, alius = ar+aile, air+ eile, q.v., alalijos, Breton arall. Also an dala, the one of two, Old Irish, indala, from ind and aile, that is an and eile. Further, dàrna (= dala), Early Irish indarna, *ind-araile n-ai, the one of them (two), Old Irish indala n-ai, where ái, eorum, is the pl. of a, his. eile other, another, Irish eile, Old Irish aile, Welsh aill, all, Breton eil, all, Gaulish allo-, *aljo-, *allo-; Latin alius; Greek @Ga@'/llos; English else. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 57 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 09, 2005 - 09:30 am: |
|
Bhubh! Nach iontach an foclóir sin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 916 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 09, 2005 - 11:16 am: |
|
Is iontach. Mór an trua nach bhfuil a léithéid ann fós don Ghaeilge (ar an idirlíon, pé scéal é). |
|
Ciarán Dunbar
Unregistered guest
| Posted on Thursday, February 10, 2005 - 08:57 am: |
|
Tá sibh mí-cheart maidir le corr rudaí ansin. Is ionann cha agus ní amach is amach ach amháin nuair a thig na canúintí le chéile bíonn cha in úsáid in cásanna áirithe. Bhí an cheart ag an duine ansin a dúirt go bhfuil dhá chiall le briathra tar éis cha. Mar shampla is ionann cha bhím agus ní bhím AGUS ní bheidh. Chan fhuil sé chomh casta sin in dhiaidh tamaillín! Chomh maith leis sin bíonn úrú tar éis cha in amannaí nuair atá seimhiú in dhiaidh ní mar shampla Níor thug > cha dtug. Is ionann char agus níor cé go mbíonn cha in úsáid níos minic in Ultaibh leis na baithra neamh rialta. Níl cha le fáil taobh amuigh Uladh ach amháin in Acaill ar uairibh. Slán |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 80 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, February 10, 2005 - 01:58 pm: |
|
Mhínigh mé ’n méid sin cheana féin ;-) |
|
|