mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Aithris Filíochta ar-líne! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_mídheach_mealltach
Member
Username: An_mídheach_mealltach

Post Number: 12
Registered: 12-2004
Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 02:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo áis den scoth. Suíomh filíochta ar a bhfuil filíocht aitheanta le fáil i níos mó ná tríocha teanga éagsúil, Gaeilge, Gaidhlig na hAlban agus Béarla ina measc.

'Sé an rud is suntasaí faoi ná go bhfuil áis fuaime ann a ligeann duit éisteacht leis an bhfile féin ag aithris a chuid filíochta thar an idirlíon!

'Siad na filí Gaeilge atá ar fáil ag an suíomh ná Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhaill, Biddy Jenkinson agus Cathal Ó Searcaigh.

Seo an seoladh:

http://www.lyrikline.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 11
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, January 23, 2005 - 10:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cha bhfuaimníonn Biddy Jenkinson i gceart ná Gréagóir Ó Dúill; ba chóir daofa iarraidh ar chainteoirí dúchais a gcuid dántaí a léamh. Tá ’n triúr eile iontach maith, ar ndóighe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 795
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 24, 2005 - 04:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá aithne agam ar Bhiddy Jenkinson, agus níor thug mé faoi ndeara aon fadhbh lena blas. Go bhfios dom is cainteoir ó dhúchais í. (Is ainm chleite Biddy Jenkinson - Máire (sloinne dearmadtha) atá uirthi.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_mídheach_mealltach
Member
Username: An_mídheach_mealltach

Post Number: 16
Registered: 12-2004
Posted on Monday, January 24, 2005 - 12:26 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Cha bhfuaimníonn Biddy Jenkinson i gceart ná Gréagóir Ó Dúill; ba chóir daofa iarraidh ar chainteoirí dúchais a gcuid dántaí a léamh. Tá ’n triúr eile iontach maith, ar ndóighe."

Ta sé sin beagáinín ard-nósach a Lughaidh nach bhfuil!
Ceapann tú nach bhfuil a gcuid Gaeilge maith go leor chun a gcuid filíochta féin a aithris?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 20
Registered: 01-2005
Posted on Monday, January 24, 2005 - 03:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chan fhuaimníonn na cainteoirí dúchais na r-annaí mar i mBéarla, ach amháin na daoiní óga in Iarthar Chorcaí. Ní as an áit sin daoithe agus níl sí óg... Éist leis na filí eile agus an dóigh a bhfuaimníonn siad na r-annaí. Chan cuimhin liom rómhaith ach is dóigh liom go bhfuil fadhbannaí eile seachas na r-annaí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 803
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 24, 2005 - 04:52 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bíodh agat. Ach ní thagaim le do thuairim ó bheith ag éisteacht lei beo. Níor éist mé leis na dánta ar líne; níl Real Player agam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 804
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 24, 2005 - 05:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Táim ag éisteacht lei anois (ar líne), agus fós ní cloisim d'fhadhb - ach dar ndóigh is Gaeilgeoir cathrach mise.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 22
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, January 25, 2005 - 07:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I nGaeilg dhúchasach, bíonn dhá, trí nó ceithre sheort r-annaí, de réir na canúna atá i gceist.
I gcúige Mumhan cha bhíonn ann ach dhá chionn: cionn atá cosúil le r singil na Spáinnise agus cionn eile atá cosúil le ř na Seicise.

In Ultaibh tá ceathrar ann, an dá chionn a luaigh mé thuas, agus r caol níos "treise", agus r leathan ina ndéantar níos mó ná buille amháin teangtha (mar rr na Spáinnise).

Eist le Biddy Jenkinson agus le G. O Dúill agus cha gcluinfidh tú ach seort amháin ’r’: cionn a’ Bhéarla. Níl an ’r’ sin le fáil ach amháin ó Bhéarlóirí dúchais agus ó Ghaeilgeoirí dúchais as Iarthar Chorcaí. Más Gaeilgeoir cathrach thusa, is dócha gur mar iad a fhuaimníos tú na r-annaí :) , sin a’ fáth nárbh ait leat cionn ar bith ina gcaintsean, ach bíodh ’s agat nach mar sin a d’fhuaimneochadh Gaeilgeoirí dúchais, níl ort ach éisteacht leis an triúr filí eile ’s mothóchaidh tú ’n duifear ;)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 812
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 04:14 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is cosúil go bhfuil sainmhiniú eile agat ar ghaeilgeoir ó dhúchais ná mar atá agamsa. Tógadh le gaeilge mise, agus m'athair romham, cé gurbh i mBÁC a tógadh muid.

Maíom, agus an cheart sin agam, gurbh gaeilgeoir ó dhúchas mé. Is mó duine a tógadh le gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus gurbh í an Ghaeilge a gcéad teanga.

Tagaim leat go bhfuil roinnt de shaibhreas na gaeltachat in easnamh orainn, toisc gan an deis a bheith againn bheith báite i gcomhluadar Gaelach de shíor.

Ach ní ghlacaim leis go bhfuil muid inár gcainteoirí dara ghrád da bharr.

Go deimhin feictear dhom go bhfuil an-mhuineál agatsa mar foghlaimeoir ón gcoigríoch a bheith ag leagan síos slat tomhais agus ag diúltú do roinnt des na filí is fearr atá againn faoi láthair.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_mídheach_mealltach
Member
Username: An_mídheach_mealltach

Post Number: 17
Registered: 12-2004
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 06:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní cainteoir dúchais Gaeilge é Michael Davitt ach an oiread. D'fhéadfaí argóint a dhéanamh an cainteoir dúchais ceart í Nuala Ní Dhomnaill mar gur rugadh agus gur tógadh í ar feadh tamaill i Sasana.
An t-aon fhile ansin a fuineadh agus a fáisceadh sa Ghaeltacht as an gcúigear sin ná Cathal Ó Searcaigh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 07:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mhothaigh mé féin, agus níl a fhios agam an fíor é, go bhfuil r caol Chill Chainnigh, nó 'caol-r Osraí' más fearr leat, le clos fán Chroisbhealach i dtólamh de thairbe spailpín darb ainm Mac Giolla Feadair a chuaigh an bealach sin dhá chéad bliain ó shin.
Ní fheadair mé an fíor san a chairde?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 24
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 07:55 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Is cosúil go bhfuil sainmhiniú eile agat ar >ghaeilgeoir ó dhúchais ná mar atá agamsa. >Tógadh le gaeilge mise, agus m'athair romham, >cé gurbh i mBÁC a tógadh muid.

>Maíom, agus an cheart sin agam, gurbh >gaeilgeoir ó dhúchas mé. Is mó duine a tógadh >le gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus gurbh >í an Ghaeilge a gcéad teanga.

>Tagaim leat go bhfuil roinnt de shaibhreas na >gaeltachat in easnamh orainn, toisc gan an deis >a bheith againn bheith báite i gcomhluadar >Gaelach de shíor.

>Ach ní ghlacaim leis go bhfuil muid inár >gcainteoirí dara ghrád da bharr.

Dá mba Ghaeilgeoir dúchais thú cha ndéanfá ’n méid seo meancógaí gramadaí, a chara ;-)
Gaeilgeoir dúchais: duine a tógadh le Gaeilg a tugadh ó ghlúin go glúin. An as a’ Ghaeltacht do d’athair ? Ina theannta sin, chan dóigh liom gur féidir le duine a ráidht gur cainteoir dúchais é munab í Gaeilg na Gaeltachta atá aige.

>Go deimhin feictear dhom go bhfuil an-mhuineál agatsa mar foghlaimeoir ón gcoigríoch

a’ magadh ’tá tú ? Cad é ’n duifear eadar foghlaimeoir ón choigríoch agus foghlaimeoir ó Eirinn? Cibé ’r bith, is ó chainteoirí dúchais a fuair mé mo chuid Gaeilge (sin a’ fáth a bhfuil Gaeilg gomh canúnach sin agam agus chan Gaeilg chaighdeánach Bhaile Atha Cliath). ’Síleann tú go bhfuil Gaeilg níos fearr agatsa siocair gurb in Eirinn a rugadh tú?

>a bheith ag leagan síos slat tomhais agus ag >diúltú do roinnt des na filí is fearr atá >againn faoi láthair.

char scríobh mé nach rabh a gcuid dántaí go maith, ach gur mór a’ truaigh nach bhfuaimníonn siad mar ba chóir.


>Ní cainteoir dúchais Gaeilge é Michael Davitt >ach an oiread. D'fhéadfaí argóint a dhéanamh an >cainteoir dúchais ceart í Nuala Ní Dhomnaill >mar gur rugadh agus gur tógadh í ar feadh >tamaill i Sasana.

Is amhlaidh atá a fhios sin agam, ach is cuma sin ós rud é go bhfuaimníonn siad ar nós Ghaeilgeoirí dúchais! Sin a’ rud is tábhachtaí mar fhilí atás a’ léamh a gcuid dántaí.
Má fhuaimníonn duine go foirfe, thig leat a mheas go labhrann sé go foirfe fosta: ar nós Ghaeilgeoirí dúchais. Muna bhfuaimníonn an duine ar nós Ghaeilgeoir dúchais, bhuel, thig leat fiafraí daot féin an bhfuil an fhuílleach cosúil lena bhfuil ag cainteoir dúchais: ní hé ’n fhuaimníocht an rud is deacra a dh’fhoghlaim i nGaeilg. Is dóigh liom féin gurb é ’n rud is deacra smaoitiú i nGaeilg.

>An t-aon fhile ansin a fuineadh agus a >fáisceadh sa Ghaeltacht as an gcúigear sin ná >Cathal Ó Searcaigh.

Cinnte. ’S as Gort a’ Choirce dó. Chaith mé tamalt maith thall agus is beag Béarla ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 25
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 08:09 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cupla ceartúchán anois:

>Is cosúil go bhfuil sainmhiniú eile agat ar >ghaeilgeoir ó dhúchais

cad chuighe ’bhfuil "dúchas" sa tuiseal ghinideach ansin?

>Maíom,

maím...

>agus an cheart sin agam,

focal firinscneach é "ceart"...

>gurbh gaeilgeoir ó dhúchas mé.

cha mbaintear feidhm as "gurbh" ach amháin roimh ghuta (aidiacht nó réamhfhocal): sa chás s’agat ní aidiacht ná réamhfhocal atá ann ach ainmfhocal agus cha dtoisíonn sé le guta... Níl Gaeilgeoir dúchais ar bith ann a déarfadh a leithéid.

>Is mó duine a tógadh le gaeilge lasmuigh den >Ghaeltacht, agus gurbh í an Ghaeilge a gcéad >teanga.

Agus an bhfuil Gaeilg cheart acu sin uilig? Nó Breac-Ghaeilg? Char chuala mise mórán Gaeilgeoirí maithe taobh amuigh don Ghaeltacht.

>Tagaim leat go bhfuil roinnt de shaibhreas na >gaeltachat in easnamh orainn,

Sin a’ duifear mór eadar cainteoir dúchais agus duine a d’fhoghlaim a’ Ghaeilg ar chaoi eile...

>toisc gan an deis >a bheith againn bheith báite i gcomhluadar >Gaelach de shíor.

bheadh Gaeilg shaibhir ag cainteoir dhúchais agus é taobh amuigh don Ghaeltacht fosta.

>Ach ní ghlacaim leis go bhfuil muid inár >gcainteoirí dara ghrád da bharr.

Tá tú i ndiaidh a scríobh go raibh saibhreas in easnamh oraibh...

>Go deimhin feictear dhom go bhfuil an-mhuineál >agatsa mar foghlaimeoir

mar fhoghlaimeoir: séimhiú i ndiaidh mar...

>ón gcoigríoch a bheith ag leagan síos slat >tomhais agus ag diúltú do roinnt des na filí is >fearr atá againn faoi láthair.

chan daofa a dhiúltaím ach dá bhfuaimníocht. Is rud tábhachtach atá ann bheith ábalta teangaí a dh’fhuaimniú gan tionchar do theangaí dhúchais a theacht air.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 26
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 08:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Rud eile le míniú nach Gaeilgeoirí dúchais na daoiní uilig a cuireadh Gaeilg ropa ’s iad ’na bpáiste:

Cuir i gcás, tá giota beag Gearmáinise agam. Dá gcuirfinn feabhas uirthi bheadh sí agam go réasúnta líofa. Nuair a bheadh páistí agam labhróchainn Gearmáinis leofa go minic. Mar sin is féidir a ráidht gur tógadh le Gearmáinis iad. An cainteoirí dúchais iad ? Chan eadh!
Tá ’n rud sin fíor le cibé teangaí.

Ins an fhrása "cainteoir dúchais", tá ’n focal dúchas le fáil... Is é an rud dúchas cultúr is teangaí a tugadh ó ghlúin go glúin. Cha dtig leat bheith ’do chainteoir dúchais munab fhuil an dúchas sin ag do mhuintir ó ghlúin go glúin, ’dtuigeann tú mé?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 08:55 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní thuigim a Lughaidh.

>>>Is é an rud dúchas cultúr is teangaí a tugadh ó ghlúin go glúin. Cha dtig leat bheith ’do chainteoir dúchais munab fhuil an dúchas sin ag do mhuintir ó ghlúin go glúin, ’dtuigeann tú mé?

An dtiocfadh leat beagán a chur leis an mhéid sin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 814
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 09:07 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní ghlacaim le do thuarim, a Lughaidh.
Is eol dom go bhful botúin i mo chuid gaeilge scríofa, ach maím fós gur cainteoir dúchais mé. Tógadh le Gaeilge mé; Tógadh le gaeilge m'athair. Gaeilge an teanga teaghlaigh a bhí againn.

Maidir le foghlaimeoir ón gcoigríoch nó ó Éirinn: níor dhein mé an comparáid sin. An mbeadh sé níos soléire da scríobhadh mé, foghlaimeoir, agus duine ón gcoigríoch?

An phointe atá a dhéanamh agam ná go bhfuil pobal le gaeilge sna cathracha le céad bliain anois; agus gurbh cainteoirí dúchais na daoine sin arbh í an Ghaeilge a dteanga teaghlaigh.

Feictear dhom nach bhfuil aon taithí agat ar an bpobal sin, toisc nár chaith tú aon am inár measc: mar sin, níl sé de cheart agat a bheith ag leagann síos slat tomhais dhúinn.

Fch freisin:
http://dictionary.reference.com/search?q=native%20speaker

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 36
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 10:55 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is minic nach mbíonn gramadach cheart ag cainteoir dúchais an Bhéarla, agus is dócha gurb amhlaidh le hAonghus sa Ghaeilge. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá dtógfaí i limistéir lánGhaeilge é. Pointe don dá thaobh araon!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 11:30 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>> Pointe don dá thaobh araon!

Níl a fhios agam a Shéamais. Is róréidh ag an mo dhuine eile an mhéar a shíneadh, mar a rinne daoine eile roimhe, as ceartchreideamh canúna. Is iondúil gur fear óg iasachtach a thagann an bealach gach ré bliain agus a ghlacann chuige féin canúint móide cruinneas Uladh a tharrtháil ar státseirbhean BhÁC. Tagaid le canúint eile a tharrtháil chomh maith céanna, ach is measa a ghlacann daoine leis an ngalar áirid seo in Ultaibh faraor.

Tá mo dheasóg tite díom de bheith ag ceartú cainteoirí 'dúchais' mar dhea i mo chuid oibre agus is beag liom an té a alpfas rialacha scríbhneoireachta mar shlat tomhais ar an aicme chéanna. An té a tháinig chun na Gaeilge le faobhar cheana, agus a rinne saothar caithfidh mé a rá, bhlais sé de thanúlacht na Gaeilge (thuaidh) i ndeireadh báire. (Rithfidh sé leat cé tá i gceist agam.) Thit na léaspáin dá shúile agus thosaigh sé ag léiriú spéise, in Oileánach an Chriomhthanaigh agus i gcodanna eile na Mumhan.
Ba chuma liom i dtaca le róluí le canúint thar a chéile. Is deas an rud an chanúineolaíocht, ach is deise an chanúineolaíocht agus blaisín den mhodhúlacht tríd.

Ag magadh ar ndóigh a bhíos leis an dá phost roimhe seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 37
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 12:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Táimse idir dhá chomhairle maidir leis an gcanúnachais sa scríobhneoireacht. Agus tá saibhreas ann, gan amhras. Ní dóigh liom go bhfuil Lughaidh ag gearán faoi chanúint (nó easpa chanúna) Aonghus, ach an mbunghramadach. B'fhearr liomsa Gaeilge le dhá e a léamh, mise féin.
Is fíor gur tógadh sa Ghaeltacht é Cathal Ó Searcaigh, ach an bhfuil sé ag scríobh filíocht dúchasach? Tá smaointe suimiúla ar an ábhar seo in Comhar na míosa seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 02:31 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Easpa dúchais, easpa 'r' caol, nó easpa cibéard ann nó as, tá bealach fada le gabháil ag Lughaidh le beith ag beachtú ar leithéidí Uí Dhúill nó Jenkinson. Maidir le scríobh, b'fhiú dó súil a chaitheamh siar ar a bhfuil breactha aige féin thuas arís, go fiú sa sliocht ceartúcháin san áit a mba cheart a bheith san airdeall. Ní deas an rud a bheith ag ceartú ar scríobh éinne in ionad poiblí. Ní ceart a dhéanamh.

Níl aon urlabhra gan cháim ag siúl le cainteoirí dúchais na Gaeltachta ar na saolta seo. Is fíorbheag an líon cainteoirí nach bhfuil Béarla láidir de chineál éigin acu. Tá gach cineál ina measc ar nós aon dream cainteoirí eile, ach feiceann súil ghlas saol glas ina dhiaidh sin agus ní morán is féidir a rá leis an duine nach bhfuil ag éisteacht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_mídheach_mealltach
Member
Username: An_mídheach_mealltach

Post Number: 19
Registered: 12-2004
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 03:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ach a Lughaidh, is minic an nós ag cainteoirí dúchais Béarla a mheascadh isteach lena gcuid Gaeilge:

"Fair play dhuit"

"Tá mé alright srl."

"Léigh mé an riot act dóibh"

Bíonn siad ag ligint don Bhéarla dul i bhfeidhm ar a gcuid Gaeilge. Agus ní i measc an aosa óig amháin atá an nós sin.
An gciallaíonn sé sin nach cainteoirí dúchais cearta iad?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 38
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 04:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá achrann ann faoi nósanna éagsúla na gcanúintí agus an ghramadaí againn ó thús na hathbheochana (nó roimhe sin, fiú), agus beidh a leithéid ann go deo. Bímis ag foghlaim na Gaeilge...go humhal! Beimid álraight, sa dóigh sin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 27
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 09:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach iomaí sin téacs a bhfuil orm a fhreagairt...

>Ní ghlacaim le do thuarim, a Lughaidh.
>Is eol dom go bhful botúin i mo chuid gaeilge scríofa, ach maím fós gur cainteoir dúchais mé. >Tógadh le Gaeilge mé; Tógadh le gaeilge m'athair. Gaeilge an teanga teaghlaigh a bhí againn.

Ar tógadh d’athair mór le Gaeilg ? ’dtuigeann tú, muna raibh Gaeilg cheart na Gaeltachta aige sin, chan Gaeilg cheart a chuir sé roimhe d’athair agus mar sin chan Gaeilg cheart a chuir d’athair romhat, ach amháin, má chua’ duine acu ’na Gaeltachta le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

>Maidir le foghlaimeoir ón gcoigríoch nó ó Éirinn: níor dhein mé an cHomparáid sin. An mbeadh sé níos soIléire da scríobhadh mé,

Modh coinníollach: dá scríobhfainn. Níl * "dá scríobhadh mé" ar bith ann. Cha ndéarfadh cainteoir dúchais ar bith sin ! Munab fhuil réimniú bunúsach na Gaeilge agat... bhuel



>An phointe atá a dhéanamh

an pointe atá á dhéanamh agam

>agam ná go bhfuil pobal le gaeilge sna cathracha le céad bliain anois;

tá ach an Gaeilgeoirí dúchais iad ? Cad chuighe nach bhfuil Gaeltachtaí ach amháin in Iarthar na hEireann agus i gCo. na Mí mar sin?

>agus gurbh cainteoirí dúchais na daoine sin arbh í an Ghaeilge a dteanga teaghlaigh.

"agus gUR chainteoirí..."

>Feictear dhom nach bhfuil aon taithí agat ar an bpobal sin, toisc nár chaith tú aon am inár measc: mar sin, níl sé de cheart agat a bheith ag leagann síos slat tomhais dhúinn.

char chaith mé mórán ama le muitir na gcathrach ach is minic a labhair mé le daoiní as Baile Atha Cliath a tógadh le Gaeilg do dhálta féin, agus cha rabh acu ach Gaeilg bhriste, leis an fhírinne a ráidht. Is minic a chuala mé Eireannaigh a d’úrt gur chainteoirí dúchais iad agus ghéanfadh siad cuid mhór meancóg, cha rabh fuaimníocht cheart acu ar chor ar bith (an crampa gallda acu: "r" an Bhéarla, "c" in áit "ch", "g" in áit dh agus gh srl, tá ’s agaibh cad é na fadhbannaí fuaimníochta a ghníos na Béarlóirí ’s iad a’ féacháil le Gaeilg a labhairt). D’úrt siad gur chainteoirí dúchais iad siocair gur chaith siad tamalt i nGaelscoltacha nó gur labhair a dtuismitheoirí Gaeilg leofa (ach ar Ghaeilg cheart sin muna rabh ach gota beag Gaeilge acu sin?).

>Fch freisin:
>http://dictionary.reference.com/search?q=native%>20speaker

Níl an sainmhíniú sin foirfe, amharc ar ar scríobh mé thuas: má thógtar páiste le teangaí nach dúchasach nó le teangaí neach ceart, chan féidir a ráidht gur cainteoir dúchais é.


>Is minic nach mbíonn gramadach cheart ag cainteoir dúchais an Bhéarla, agus is dócha gurb amhlaidh le hAonghus sa Ghaeilge. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá dtógfaí i limistéir lánGhaeilge é. Pointe don dá thaobh araon!

Nach mbíonn gramadach cheart ag cainteoir dúchais Béarla ? Ach cad é na meancógaí a ghníos siad sin ? Tabhair sampla domh. ’Síleann tú go bhfuil na meancógaí sin gomh mór le meancógaí bunúsacha mar a rinn Aonghas? Chan dóigh liom é. Agus caithfear duifear a dhéanamh fosta eadar an teangaí chaighdeánach (rud suibiachtúil atá ann!) agus an teangaí labhartha. Deirtear "gur ’s iomaí" i dTír Chonaill, níl sin ceart de réir an chaighdeáin, ach de réir córas na teangtha níl sé mícheart: deireann John Ghráinne é. Ní meancóg ar bith sin. Teangaí labhartha atá ann. Sampla eile i mBéarla: in Eirinn deireann daoiní "I done" in áit "I did". An meancóg sin? Ní headh, siocair go ndeireann cuid mhór daoiní é. Cha ndeireann siad sin siocair nach bhfuil ’s acu cad é ’n fhoirm "cheart", ach siocair gur forbairt ins a’ teangaí labhartha atá ann. Agus chan ó na "foghlaimeoirí" a thig na forbairtí sin, ach ó athrach na teangtha istoigh i bpobal na Gaeilge dúchais.

Is cainteoir dúchais Fraincise agam agus cha ndéanaimse meancógaí i bhFraincis, agus go háiríd tá ’s agam cad é mar a réimneochaí briathar sa mhodh choinníollach, cha gcumaimse foirmeacha nach bhfuil ann agus nach raibh ariamh. Cha ndéanann cainteoir dúchais meancógaí bunúsacha ina theangaí dhúchais.

>Níl a fhios agam a Shéamais. Is róréidh ag an mo dhuine eile an mhéar a shíneadh, mar a rinne daoine eile roimhe, as ceartchreideamh canúna.

Char mhaígh mé rud ar bith ó thaobh na gcanúintí dó, a chara (nó abair liom cá háit?). Tá eolas measartha agam ar chanúintí na Gaeilge agus tá ’s agam cad é atá le fáil sa chaint (cibé canúint) agus cad é nach bhfuil ann ’s nach rabh ariamh. Abair liom cá háit nó cad é ’n t-am a ndéarfaí "scríobhadh mé" le "scríobhfainn" a ráidht !

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 28
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 09:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Is iondúil gur fear óg iasachtach a thagann an bealach gach ré bliain agus a ghlacann chuige féin canúint móide cruinneas Uladh a tharrtháil ar státseirbhean BhÁC. Tagaid le canúint eile a tharrtháil chomh maith céanna, ach is measa a ghlacann daoine leis an ngalar áirid seo in Ultaibh faraor.

Abair liom anois cad é ’n chanúint ina ndéarfaí na meancógaí a rinn Aonghas ar ball... Cha mbaineann siad sin le cúrsaí canúnaíochta ach le cúrsaí gramadaí bunúsaí.


>Táimse idir dhá chomhairle maidir leis an gcanúnachais sa scríobhneoireacht. Agus tá saibhreas ann, gan amhras. Ní dóigh liom go bhfuil Lughaidh ag gearán faoi chanúint (nó easpa chanúna) Aonghus, ach an mbunghramadach.

Bulaí fir, ’s tusa ’n t-aon duine ’mháin a thuig cad é ’bhí mé a mhaíomh !

>Is fíor gur tógadh sa Ghaeltacht é Cathal Ó Searcaigh, ach an bhfuil sé ag scríobh filíocht dúchasach? Tá smaointe suimiúla ar an ábhar seo in Comhar na míosa seo.

Abhar eile atá ann. Fá dtaobh don teangaí a bhí muid a’ caint. Gaeilg dhúchasach atás aige Cathal O Searcaigh, is cuma cad é ’bhreacfadh sé.

>Easpa dúchais, easpa 'r' caol, nó easpa cibéard ann nó as, tá bealach fada le gabháil ag Lughaidh le beith ag beachtú ar leithéidí Uí Dhúill nó Jenkinson.

ach amháin ó thaobh na fuaimníochta dó.

>Maidir le scríobh, b'fhiú dó súil a chaitheamh siar ar a bhfuil breactha aige féin thuas arís, go fiú sa sliocht ceartúcháin san áit a mba cheart a bheith san airdeall. Ní deas an rud a bheith ag ceartú ar scríobh éinne in ionad poiblí. Ní ceart a dhéanamh.

Amharc suas ar bharr do scáileáin agus tchífidh tú ’n rud seo: The Daltaí Boards = The Boards of the Learners/Students. Is daltaí muid agus mar sin, is dóigh liom go dtáinig muid uilig anseo le feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge. Mar sin, tá mé ’meas go bhfuil ceart aige achan duine againn a chéile a cheartú más gá. Theisteáin mé na meancógaí a rinn Aonghas le cruthú dó go ndéanann sé meancógaí nach ndéanfadh cainteoir dúchais ar bith. Sin a’ méid.

>Níl aon urlabhra gan cháim ag siúl le cainteoirí dúchais na Gaeltachta ar na saolta seo. Is fíorbheag an líon cainteoirí nach bhfuil Béarla láidir de chineál éigin acu.

>Ní leithscéal ar bith sin. Bhí Aonghas a’ ráidht gur cainteoir dúchais é agus d’fhéach mé le cruthú dó nárbh fhíor sin. Tá foghlaimeoirí ann nach n-abrann gur cainteoirí dúchais iad agus cha ndéanann siad meancógaí mar a ghéanfadh Aonghas.

>Tá gach cineál ina measc ar nós aon dream cainteoirí eile, ach feiceann súil ghlas saol glas ina dhiaidh sin agus ní morán is féidir a rá leis an duine nach bhfuil ag éisteacht.

Tá ’n ceart agat.


>Ach a Lughaidh, is minic an nós ag cainteoirí dúchais Béarla a mheascadh isteach lena gcuid Gaeilge:
>"Fair play dhuit"

>"Tá mé alright srl."

>"Léigh mé an riot act dóibh"

>Bíonn siad ag ligint don Bhéarla dul i bhfeidhm >ar a gcuid Gaeilge. Agus ní i measc an aosa óig >amháin atá an nós sin.
>An gciallaíonn sé sin nach cainteoirí dúchais cearta iad?

Char labhair mé faoi sin ar chor ar bith agus níl mórán bainte eadar seo agus a rabh mé ’maíomh roimhe sin. Tá foclaí iasachta i chóir a bheith achan teangaí don domhain agus cha gciallaíonn sé nach bhfuil teangaí cheart aige na cainteoirí nó nach cainteoirí dúchais iad. Is amhlaidh atá’s agam cad é’n dóigh a labhartar Gaeilg sa Ghaeltacht - go háiríd i dTír Chonaill. Is fíor a ráidht gur ’s iomaí focal Béarla i gcaint na Gaeltachta ach ina dhiaidh sin cha ndéanann bunadh na háite meancógaí, fuaimníonn siad i gceart agus níl fadhb ar bith ann. Níl baint ar bith eadar cruinneas teangtha agus foclóir !
Nó ba teangaí mícheart ar fad a’ Béarla: thig a’ chuid is mó de dh’fhoclaí na teangtha sin ón Laidin nó ón Fhraincis...

Adh mór oraibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 815
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, January 27, 2005 - 05:07 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Muise.

Diarmaid Ó hAlmhain m'áthair mór. Nuair atá leath an méid déanta agatsa agus a rinne seisean, a dhailtín, leis an teanga a chuir chun cinn, glacadh me le cáineadh uait.

Go dtí sin, nílim chun aird ar bith a thabhairt ar do mhaslaí bunaithe ar aineolas agus éirí in airde.
(Message edited by aonghus on January 27, 2005)

(Message edited by aonghus on January 27, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mac Léinn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Thursday, January 27, 2005 - 06:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dúirt Lughaidh:
" Modh coinníollach: dá scríobhfainn. Níl * "dá scríobhadh mé" ar bith ann. Cha ndéarfadh cainteoir dúchais ar bith sin ! Munab fhuil réimniú bunúsach na Gaeilge agat... bhuel"

A Lughaidh, TÁ an nós thuasluaite le fáil i canúint Chonamara. Níl sé sa chaighdeán oifigiúil ach ní hionann sin is a rá nach Gaeilge dhúchais atá ann. Tá mise i mo chónaí le cainteoirí dúchais ón nGaeltacht(Conamara agus Árainn) a bhfuil an leagan sin den mhodh coinníollach acu. Beag an baol go mbeinn de dhánacht a rá leo go bhfuil siad mícheart. B'fhéidir nach ndéarfadh cainteoir dúchais as Gaoth Dobhair an leagan sin, ach sin scéal eile....
Is dóigh liom go bhfuil sainmhíniú i bhfad ró-chaol agat ar céard is Gaeilge cheart ann. Cuimhnigh go bhfuil go leor de chanúint Ghaoth Dobhair nach bhfuil sa chaighdeán ach an oiread.

"Eist le Biddy Jenkinson agus le G. O Dúill agus cha gcluinfidh tú ach seort amháin ’r’: cionn a’ Bhéarla. Níl an ’r’ sin le fáil ach amháin ó Bhéarlóirí dúchais agus ó Ghaeilgeoirí dúchais as Iarthar Chorcaí."

Má tá an 'r' sin ag cainteoirí duchais Chorcaí, nach gciallaíonn sé sin gur Gaeilge dhúchais í? Nó an é go bhfuil locht agat air mar nach bhfuil sé ag lucht Ghaoth Dobhair?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 40
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, January 27, 2005 - 10:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Lughaidh: "i chóir a bheith"
Mac Léinn: "i canúint"
i gcóir, i gcanúint!

D'aon turas a rinne mé iarracht an ábhar a mhalartú!

Agus duine ag scríobh i ngcanúint dhubh dhorcha mar a dhéanann tusa a Lughaidh, bíonn sé i bhfad níos deacra bheith cinnte go bhfuil botún ann nó nach bhfuil. Níos sábháilte?
Má tá rud sa chaint ag éinne, an ceart é? Cad is ceart ann (mar a déarfadh Mac Léinn thuas, déarfainnse)? Is Béarlóir Meiriceánach mé. Dá mbeadh Béarla Georgia nó Maine Thuaidh agam, dhéanfainn mo sheacht ndícheal GAN an 'chanúint' sin a úsáid le duine nach bhfuil as mo cheantar féin, mar bhéinn dothuigthe do dhuine as Siceágó nó California. Tá gá le caighdeán, le teanga intuigthe do chuile dhuine. Nuair a labhraíonn George Bush le daoine as Texas, cloistear a bhlas i bhfad níos mó ná nuair atá sé ag caint os comhar an náisiúin. Tá do chanúint go breá, ach ní bhíonn sé oiriúnach i gcónaí! Ní fheadar cad ina thaobh go bhfuil fadhb ag éinne leis an dtuairim sin! :-)
Maidir le botúin ghramadacha sa Bhéarla, ar chuala tú faoi ebonics riamh? Agus maidir leis an bhFraincis, an bhfuil tú sásta gur Francais 'cheart' iad gach patois atá ann?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 31
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, January 27, 2005 - 01:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Diarmaid Ó hAlmhain m'áthair mór. Nuair atá >leath an méid déanta agatsa agus a rinne >seisean, a dhailtín, leis an teanga a chuir >chun cinn, glacadh me le cáineadh uait.

Má ba Ghaeilgeoirí don scoith d’athair is d’athair mór, cad chuighe a ndéanann tú meancóg amháin ar a laghad i chóir a bheith achan abairt dá mbreacann tú? Nach leofa a d’fhoghlaim tú Gaeilg?

>A Lughaidh, TÁ an nós thuasluaite le fáil i GGGcanúint Chonamara. Níl sé sa chaighdeán oifigiúil

Is cuma liom an caighdeán oifigiúil... ní hé ’n caighdeán oifigiúil atá agamsa mar a thug sibh fá dear b’fhéidir.

>ach ní hionann sin is a rá nach Gaeilge dhúchais atá ann. Tá mise i mo chónaí le cainteoirí dúchais ón nGaeltacht(Conamara agus Árainn) a bhfuil an leagan sin den mhodh coinníollach acu.

Chuala mé daoiní as na ceantracha sin agus char chuala mé a leithéid ariamh agus ina theannta sin níl na foirmeacha sin a luas tú, níl siad le fáil i leabhar ar bith a spíonas canúintí Chonnacht amach. Cibé ar bith, más fíor a n-abrann tú, an scríobhann Aonghas "scríobhadh mé" ar an ábhar gur Gaeilg Chonamara atá aige nó ar an ábhar nach bhfuil Gaeilg i gceart aige, do bharúil?

>Beag an baol go mbeinn de dhánacht a rá leo go bhfuil siad mícheart. B'fhéidir nach ndéarfadh cainteoir dúchais as Gaoth Dobhair an leagan sin, ach sin scéal eile....

Ní bhaineann sé lenár n-ábhar, a chara, tá eolas agam ar na canúintí eile fosta.

>Is dóigh liom go bhfuil sainmhíniú i bhfad ró-chaol agat ar céard is Gaeilge cheart ann. >Cuimhnigh go bhfuil go leor de chanúint Ghaoth Dobhair nach bhfuil sa chaighdeán ach an oiread.

Is amhlaidh atá ’s agam sin !!! Tá eolas agam ar chanúintí agus ar stair na Gaeilge - muna mbíodh cha bhíodh Gaeilg gomh canúnach sin agam ach caighdeán Bhaile Atha Cliath, teangaí mhí-nádúrtha.

>Má tá an 'r' sin ag cainteoirí duchais Chorcaí, nach gciallaíonn sé sin gur Gaeilge dhúchais í?

Ciallaíonn sé sin gur nádúrtha an rud é go bhfuaimníonn tú na r-annaí sin mar i mBéarla más duine óg as Múscraí thú ach chan más as ceantar eile thú. Ní as Múscraí do Bhiddy Jenkinson ná do G. O Dúill, rud a chiallaíos go bhfuil tionchar a’ Bhéarla ar a bhfuaimníocht, sin a’ méid.

>Nó an é go bhfuil locht agat air mar nach bhfuil sé ag lucht Ghaoth Dobhair?

A’ magadh ’tá tú ? gCreideann tú gurb é mo bharúil nach bhfuil Gaeilg mhaith ach amháin i nGaoth Dobhair ? Nó abair liom cá háit ar scríobh mé a leithéid d’amaidíocht! Char bhreac mé dheamhan a dheath don chineál sin, dá mb’fhíor sin cheartóchainn achan rud dá bhfuil scríofa istoigh ’nseo agus cha DTEARR ME E, rud a chiallaíos nach é sin mo bharúil agus go nglacaim le achan chanúint agus fáilte. Cha gceartaím ach na foghlaimeoirí (mo dhálta féin) a ghníos meancógaí róbhunúsacha. Má tchíonn sibh meancógaí i measc a mbreacaim féin ceartaígí mé - ach ná ceartaígí rudaí a bhaineas le mo chanúint le mur dtoil: mar a d’úrt tú, ní hionann Gaeilg Ghaoth Dobhair agus a’ caighdeán.

>Lughaidh: "i chóir a bheith"
>Mac Léinn: "i canúint"
>i gcóir, i gcanúint!

Rinn Mac Léinn meancóg, cha dtearr mise féin: is dobhriathar atá i "chóir a bheith", bíonn buanséimhiú air siocair go bhfuil "de" aroimhe, nach bhfuaimníthear (de chóir a bheith). Ina leithéid de chás cha ndéantar athrach ar bith ar an dobhriathar. Tá cupla cás ann i nGaeilg nach ndéantar athrú toisigh ar bith ar fhoclaí áiríd. Mar shampla: "níl eolas agam ar conas a déarfaí sin". Gan séimhiú ar "conas". Cionn eile do na cásannaí nach mbíonn séimhiú ar an fhocal atá i ndiaidh réamhfhocal. Tá sin le fáil in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí agus in Gnás na Gaedhilge.

>Agus duine ag scríobh i ngcanúint dhubh dhorcha mar a dhéanann tusa a Lughaidh, bíonn sé i bhfad níos deacra bheith cinnte go bhfuil botún ann nó nach bhfuil. Níos sábháilte?

Níl anseo ach mise a scríobhas i gcanúint dhubh dhorcha (bhuel cad chuighe a mbeadh canúint GhD níos doirche ná cionn eile? Siocair go bhfuil GD i bhfad uaibh? :-) ), ach amháin Jonas, b’fhéidir.

>Má tá rud sa chaint ag éinne, an ceart é?

tá nuair atá sé sa chaighdeán nó i gcaint na Gaeltachta...

>Cad is ceart ann (mar a déarfadh Mac Léinn thuas, déarfainnse)? Is Béarlóir Meiriceánach mé. Dá mbeadh Béarla Georgia nó Maine Thuaidh agam, dhéanfainn mo sheacht ndícheal GAN an 'chanúint' sin a úsáid le duine nach bhfuil as mo cheantar féin, mar bhéinn dothuigthe do dhuine as Siceágó nó California. Tá gá le caighdeán, le teanga intuigthe do chuile dhuine.

Tá ’n gá sin nuair nach dtuigeann na daoiní a chéile. Tuigeann sibh mé gan fadhb ar bith, mar sin cha dtuigim cad chuighe nach scríobhfainn in mo chanúintse. Nuair a scríobhaim chuige foghlaimeoir ins an fhóram eile, cha scríobhaim ach sa chaighdeán nuair a tchím nach bhfuil caighdeán ard go leor acu.

>Nuair a labhraíonn George Bush le daoine as Texas, cloistear a bhlas i bhfad níos mó ná nuair atá sé ag caint os comhar an náisiúin. Tá do chanúint go breá, ach ní bhíonn sé oiriúnach i gcónaí!

cha bhíonn sé fóirsteanach nuair nach dtuigtear mé. Mar a d’úrt mé, tuigeann achan duine mé ’nseo.

>Ní fheadar cad ina thaobh go bhfuil fadhb ag éinne leis an dtuairim sin! :-)

Tá ’n abairt seo thuas iontach canúnach fosta agus tuigeann achan duine thú ;-)

>Maidir le botúin ghramadacha sa Bhéarla, ar chuala tú faoi ebonics riamh?

Chuala, cad é ’n fhadhb atá leis? Cineál canúna Béarla atá ann. Cainteoirí dúchais Béarla na daoiní a bhfuil Ebonics acu.

>Agus maidir leis an bhFraincis, an bhfuil tú sásta gur Francais 'cheart' iad gach patois atá ann?

cad é ’n rud ’patois’ de réir do bharúlasa? Bí cúramach lena bhfuil tú ag brath a scríobh, agus mholfainn duit taighde a dhéanamh fá dtaobh dó sin sula mbreacfá líne anseo... tá eolas mór agam ar an ábhar sin!

Tchífidh mé anonn sibh.

PS: chonaic mé féin go dtearr mé meancóg i gcionn do na freagraí a scríobh mé thuas: scríobh mé * "cha gcluinfidh tú" ach níl sé ceart: "cha gcluineann tú", "cha gcluin tú" nó "cha gcluinidh tú" ba chóra a scríobh. Ghnímse féin meancógaí, ach cha ndeirimse féin gur cainteoir dúchais mé, ’bhfuil ’s agaibh...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 41
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, January 27, 2005 - 02:35 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

">Má tá rud sa chaint ag éinne, an ceart é?

tá nuair atá sé sa chaighdeán nó i gcaint na Gaeltachta... "

Nach aondeonach sin? Nach bhfuil Gaeltacht ann i mBéal Feirste anois? Níl cumann Gaeilgeoirí ann i mBaile Átha Cliatha?

Ní féidir a rá gur Béarla ceart ebonics. D'fhoghlaim sinsir daoine a labhríonn mar sin Béarla ó chainteoirí dúchais, ach d'fhoghlaim siad go lochtach é. Rinne siad saghas canúna de, cinnte. Ach níl sé inglactha mar Bhéarla 'ceart.' Sea, is saghas Béarla é. Nár mhaith liom duine a chuid Béarla a fhoghlaim sa chanúint sin! (Ní thuigim fós cén fáth a théann daoine go hÉirinn chun Béarla a fhoghlaim - ní thuigimse iad agus iad ag caint as Béarla, go minic!)
Má tá grúpa ann a d'fhoghlaim ó chainteoirí dúchais Gaeilge mhícheart, cén fáth nach canúint cheart sin? Cad is ceart ann gan chaighdeán?

http://en.wikipedia.org/wiki/Patois
Cén bhrí a bhí i gceist agatsa?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Thursday, January 27, 2005 - 03:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Lughaidh, a bhóchaill,

Is é an trua go bhfuilir mar atá, mar go bhféadfá maith a dhéanamh dá mbeifeá ar an mbuille ceart.
Blaisfidh tú do shá de chanúint Uladh agus faoi cheann trí bliana ar a mhéid, beidh tú bailithe i mball eile, faraor. Chonaic mé seo cheana agus d'fhéadfaí a shamhlú go mbaineann sé leis an nGaeilg, ach ní bhaineann ó cheart, cé nach bhfacaimid a dhath ó bharr an leathanaigh anuas ach Gaeilg. Sin an dóigh is cosúil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 33
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, January 27, 2005 - 08:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Nach aondeonach sin? Nach bhfuil Gaeltacht ann i mBéal Feirste anois? Níl cumann Gaeilgeoirí ann i mBaile Átha Cliatha?

Ins na cathracha a luaigh tú tá eadar chainteoirí dúchais as a’ Ghaeltacht agus daoiní a d’fhoghlaim Gaeilg ach nach cainteoirí dúchais iad. Agus b’fhéidir, páistí cainteoirí dúchais as a’ Ghaeltacht.

>Ní féidir a rá gur Béarla ceart ebonics.

Ní féidir a rá nach bhfuil sé ceart. Níl sé ceart de réir gramadach Bhéarla na Banríona, ach ó thaobh na teangeolaíochta dó, tá sé ceart. Tá Béarla na hEireann ceart ó thaobh na teangeolaíochta dó ach níl sé ceart de réir gramadach Bhéarla na Banríona agus mar sin dó. Cad chuighe a mbeadh Béarla na Banríona níos fearr is níos cirte ná Béarlaí eile? Siocair gurb í ’n Bhanríon í. Dá mbíodh Béarla na hAlban aige’n Bhanríon, bí cinnte nach mbeadh ’n Béarla céarna á scríobh ag achan duine, á theagasc ar fud na tíre, agus mar sin chan abróchá go bhfuil Béarla na hAlban mícheart, ach go bhfuil cionn Londain... Is de réir na staire a bhunaíthear na caighdeáin teangtha agus chan de réir feabhas canúna éigin..

>D'fhoghlaim sinsir daoine a labhraíonn mar sin Béarla ó chainteoirí dúchais, ach d'fhoghlaim siad go lochtach é.

Cinnte, ar tús d’fhoghlaim siad go lochtach é, ach seachas lena tuismitheoirí a d’fhoghlaim siad Béarla, agus anois, tá eadar Bhéarla Mheiriceá agus Ebonics ag na daoiní gorma sin.

>Rinne siad saghas canúna de, cinnte. Ach níl sé inglactha mar Bhéarla 'ceart.' Sea, is saghas Béarla é.

Is ionann sin agus a ráidht gur Gaeilg mhícheart atá á labhairt sna Gaeltachtaí siocair nach í ’n Ghaeilg oifigiúil í (Caighdeán Oifigiúil). Bíodh ’s agat nach bhfuil ins na caighdeáin teangtha ach roghannaí a rinneadh lá de réir cúiseannaí a bhaineas le cúrsaí polaitíochta agus chan le cúrsaí teangeolaíochta. Dá mba daoiní gorma ’n chuid is mó do na Meiriceánaigh agus Ebonics acu, déarfá go bhfuil an Béarla ceart aige na daoiní gorma agus "saghas canúna" aige na daoiní bána.

>Má tá grúpa ann a d'fhoghlaim ó chainteoirí dúchais Gaeilge mhícheart,

Níl Gaeilg mhícheart ar bith aige na cainteoirí dúchais. Is leis na cainteoirí dúchais a ghníos teangaí forbairtí. Má tá rud ineacht isteach i dteangaí na gcainteoirí dúchais, ní cóir a ráidht gur meancóg atá ann (amannaí ghníonn siad meancóg ach cha ndéanfadh siad a’ mheancóg chéarna dá n-abróchadh siad a’ rud céarna aríst, ’bhfuil ’s agat) ach forbairt. Is mar sin a ghníos teangaí forbairt. Nach síleann tú go bhfuil Béarla ’n lae inniu mícheart i gcomparáid le Béarla Shakespeare, Chaucer or Beowulf ? Tá, ar ndóighe! ach le linn do na cainteoirí dúchais bheith á labhairt, simplíodh an Béarla, hathraíodh é agus mar sin atá ’n scéal ó ghlúin go glúin. Tá caighdeán teangtha bunaithe ar chineál ineacht teangtha scríofa. O am go chéile, deireann Acadamh ineacht gur mar sin is cóir a labhairt, ach le fírinne, baineann sé leis a’ teangaí scríofa agus ag a’ teangaí oifigiúil. Cha stadann teangaí ’n phobail de bheith ’g athrú ó ghlúin go glúin, agus ó amh go chéile, bíonn ar an Acadamh glacadh le cuid do na "meancógaí" (athruithe atá ann, forbairtí) a ghníos a’ pobal.

>Cad is ceart ann gan chaighdeán?

O thaobh na teangeolaíochta dó, bíonn caint na gcainteoir dúchais ceart i gcónaí. Níl sna caighdeáin ach cineál teangtha a roghnaigh grúpa daoiní agus d’úrt siad gurb í sin a’ teangaí cheart. Ach dá mba daoiní eile a roghnóchadh ’n caighdeán, daoiní as ceantar eile... ’dTuigeann tú.

>http://en.wikipedia.org/wiki/Patois
>Cén bhrí a bhí i gceist agatsa?
>Patois, although without a formal definition in linguistics,

sin a’ rud a mhaígh mé! O thaobh na heolaíochta dó, níl “patois” ar bith ann, níl ann ach teangthacha.

>can be used to describe a language considered as nonstandard.

mar a d’úrt mé, is ar chúrsaí staire agus polaitíochta a bhraitheann na caighdeáin. Mar sin, níl na “patois” níos measa ná ’n caighdeán. Is iad na taoisigh a roghnaíos na caighdeáin. Roghnaíonn siad a gcanúint féin.

>Depending upon the instance, it can refer to jargon or slang, as well as to pidgins, creoles, and/or dialects.

Abairt gan chéill!
Jargon = foclóir a bhaintear úsáid as i gcumann ineacht (lucht na slí beatha céanna...).
Slang = foclóir “gáirsiúil”.
Pidgin = sin teangaí eile, chan “patois” atá ann!
Creole = teangaí eile fosta!
Dialect = foirm áitiúil de theangaí.
Teangaí = grúpa canúintí.

>Often these patois are popularly considered "bastardizations" of English or slang,

Abairt gan chéill aríst. An tuairim eolaíoch í “bastardization” ? Nó an focal é a mbaineann an mhórchuid feidhm as le ráidht nach bhfuil teangaí cheart ag na daoiní is beag orthu ?

>however, in many cases, such as with Jamaican English, they are better classified as a creole language;

A, aisteach an rud é, a chairde, deirtear gur Creole language Béarla na Iamáice ach gur “patois” an Ebonics! Cad é ’n duifear atá eatartha ’na dhiaidh sin de réir na dóighe a dtearn siad beirt forbairt ón Bhéarla ? Chan duifear ar bith! Ach amháin gur tír eile an Iamáice agus mar sin, deirtear gur teangaí eile atá á labhairt inti. Dá mbeadh daoiní gorma Mheiriceá ’na gcónaí i dtír eile agus an Ebonics chéarna acu, déarfaí gur teangaí eile atá acu agus chan “patois”... Polaitíocht, mar a d’úrt mé.

>in fact, in the Francophone Caribbean the analogous term for local varients of French is creole.

Níos díchéillí aríst! ní leaganacha áitiúla Fraincise atá ins na Creoles ach teangthacha eile ar fad!!!! Is teangaí iad ina bhfuil cuid mhór focal Fraincise a hathraíodh, córas fóineolaíochta eile, agus gramadach cosúil go leor le cionn teangthacha Iarthar na hAfraice.

>In France, patois has been used to describe non-French languages spoken in France, such as Breton and Occitan.

Húradh fosta gur “patois” í ’n Ghaeilg nuair a bhí Sasanaigh i réim ar Eirinn, gur patois í Gaeilg na hAlban agus Gaeilg Mhanann. Teangaí difriúla iad ar fad. Agus ní leagan “bastardized” don Bhéarla iad !

>This usage encompasses the view of such languages as being backwards and "country," and is considered by speakers of those languages as very offensive.

Tá leoga. Agus cad chuighe ? Siocair gur beag ar bhunadh na gcathrach bunadh na tuaithe. Polaitíocht agus socheolaíocht atá ann. O thaobh na teangeolaíochta dó, chan fhuil ’s agam cad chuighe a mbeadh teangaí dhúchais tuatanaigh níos míchirte ná teangaí dhúchais duine as cathair.

>A Lughaidh, a bhóchaill,
>Is é an trua go bhfuilir mar atá, mar go bhféadfá maith a dhéanamh dá mbeifeá ar an mbuille ceart.

Cad é ’s ciall le « buille » in d’abairt ? Am ?

>Blaisfidh tú do shá de chanúint Uladh agus faoi cheann trí bliana ar a mhéid, beidh tú bailithe i mball eile, faraor.

Cha bhíonn. Cad chuighe a mbeinn ? Gaeilg Uladh atá mé ’foghlaim le chóir a bheith deich mbliana ’nois agus cha dtáinig laghdú ar mo ghrá uirthi ón tús, ón chéad lá ar chuala mé í. Ní fhuígfidh mé ’n Ghaeilg. Cad chuighe a bhfuígfinn, dar leat ?

(Message edited by Lughaidh on January 27, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 818
Registered: 08-2004
Posted on Friday, January 28, 2005 - 04:21 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maidir leis na meancóga i mo chuid Gaeilge scríofa: tá roinnt cúiseanna

1) Bhí mé spréachta toisc go bhfuil masla agus ionsaí gan bunús (dar liom) a fhulaingt agam uaitse. Fágann sin go ndeanaim botún de bharr teannais.

2) Tá easpa cleachta ar an nGaeilge scríofa ag cur as dom. Ní dhearna mé aon stáidéar le fada uirthi.

Ach ní bhaineann sin leis an abhár a d'ardaigh mé ar dtús, toisc gurbh BLAS (i. foghraíocht) a bhí i gceist le do cháineadh gan bunús ar Bhiddy agus Greagóir.

Níl aon sonraí agatsa chun barúil a thabhairt faoi mo bhlas. Cá bhfios domsa an bhfuil blas dá laghad ar do chuidse "Gaeilg"?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 43
Registered: 11-2004
Posted on Friday, January 28, 2005 - 10:02 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Má tá grúpa ann a d'fhoghlaim ó chainteoirí >dúchais Gaeilge mhícheart, ...
Scríobh mé rud bunoscionn. Ba chóir dom a scríobh:
Má tá grúpa ann a d'fhoghlaim (a gcuid Gaeilge) go mícheart ó chainteoirí dúchais...


Sea, is casta an scéal, tuigim. Ach ar scoil anseo, agus ar fud an domhain gnó, agus fiú i saol an fhoilsiúcháin, tá ceart ann, agus tá 'canúint' ann. Ní úsáidtear canúint ach chun éifeacht a bhaint de. Ní scríobhtar alt nuachtáin mar 'amhrán' rap (buíochas le Dia). Ach tá spraoi agus féiniúlacht sna canúintí.
Nach bhfuil acadaimh san Fhrainc a chinntíonn cad is ceart ann san Fhraincis? Is dócha nach mbaineann sé sin le gnáthshaol an duine, ach le scríobhneoireacht oifigiúil nó poiblí.
Is cuma liom an bhanríon, dar ndóigh. Tá Noah Webster i bhfad níos tábhachtaí domsa!
Maidir le 'ebonics,' féach dearcadh na daoine gorma óga féin air:
http://latc.com/1997/01/13/schools/schools2.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 34
Registered: 01-2005
Posted on Friday, January 28, 2005 - 12:23 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>1) Bhí mé spréachta toisc go bhfuil masla agus >ionsaí gan bunús (dar liom) a fhulaingt agam >uaitse. Fágann sin go ndeanaim botún de bharr >teannais.

Cha ndéanann muitir na Gaeltachta meancógaí agus iad faoi bhrú.

>2) Tá easpa cleachta ar an nGaeilge scríofa ag cur as dom. Ní dhearna mé aon stáidéar le fada uirthi.

’Bhfuil tú a’ maíomh nach ndéanann tú meancóg ’s tú a’ caint? Bhuel tá sé i bhfad níos fusa scríobh go ceart ná labhairt go ceart mar go mbíonn níos mó ama agat le smaoitiú ar do chuid abairtí.

>Ach ní bhaineann sin leis an abhár a d'ardaigh mé ar dtús, toisc gurbh BLAS (i. foghraíocht) a bhí i gceist le do cháineadh gan bunús ar Bhiddy agus Greagóir.

Gan bunús? Léigh aríst ar scríobh mé agus éist leofa. Déan comparáid eadar fuaimniú na beirte filí sin agus fuaimniú Chathail, mar shampla... Muna gcluineann tú duifear, go háiríd ins na r-annaí, tá tú bodhar.

>Níl aon sonraí agatsa chun barúil a thabhairt faoi mo bhlas. Cá bhfios domsa an bhfuil blas dá laghad ar do chuidse "Gaeilg"?

Cha dtig leat a fhios a bheith agat fá dtaobh dó sin go mbuailfidh muid le chéile! Ar aon nós thig liom inse duit go bhfuil córas ceart fuaimeann agam (cha gcluinfeá aon fhuaim Bhéarla ná teangtha eile ann). Maidir leis a’ bhlas, ie. ceol na n-abairtí níl ’s agam. D’úrt mo mhúinteoirí go rabh blas iontach maith agam ’s mé in Ollscoil Chúil Raithin in Ultaibh, ach is dócha gur chaill mé giota beag don bhlas sin anois.

I dtaca le fuaimniú na r-annaí i nGaeilg, amharc ar Bunchúrsa Foghraíochta, An Gúm, agus tchífidh tú cad é ’n dóigh a bhfuaimníthear r leathan singil agus r caol singil. Maidir le Gaeilg Uladh ba chóir dhá r a chur leis sin fosta (na cinn dhúbáilte).

>Má tá grúpa ann a d'fhoghlaim ó chainteoirí >dúchais Gaeilge mhícheart, ...

>Scríobh mé rud bunoscionn. Ba chóir dom a >scríobh:
>Má tá grúpa ann a d'fhoghlaim (a gcuid Gaeilge) >go mícheart ó chainteoirí dúchais...

Is féidir sin ach bheadh sé aisteach go leor, dar liom.

>Sea, is casta an scéal, tuigim. Ach ar scoil anseo, agus ar fud an domhain gnó, agus fiú i saol an fhoilsiúcháin, tá ceart ann, agus tá 'canúint' ann. Ní úsáidtear canúint ach chun éifeacht a bhaint de. Ní scríobhtar alt nuachtáin mar 'amhrán' rap (buíochas le Dia). >Ach tá spraoi agus féiniúlacht sna canúintí.
>Nach bhfuil acadaimh san Fhrainc a chinntíonn >cad is ceart ann san Fhraincis?

Tá, ach chan ionann sin is a ráidht go bhfuil a gcaighdeánsan ceart agus gur mícheart an fhuílleach. Roghnaíonn siad Fraincis Phárais mar phatrún ar rialacha na teangtha atá ins na meáin, ins na scoltacha srl. Cad chuighe Fraincis Phárais? Siocair gurb é seo príomhchathair na tíre. Dá mba dh’é Strasbourg príomhchathair na tíre, chan Fraincis a chluinfí agus a theagascfaí sa Fhrainc ach Alsáisis (canúint den Ghearmáinis)...

>Is dócha nach mbaineann sé sin le gnáthshaol an duine, ach le scríbhneoireacht oifigiúil nó poiblí.

Go díreach.

>Is cuma liom an bhanríon, dar ndóigh.

Seadh, agus is cuma liom fosta, cha rabh ann ach sampla - luaitear Queen’s English, BBC English fá dtaobh do chaighdeán a’ Bhéarla.

>Tá Noah Webster i bhfad níos tábhachtaí domsa!
Maidir le 'ebonics,' féach dearcadh na daoine gorma óga féin air:
http://latc.com/1997/01/13/schools/schools2.html

Is minic is beag ar chainteoirí teangtha ineacht a dteangaí féin nuair nach í ’n teangaí oifigiúil í. Deirtear leofa nach bhfuil ina dteangaí ach cacamas agus creideann siad é. Tá ’s ag na teangeolaithe nach fíor sin agus nach bhfuil fo-theangaí ar bith ann agus gur chóir an meas céanna a bheith againn ar achan teangaí. Nuair a bíos drochmheas ar theangaí, leis an fhírinne a ráidht, ní ar an teangaí atá drochmheas ach ar na daoiní a labhras í ! Is minic duine bocht a’ ráidht nach labhrann sé i gceart i gcomparáid le daoiní saibhre. Agus ní bhaineann sé le cúrsaí teangeolaíochta ach le cúrsaí socheolaíochta, síceolaíochta srl.

Barúil duine fána theangaí féin cha bhíonn sí oibiachtúil ariamh, ach amháin más teangeolaí atá ann b’fhéidir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 824
Registered: 08-2004
Posted on Friday, January 28, 2005 - 04:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cé hiad muitir na Gaeltachta?

quote:

Cha dtig leat a fhios a bheith agat fá dtaobh dó sin go mbuailfidh muid le chéile!



Nach é sin díreach an rud a dúirt mé?


Má tá tú leanacht de bheith do mo mhaslú, níl me chun am a chuir amú leat.

(Message edited by aonghus on January 28, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 37
Registered: 01-2005
Posted on Friday, January 28, 2005 - 05:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Muitir na Gaeltachta = muintir na Gaeltachta = bunadh na Gaeltachta srl.

Chan am a chuR amú atá ann ach am úsáideach deirfinn: míním duit cad é ’n rud é cainteoir dúchais...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 827
Registered: 08-2004
Posted on Friday, January 28, 2005 - 05:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An é nach dtuigeann tú go bhfuil do mo mhaslú, nó an é gur cuma leat? An é nach dtuigeann tú gur streachailt a bhí ann do m'athair agus m'athair mór gaeilge a thabhairt dá gclann i mBÁC?

Agus seo tusa, nach bhfuil sa ghaeilge duit ach caitheamh aimsire, ag spocadh asamsa toisc go bhfuil tuairim eile agam faoi céard is cainteoir dúchais ann.

Is dlúth chuid de mo fhéiniúlacht í an Ghaeilge. Is eol dom go bhfuil easpa slachta ag baint le mo chuid gaeilge scríofa. Ach ní thugann sin ceart ar bith duitse a bheith maslach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 40
Registered: 01-2005
Posted on Friday, January 28, 2005 - 07:15 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní mian liom thú a mhaslú, a chara, ach tabhairt ort a thuigbheáilt cad é ’n rud cainteoir dúchais ionas go dtuigfidh tú nach cainteoir dúchais tú féin.

Níos mó ná caitheamh aimsire domh a’ Ghaeilg, is taighdeoir in Ollscoil mé agus tá mé ’g obair ar na teangthacha Ceilteacha: ar a’ Bhriotáinis agus ar a’ Ghaeilg go háiríd.

Tá tú róbhródúil agus sin a’ fáth nach ait leat go ndéarfadh duine nach cainteoir dúchais thú. Ní maslú atá ann ach an fhírinne. Gaeilg dhúchais Gaeilg na Gaeltachta a tugadh ó ghlúin go glúin leis na céadta fada. "Slabhra na gcainteoirí" atá ann, agus má briseadh ’n slabhra sin uair amháin chan cainteoir dúchais atá ionat. Is é ’n rud is mó a chuireas isteach orm go n-abrann tú gur cainteoir dúchais thú (cha ndéanann na fíorchainteoirí dúchais mórtas mar sin!) agus tú a’ déanamh meancóg bhunúsach ar a laghad in achan abairt dá mbreacann tú. Agus má ghníonn tú ’n méid sin meancóg ’s tú a’ scríobh agus an t-am agat fá choinne do chuid abairtí a chumadh i gceart, cá mhéid meancóg a ghéanfá sa chaint gan an oiread céarna ama agat le d’abairtí a chumadh?
Muna ndéanfá meancóg ar bith dhruidfinn mo chlab. ’S é ’n rud is measa gur thoisigh mé a dh’fhoghlaim Gaeilge thart ar deich mbliana ó shoin agus ghním níos lú meancóg ná thú féin, agus chan abraimse gur cainteoir dúchais mé ar chor ar bith.

Ní a’ maslú atá mé ach a’ ráidht fírinne nach ait leat a chluinstean agus a dh’aidmheáil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 828
Registered: 08-2004
Posted on Saturday, January 29, 2005 - 04:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seasaim leis an méid a dúirt mé. Is cainteoir ducháis mé sa chiall a thuigeann mórán chuile duine an náth sin. Tógadh le Gaeilge mé. Is é an Ghaeilge mo theanga. Glactar leis sin in Éirinn.

Is eol dom go bhfeadfainn feabhas mhór a chuir ar mo chuid Gaeilge scríofa, agus táim ag déanamh iarrachta - ach tá post lae agus clann agam.

Agus is masla suarach é gur tharraing tú an scéal seo go taraiscneach isteach i snáth eile. Is cuma liom daoine ag ceartú mo mheancóga, ach is suarach an rud a bheith ag spocadh asam mar gheall ar laige nár cheill mé riamh.

Táim brodúil as eacht mo mhuintir a thug an Ghaeilge dom. Níl mé ag rá go bhfuil gaeilge gan locht agam. Ach tá sé olc a dhóthain a bheith ag cuir suas le Bearlóirí mí thuisceaneacha a bheith ag spocadh asam agus mé ag fás aníos gan cur suas leatsa freisin.

Is éard atá tú ag rá gur cur amú ama aon iarracht an Ghaeilge a athbheochan lasmuigh den Ghaeltacht, nár gceart dar filí a saothar a léamh go poiblí, agus gur cheart dúinn éirí as mar nach mbeidh riamh againn ach gaeilge bhriste.

Agus ansin tá de dhánaíocht agat a rá gur chun mo leasa atá tú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Saturday, January 29, 2005 - 06:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní thig liom cur leis an gcomhrá seo le teann deifre faoi láthair (http://www.merriman.ie), ach déarfad an méid seo go fóillín. Tá Lughaidh i bhfad amú ar phointí go leor, ceann acu, nár / gur cainteoir dúchais Gaeilge é Aonghus.
Is contráilte chomh fada céanna a rá nach cainteoir dúchais Gaeilge é Aonghus, ná a athair roimhe, is a bhí Myles na Gopaleen a thugadh 'peasants' ar mhuintir an Bhlascaoid nuair a bhíodh sé ag scríobh fúthu i mBéarla agus é á moladh, mar dhea, ag an am!
Mar atá ráite agam cheana, feiceann súil ghlas saol glas. Tá súil ghlas na hacadúlachta le brath go láidir ar chuid dá bhfuil scríofa thuas a thugann le fios gur 'academicentrism' é a gheofaí ó dhuine a bhfuil easpa acadúlachta go díreach á thiomáint.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 829
Registered: 08-2004
Posted on Saturday, January 29, 2005 - 01:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Gabhaim leithscéal le Lughaidh as cur in a leith nach raibh sa Ghaeilge ach caitheamh aimisire dhó. Níor thuig mé gurbh staidéar ollscoile a bhí ar bun aige.

Gabhaim leithscéal le gach aoinne, Lughaidh san áireamh, as éirí chomh teasaí.

Fágamís mar sin an scéal.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 41
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, January 29, 2005 - 08:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go maith, is dóigh liom gur críonna ’n rud é. Is é ’n rud is tábhachtaí go bhfuil comhrá deas suimiúil eadrainn i nGaeilg.

Gabh mo leithscéal fosta má mhoithigh tú gur a’ do mhaslú a bhí mé.

Slán go fóill

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailindoll
Member
Username: Cailindoll

Post Number: 17
Registered: 12-2004
Posted on Sunday, January 30, 2005 - 11:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Lughaidh a e-chara,

Cé nach ach ainm aon-toiseach ar scáileán mo ríomhaire dom thú, is amháil a fhios go bhfuil ríomh-aithne súil agam ort (agus ar chuid mhaith daoibhse i ndáiríre) tar éis an mhéid atá léite agam uait sa 'sruth' seo amháin. Tá mé díreach tar éis an deireadh seachtaine iomlán seo a chaitheamh ag an scoil Mherriman seo thuas luaite ag Seosamh, áit ina raibh mé in ann guthanna áille na gcainteoirí dúchasacha agus neamh-dhúchasacha araon a chloisteáil. B'amháil a fhios go raibh mo chluasa fillte agus ar a saibhín só sna braillíní leaba síoda an teanga seo le fuaimeanna caint na ndaoine breátha éagsúla a bhí ann. Níl mé in ann na rialacha gramadaí a bhagairt, ná údarás beacht a thabhairt amach mar línte bhíobla mar a dhéanann sibhse. Cuireann sé sin náire agus éad agus díomá an domhan ormsa ag an am ceannann céanna, caithfidh mé a rá. Nuair a thugaim faoi deara mar seo go díreach cé chomh domhain agus atá aigéan an teanga seo, agus mé anseo síor sa 'baby pool' ag smaoineamh go bhfuil snámh agam . . . fanaim saghas i lán stailc ar feadh seal, an dtuigeann sibh? Mar a dtarlaíonn, níl aon rud níos fearr domhsa i m'iomrascáil saol tuilleadh Ghaeilge a sheilbhiú ach mo chluasa a fhliuchadh isteach aigéan dhomhain na teangan seo. Murab ionann is tusa, sílim go bhfuil fiú i focail agus fuaim gach cainteoir, fiú m'shiollasa agus mé nach ach ag iarraidh caint le blás neodrach. Tá mo shaghas Esperanto na gcanúintí uilig féin cumtha agam, ag iarraidh gach trá a fhreastail, gach cainteoir gach éisteoir a shásamh, ach greamaithe go deo is dócha le ancaire m'r'anna faisnéiseach i measc gach neamhfhoirfeacht eile; iad go léir a nochtadh láithreach tionchar mo Bhéarlasa meiriceánach in ainneoin gur chainteoir dhúchais mo mháthair agus a máthair agus a sean-mháthair roimpi. Mar a tharla, bhí mé ar maidin inné ag éisteacht go fíor grinn le 'r'eanna cúpla file breátha thuas luaite, mar gheall ar an sruth teachtaireachtaí seo. Caithfidh mé a rá go raibh mé arís i lán stailc i lár na léachta lán le trua duit. Mar mura bhfuil tú sásta le fuaimeanna mar seo, mura bhfuil na fuaimeanna a bhfuil mar síoda do mo chluasa-sa ach mar chraiceann ghabhair duitse, caithfidh go bhfuil fíor tart ortsa, a chara. Níl mé ach mar chailín beag bídeach le meas mór ar an eolas atá bhaillithe agat, ag rá leat go gcaithfidh go bhfuil do dhomhain phroustian, d'aigéan breá foirfe seo ró-chúin, ró-ghann. Tugann íomhá na mban san aisling 'Cúirt an Mheán Oíche', (le gach rud ceadaithe, idir chead cainte go nocht agus fuipeanna fiú), muinín dom rá leat go bhfuil do mheon roimh caighdeán na cainteoirí agus scríbhneoirí breátha seo i bhfad Éire ró-dhian agus ró-bhorb. Nach bhfeiceann tú, tú féin go bhfuil riachtanais do chluaise go hiomlán aislingeacht? Nach dtuigeann tú conas a gcuireann do dhearcadh (agus na dearcadh diúltacha, cúngaigeanta uilig araon roimh an dteanga) isteach ar an dteanga i céim tábhachtach ina móiminteam, ina slí chun a bheith níos láidre? Conas gur feídir leat bród i súile Aonghuis a fheiceail gan do bhród fhéin a aithint? Conas nach bhfeiceann tú nach fiú an mhéid stáidear teangan atá déanta agat nuair nach bhfuil fágtha agat ach a bheith ag caint leat féin? Mar le focal seo scriofta agat, in éadan idir guthanna daoine mar Biddy Jenkinson agus gramadach agus oidhreacht teangan Aonghuis, nach bhfeiceann tú go bhfuil tú tar éis muidne go léir, do lucht léitheoireachta gan ainm a mhaslú d'aon gnó? Cuireann an saghas seo feín tábhachtas tocht agus tost ar achán duine, múchaíonn sé cibé misneach atá ionainn focail a scríobh isteach anseo. Agus sin cúis bhrón, díomá agus féarg eile a chuireann mise ar ais arís i lán stailc.

Dhúisigh mé ó thromluí i lár na hoíche seo le smaointe ar snámh tríd mo chloigeann agus fonn mór orm iad a sheoladh chugat. Níl mé ach ag iarraidh iad a nochtadh roimh go gcaillim mo mhisneach aislingeacht. Maith dhom mo thuairimí más gá agus a ngramadach mí-shlachtmhair, ar ndóigh, le bhur dtoil.

(Message edited by cailindoll on January 30, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 52
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, February 03, 2005 - 02:34 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Lughaidh, ar mhiste leat cur síos cúpla rud dúinn faoi 'cha' agus 'chan,' faoin téad ar an gclár plé seo dar teidil 'Chá?' Tá saineolaí de dhíth orainn!

grma

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge