Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 832 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 30, 2005 - 09:19 am: |
|
Feictear dhom go gcuirtear in iúl go minic sa Ghaeilge go bhfuil coimhlint idir canúint agus caighdeán, agus nach mbeidh an caighdeán buan go mbanófar na canúintí. Ní thagam leis an dtuairim seo in aon chur. Tá canúintí laidre sa Ghearmainís atá i bhfad níos scartha óna chéile ná canúintí na Gaeilge. Ach fós tá caighdeán scríofa amhain ag lucht labhartha na Gearmáinise, ón muir Bhalt go dtí na hAlpanna. Ní shin le rá nach mbíonn ábhar litríochta le fáil sna canúintí; ach bíonn ábhar nach mbaineann le dúiche amháin sa chaighdeán. Fiú an Neue Zurcher Zeitung, tá sé so leite agamsa, cé nach dtuigim ach corr fhocail agus Eilvéisigh ag comhrá i Schwyzerdeutsch. Tuige nach leanadh muid an múnla úd? Is dóigh liom gur rud breá atá ann go roghnaíonn roinnt des na foghlaimeoirí ó SAM canúint bunaithe ar thuairim faoin áit ónar shiolraigh siad. Agus ní bheadh ciall le leagan iomlán caighdeánach den Oileánach, ná de Mo Bhealach Fhéin, ná den Druma Mór. Is mór an feall go bhfuil roinnt des na leabhair seo as cló, ach sin scéal eile. Mar sin, bíodh na nuachtáin (seachas corr alt dála "Dar mo leabhar bhreac"), na leabhair scoile, na tuarascáil, 7rl. sa Chaighdeán. Sa ghaeltacht agus sna gaeilscoileanna, ba cheart ceart an chanúint aitiúl (más ann di) a theagasc freisin. Agus na bacaimís le saraíocht; glacamís leis an tsaibhreas, agus cuirimís leis! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 42 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, January 30, 2005 - 10:51 pm: |
|
Aontaím leat go hiomlán. Tá ’n caighdeán deas go leor fá choinne rudaí oifigiúla. Fá choinne achan rud eile is dóigh liom gur fearr feidhm a bhaint as na canúintí. Tá fadhbannaí ann a bhaineas leis a’ chaighdeán: má theagasctar a’ caighdeán i scoltacha na nGaeltacht, creidfidh bunadh na Gaeltachta nach ceart a’ Ghaeilg atá acu féin. Agus cha mbeadh ciall ar bith leis sin, ós rud é gurb í Gaeilg na Gaeltachta an patrún teangtha is fearr do achan fhoghlaimeoir. Rud eile: muna dteaghasctar na canúintí in áit ar bith, is féidir go gcaillfear iad. De dheasca na scoltacha sin, tá cupla tréithe caighdeánacha aige páistí na Gaeltachta ’nois. Mór a’ truaigh é: cailltear cuid do shaibhreas na Gaeilge... Maidir leis na meáin, léim achan mhí altannaí na hirise ar-líne "Beo", agus is i dteangaí chanúnach go leor a chumfaí iad. Taitníonn liom sin, tá mé ’meas nach bhfuil blas ar bith ar Ghaeilg róchaighdeánaithe. Nuair a léim rud ineacht a scríobhadh i gcanúint, samhlaím tírdhreach na háite arb aisti don scríbhneoir srl. Míle fearr liom sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 833 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 31, 2005 - 04:19 am: |
|
Aontaím leat maidir leis na meáin, sa mhéid agus gur cheart do cholúnaithe, atá mar a bheadh siad ag déanamh comhrá leat, scríobh ina gcanúint nadúrtha fhéin. Sin atá i gceist le Beo. Is faoi altanna ag cuir rudaí "ar an dtaifead" a bhí mé ag tracht nuair a dúras gur cheart an caighdeán a úsáid. Agus tuarascáil riltais 7 rl. Is níthe iad sin a bhíonn "caighdeánach" i ngach teanga. Má chreideann bunadh na Gaeltachta go bhfuil a teanga ar chaoi éigin mícheart, tá feall a dhéanamh orainn uilig. Sin an fath go mbá cheart, sna scoileanna Gaeltachta ach go hairithe, meas don gcanúint logánta, agus an canúintí eile, a theagasc. Ach tá sé deacair go leor téacsleabhair a chuir ar fáil i ngaeilge in aon chor, gan a bheith ag cuir leis an bhfadhb tré leaganacha iomlán canúnacha a éileamh. Céard faoi muintir na mion Ghaeltachtaí ansin? Cé a chuirfeas leagan canúnach ar fáil dóibhsean? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 44 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 31, 2005 - 01:39 pm: |
|
Tá colúnaithe ann in Beo nach cainteoirí dúchaise iad, agus blas canúnach ar a gcuid d'ainneoin sin. Tarlaíonn a leithéid mar gheall ar eagarthóir go mion-minic. Tá cleachtadh ag a léitheoirí le stíl is stor focal éigin, agus aithrítear scríbhneoireacht nach gcloíann leis go minic. Tarlaíonn sé sin in Lá, agus Foinse, gan amhras. Mar eolas daoibh, sin uile. Aontaímse le hAonghus ar an ábhar seo. |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 80 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, February 01, 2005 - 03:06 am: |
|
"Seanfhocail [sic] as Acaill": "1. An turas is faide sa tsaol tosnaíonn [sic] sé..." Gaeilg bhreá Acla a bhí ag Tony Catherine Antoine, ach ní hí a chuir siad ins an leabhar sin. Creidim nach mó sochar ná dochar atá an caighdeán oifigiúil a dhéanamh don teangaidh bheo. Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 846 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 01, 2005 - 05:06 am: |
|
Braitheann sé ar conas a cuirtear i bhfeidhm é. Bhíodh claonadh ann ag eagarthoirí bachall easpaig trom an chaighdeáin a luascadh. Creidim go bhfuil cur chuige níos ciallmhaire ann anois; go hairithe ós rud é go bhfuil foilsitheoirí beaga neamhspléacha i mbun gnó. (Dála an scéil: d'fheadfainn "Creidim nach mó sochar ná dochar atá an caighdeán oifigiúil a dhéanamh don teangaidh bheo" a chonstrueáil mar "is ionann an sochar agus an dochar" ) |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 81 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, February 01, 2005 - 06:40 pm: |
|
>d'fhéadfainn "Creidim nach mó sochar ná dochar atá an caighdeán oifigiúil a dhéanamh don teangaidh bheo" a chonstrueáil mar "is ionann an sochar agus an dochar")< ogi§ d´e:tiN´ he:n´ e: v´ĩ:n´a:l mər un´dər§te:tm´in´t mad´ər L´e§ ə doxər ə ji:nin´ §e: gin´ t´aŋi v´o: gəs gə v´ahə Nə t´aŋu: Peadar Ó Gríofa
|
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 85 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, February 02, 2005 - 02:28 am: |
|
Is é sin, le @ in áit schwa: ogi§ d´e:tiN´ he:n´ e: v´ĩ:n´a:l m@r un´d@r§te:tm´in´t mad´@r L´e§ @ dox@r @ ji:nin´ §e: gin´ t´aŋi v´o: g@s g@ v´ah@ N@ t´aŋu: Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 855 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 02, 2005 - 04:21 am: |
|
A Pheadar, níl an córas fuaimnithe úd agam (ná aon cheann eile) - mar sin, ní thuigim ceard sa diabhal atá tú ag rá liom. |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 86 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, February 02, 2005 - 02:05 pm: |
|
"Ogais_déatainn héin é mhíneál mar undairstéitmint maidear_leis a dochar a dhíonain_sé goin_teanga_bheo gus go bheatha na teangú." “Agus d’fhéadfainn féin é a mhean-áil mar understatement maidir leis an dochar a dhéanann sé don teangaidh bheo agus do bheatha na teangadh.” Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 860 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 04:20 am: |
|
Thuig mé an ciall gan amhras. Ach bheadh "is mó dochar ná sochar" scríofa agam. Ní dóigh liom go bhfuil an "no more good than harm" sa dóigh sin sa Ghaeilge, ach thiocfadh sé go bhfuilim mí cheart. (Message edited by aonghus on February 03, 2005) |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 391 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 05:53 am: |
|
An bhfuil an caighdeán ar fáil ar an idirlíon ar chor ar bith? An doiciméad é? Ba mhaith liom é a léamh... In aon chaoi, tóg ceann de na teangacha is mó ar domhan: Béarla. Tá caighdeán litrithe ann, ach... feictear go bhfuil sé á shárú d'aon ghnó in áiteanna áirithe -- Na Stáit Aontaithe go háirithe: realise/realize, colour/color, through/thru, phone/fone Ní mé... an raibh siad ag úsáid chaighdeán na Breataine Móire ar dtús agus ansin, ar athraigh siad go dtína litriú féin... ? -- Beagán cabhrach le mo chuid Gaeilge le bhur dtoil: Theastaigh uaim ra: "It seems that it is being contravened..." 1: Feictear go bhfuil sé á shárú (á shárú = being contravened) 2: Feictear go bhfuiltear á shárú (á shárú = contravening it) Ar cheart dom cló iodálach a úsáid chun béim a chur ar "tá" thuas? Chuala mé "Do rinne" a rá in ionad "Rinne" -- an béim atá i gceist ann sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 862 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 06:01 am: |
|
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 51 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 10:46 am: |
|
Noah Webster, a Fhir na mBróg! Caighdeán eile (níos fearr :-) atá againne. Cad faoi 'bréagnú' mar contravene? |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 93 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 02:26 am: |
|
[Creidim nach mó sochar ná dochar atá an caighdeán oifigiúil a dhéanamh don teangaidh bheo.] >"is mó dochar ná sochar"< Sin an rud a scríobh mise i dtosach -- "Creidim gur mó..." -- ach: (S≤D)≠(D>S) >Ní dóigh liom go bhfuil an "no more good than harm" sa dóigh sin sa Ghaeilge< Ní i mBéarla a cheap mé an abairt, agus ní Béarla é sin a scríobh mé i bhfocla Gaeilge, ach an Ghaeilge mar atá sí agam inniu, mar atá mé ag fáil greim uirthi. Ar ndóiche, ní lú ná cinnte nach bhfuightheá an abairt chéanna, ná an ceann seo ach a leath-oiread, i leabhar an chaighdeáin oifigiúil. Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 868 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 04:47 am: |
|
quote:Cad faoi 'bréagnú' mar contravene? Ní dóigh liom é, a Sheamuis bréagnú [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach] a rá le duine nach fíor a ndúirt sé; a chruthú nach fíor rud. sárú [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach] briseadh (dlí rialach agus araile); éigniú (tearmann, bean, a shárú); bréagnú (argóint a shárú); buachan ar, teacht thar (duine a shárú i rás; níl a shárú le fáil; tá an leathchéad sáraithe aige); teacht roimh, ceapadh, teanntú (sáraigh na ba sin dom); crá, ciapadh (madra ag sárú caorach); tuirsiú (sáraithe ag an obair). Maidir le "Feictear", a FnaB, feictear dom go bhfuil gá le "dom" i ndiadh feictear. Níl fhios agam an bhfuil bealach ann "is seems" a rá. A Pheadar, ní raibh sé i gceist agam aon locht a fháil ar do chuid gaeilge, ní raibh mé ach ag rá nach raibh an brí iomlán soiléir domhsa! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 870 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 06:28 am: |
|
A Pheadar, tá an cheart agat le d'abairt. Mearbhall a bhí ormsa. Gabh mo léithscéal. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 53 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 09:55 am: |
|
>"is mó dochar ná sochar"< Is iomaí dochar ná sochar (leagan caighdeánach de, sílim) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 875 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 11:57 am: |
|
Ní dóigh liom é. Is iomaí dochar - chiallódh sé sin gurbh ní ann fhéin gach uile "dochar". Ach ní hea. iomaí [aidiacht den tríú díochlaonadh] (leis an gcopail) cuid mhaith, mórán (is iomaí uair a bhí mé ann). |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 884 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 05:27 pm: |
|
A FnaB, "Is cosúil" an Ghaeilge ar "it seems" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 885 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 05:36 pm: |
|
quote:feictear go bhfuil sé á shárú d'aon ghnó in áiteanna áirithe -- Na Stáit Aontaithe go háirithe: Is cosúil go sáraítear é d'aon ghnó in áiteanna áirithe... nó Is léir go sáraítear é d'aon ghnó in áiteanna (más cinnte go bhfuil an rud atá á rá agat fíor) |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 97 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, February 04, 2005 - 11:12 pm: |
|
Seo rud a scríobh Pádraig Ua Maoileoin ins an mbliain 1972, ins an réamhrá a scríobh sé don eagrán a rinne sé de "An tOileanách" le Tomás Ó Criomhthain: "Chuireas rud eile romham: ná lomhálfainn aon litriú ná raibh de bhonn dlistine leis ach foghraíocht na canúna féin agus gan é a bheith préamhaithe in ithir na staire ná na litríochta rud a chuirfeadh séala air agus a thabharfadh leithscéal chun a choimeádta dom. Thugas droim láimhe leis an gcaighdeán nuair a mheasas éagóir, ó thaobh staire agus eile, a bheith á dhéanamh aige ar an gcanúint féin, is é sin, gur choimeádas leithéidí na bhfocal 'tráigh', 'fánaidh', 'gnótha' mar ghinideach ar 'gnó', agus 'gnáthach' in ionad 'gnách'. Is ar an intinn chéanna a thugas thar n-ais 'is iomdha' in ionad 'is iomaí' an chaighdeáin atá bunaithe go neamhthuairimeach ar an tslí ina ndeirtear i gcanúintí eile é ach ná tagann in aon chor leis an tslí ina ndeirtear sa Mhumhain é, 'is mó' nó 'is mú.' Thugas an seanrud thar n-ais toisc gur réiteach é ar an tslí ina ndeirtear i ngach canúint é agus tá súil agam go ndéanfaidh ligeadóirí agus casadóirí an chaighdeáin athsmaoineamh ar an bhfoirm áirithe seo a thabhairt thar n-ais dúinn arís." Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 888 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 05, 2005 - 07:34 am: |
|
Agus in mó eolas a bhí aige siúd ar an gceist ná aoinne againn! Ní mór dom bheith níos cúramaí i léiriú mo thuarimí, is léir. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 601 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 05, 2005 - 08:01 pm: |
|
Chun na fírinne a rá, ní miste liom an caighdeán i leabhair, nó mar an teanga oifigiúil cé gur fearr liom na canúintí nuair atáimíd ag caint. Bheadh sé ana-dheacair (= do-dheanta) úsáid a bhaint as aon chanúint amháin mar teanga oifigiúil, is féidir liom a rá gan amhras ná glacfadh duine Chiarraí riamh canúint Chois Fhairrge mar a dteanga féin. :-) |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 102 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, February 05, 2005 - 11:27 pm: |
|
Ós rud cumtha é an caighdeán ar chaoi ar bith, d'fhéadfadh sé a leithide seo a mholadh: Dóigheadh an teach. do:jэγ эn´ t´ax Ansin d'fhéadfadh 'ach uile dhuine an briathar a scríobh mar sin agus a fhuaimniú de réir an chaighdeáin nó de réir a chanúna féin : do:jэγ do:x do:g do:β do:u: do:jэx do:çu: do:ju: Peadar Ó Gríofa
|
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 204 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, April 03, 2005 - 11:35 pm: |
|
"Is é an chaoi ar fhás deighilt idir dhá 'phobal' faoi leith a bhfuil an teanga ar a mbéal acu: corr-iarsma de phobal dearóil talmhaíochta gan mórán muinín acu astu féin, agus mionlach scaipthe meánaicmeach de náisiúnaithe de chuile dhath... Ar an gcéad iarraidh, is iomaí scáine sa gcóras caighdeánach féin a chuirfeadh dris i gcosán lucht foghlaim. Níl sé ag luí le réasún, cuir i gcás, go scríobhfaí naofa, snáfa, nuair a ghlactar le pógtha, scuabtha, agus an díghlórú céanna i gceist sa dá chineál. Chuideodh sé le lucht foghlaim dhá gcuirfí cosc le litriú iomrallach den tsórt sin. Ar ndóigh, bheadh sé sin fíor faoi bhunáite na leasaithe a mholfar anseo... B’fhearr cruaidh, gruaidh, ruadh, nuadh, báidh, pláigh, buaidh a scríobh in áit crua, grua, rua, nua, bá, plá, bua... Sampla deas atá sa bhfocal pá(ighe), mar a thug Ó Murchú faoi deara. Ní raibh aon chall a bheith i dtuilleamaí dromchla aon chanúint amháin, .i. pá, nuair a d’fhéadfaí na foirmeacha a shíolrú as páighe... Fearacht páighe, b'fhearr láighe, truaighe, nuaidheacht, luaigheacht ná láí, trua, nuacht, luaíocht... Ba chóir na focla dlí agus guí a scríobh mar dligheadh agus guidhe... Sna focla iomaí agus garraí, tá canúintí faoi leith roghnaithe faoi chomhair an Chaighdeáin. B'fhéidir go mbeadh sé níos cothroime iomdha agus gar(r)dha a scríobh. Ansin bheadh duine in ann iad a léamh mar /umi:/ nó /umu:/, /gari:/ nó /garu:/ de réir na canúna... Glacadh sa gCaighdeán le dheachaigh; ba chóir go nglacfaí freisin le fhacaidh, chualaidh, tharlaidh. Ar an gcaoi seo, ghéillfí do bhunáite na gcanúintí agus thaispeanfaí rialtacht... ...ba chóra léigheann, léighfidh, chomh maith le léighte, léaghamh ... Ar ndóigh, tá go leor briathra den chineál seo ann: dóigheann, tráigheann, súigheann, téidheann, srl. Fearacht léann nó líonn, fágann sáim, báim, srl. Co. Mhuí Eo agus Tír Chonaill as an gcomhaireamh...agus ba cheart sáitheann, sáithfidh... ...molann muid dlúthas, luathas, gnáthach a scríobh... Dhá dtuigfeadh an cainteoir gur bhain an litriú go dlúth lena chanúint féin is túisce a ghéillfeadh sé don chaighdeán. Dhá mba léir dó narbh iarracht eile é le canúint eile a bhualadh thall air, b’fhéidir go bhféadfaí canúnachas agus cúigeachas a chur i leataobh. Tar éis an tsaoil, easpa* muiníne is ciontsiocair leis an drogall atá ar chainteoir leaganacha as canúintí eile a tharraint aige féin..." -- Mícheál Ó Siadhail agus Arndt Wigger, "Córas Fuaimeanna na Gaeilge" http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e2-11.html *[.i. easbhaidh!] Peadar Ó Gríofa
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 91 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 04, 2005 - 09:51 am: |
|
Tá a fhios agat nach mbacann Mícheál Ó Siadhail leis an nGaeilge le beagnach fiche bliain anuas. An raibh dearcadh dearfach aige riamh? http://www.osiadhail.com/publications.html Iarghaois as a chuid tuairimí féin (conas a déarfá 'second guessing?'), tar éis an bhirt. "Dhá dtuigfeadh an cainteoir gur bhain an litriú go dlúth lena chanúint féin is túisce a ghéillfeadh sé don chaighdeán." Ní dóigh liom go mbeadh suim ar bith acu ann, mura bhfuil cheana féin. Éistim leis agus léim gach canúint, gan mórán stró. Agus d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge anseo i Meiriceá, mar dhuine fásta. Níl sé chomh deacair sin. |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 206 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, April 04, 2005 - 02:39 pm: |
|
Éistim leis agus léim gach canúint Á, tuigim. Éisteann tú le Mícheál Ó Siadhail agus léigheann tú gach canúint. Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1227 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 04, 2005 - 04:53 pm: |
|
Dána, dána. Ach greannmhar. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 92 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, April 04, 2005 - 05:07 pm: |
|
-is Muise. Tá brón orm nach bhfuilim chomh fiorfa libh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1229 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 04, 2005 - 05:13 pm: |
|
Fíorfa nó foirfe? Buile Uí Neachtain orainn uile anocht! Taimse ag dul a luí sula gcuirim olc ar éinne eile! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 93 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, April 05, 2005 - 10:07 am: |
|
Gabhaigí mo leithscéal. Bím rí-íogair le déanaí. Ní bhíonn comhrá ann níos mó. Bíonn gearáin faoin ngramadach (a bhí ceart sa chás seo, ach débhríoch, cé gur chuir sibh amhras orm). Ní raibh ann ach spraoi, tuigim anois. |
|