Author |
Message |
Davide
Member Username: Davide
Post Number: 5 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 11:49 am: |
|
A chairde, is mé stócach Iodálach a gránn Éire agus a teanga. An bhféadfadh duine ar bith agaibh a insint dom cé na cásanna a raibh litreacha an tseanlitrithe -ghth- in ionad na litreach nua-aimseartha -th-? Ag súil gur féidir libh cúnamh liom gabhaim míle buíochas libh. Slán go fóill, Davide |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 29 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 12:49 pm: |
|
Tá na rialacha go léir ann sa Chaighdeán Oifigiúil (nach bhfuil idir lámha agam anois díreach). Má tá suim agat sa litriú, ba chóir duit é a cheannach (ba chóir duit in aon chor é!). Is ____ mé. Is mise AN ___ (nó Is mise Séamas). |
|
Davide
Member Username: Davide
Post Number: 6 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 02:56 pm: |
|
A chara, go raibh míle maith agat as ucht do fhreagra! Tá "Gramadach na Gaeilge agus litriú na Gaeilge - An caighdeán oifigiúil" agam, ar ndóigh, ach ní féidir liom fáil an leathanach a mbaintear le ceist an ghrúpa -ghth-... :-s Tá an-suim agam faoi sin mar gheall ar go bhfuil -ghth- balbh i ndiaidh guta neamhaiceanta sa Ghaeilge labhartha i gCois Fairrge thiar i gcontae na Gaillimhe, cé go bhfuil -th- fuaimnithe mar /h/ de ghnáth, de réir Thomáis De Bhaldraithe (ach tá -th- balbh i ngach cás i gceartlár Chois Fhairrge)... Go raibh míle maith agaibh! Slán go fóill, Davide |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 357 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 05:59 am: |
|
A Shéamais Uí Neachtain, (Tá súil agam gurb é sin an tuiseal gairmeach de d'ainm!) An féidir é seo a leanas a rá: Is mé an ___________ ? Tóg na comhráite seo: Máire: Who's the captain of this boat? Seán: I'm the captain. Máire: Cé hé captaen an bháid seo? Seán: Is mise an captaen. ach... Máire: What do you work as on this boat? Seán: I'm the captain. Máire: Cad mar a n-oibríonn tú ar an mbád seo? Seán: Is mé an captaen. 'Bhfuil an méid thuas i gceart? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 774 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 08:58 am: |
|
Níl! Cad é do phost/do dhulgas ar an mbád seo? Is an captaen mé |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 30 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 11:23 am: |
|
Déarfainn 'Is captaen mé.' Tá a fhios ag an duine siúd go n-oibríonn tú ar an mbád sin. Nílim cinnte faoi 'Is an captaen mé.' An bfhuil samplaí ón litríocht agat, a Aonghuis? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 775 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 12:01 pm: |
|
Níl. Ach tá "Is mé an captaen" mí cheart. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 365 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 21, 2005 - 05:40 am: |
|
An Cheist What's your position on the boat? Cad é do phost ar an mbád? An Freagra I'm the captain of the boat. A) Is mise captaen an bháid. Ceapaim go bhfuil drochthreisiú ann seo. B) Is mé captaen an bháid. Seo ar cheap mé a bhí i gceart. C) Is captaen an bháid mé. Cheapas nárbh fhéidir an déantus seo a úsáid ach le hainmfhocal neamhcháilithe! m.sh. is captaen mé (Message edited by Fear_na_mBróg on January 21, 2005) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 783 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 21, 2005 - 06:15 am: |
|
Braithim go bhfuil B) mí nadúrtha. Tá an cheart agat mar gheall ar A), níl gá leis an dtreisiú. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 366 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 21, 2005 - 06:54 am: |
|
Is cuimhin liom rud éigin a tharla ar scoil am amháin: Bhí muid ag foghlaim claon-insinte. Mar shampla: Duine A: Dhun mé an doras. Duine B: Dúirt sé gur dhún sé an doras. Duine A: Is múinteoir mé. Duine B: Dúirt sé gur mhúinteoir é. Ansin, tháinig: Duine A: Is mise Máirtín. D'fhreagair duine sa rang: Dúirt sé gurbh eisean Máirtín. Cheartaigh an múinteoir é le: Dúirt sé gurbh é Máirtín. Mar sin, seo atá agat: Duine A: Is mise Máirtín. Duine B: Dúirt sé gurbh é Máirtín. Chuirfeadh sé sin ag creidiúint mé gur féidir é seo a leanas a rá: Is mé an captaen. Smaointe ar bith? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 784 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 21, 2005 - 08:00 am: |
|
Bhí an múinteoir mí cheart! (I mo thuairimse) Caithfinn a rá go ndearfainnse "Dúirt sé gurbh Máirtín ab ainm dhó" nó "Dúirt sé gurbh é Máirtín é" A chiall a bhainfinn as "Dúirt sé gurbh eisean Máirtín" ná go raibh ceist éigin ann faoi céann duine sa chomhluadar Máirtín - agus gurbh eisean seachas aon duine eile an duine ceart. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 8 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, January 23, 2005 - 10:05 pm: |
|
I'm the captain of the boat. A) Is mise captaen an bháid. > ceart B) Is mé captaen an bháid. > ceart C) Is captaen an bháid mé. > mícheart Is féidir "D’úrt sé gur Mháirtín é" a ráidht, ach ciallaíonn sé "He said that he was a man called Martin" ("he was a Martin"). |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 9 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, January 23, 2005 - 10:08 pm: |
|
Davide > faightear an tseanlitriú -ghth- ins na haidiachtaí briathartha don darna réimniú, ie. ceannaithe < ceannaighthe agus mar sin dó. Tá cásannaí eile ann fosta, ach is deacair riail a mhíniú duit: braitheann sé ar na foclaí. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 796 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 04:32 am: |
|
A Lughaidh, tá tuairim eile agam. Tá C) ceart dar liom, agus B) mí nadúrtha. Mar shampla, an támhrán "'s buachaill ón éirne mé" |
|
April (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 08:47 am: |
|
Is buachaill ón Éirne é, ach ní hé "an buachaill" ón Éirne é. Is bean Ghael-Mheiriceánach mé féin. Nach bhfuil cuid de ne rialacha an-deacair? D'fhoghlaim mé Fraincis, Gearmáinis, agus Spáinnis nuair a bhí mé i mo chailin óg sa scoil. Bhí siad níos éasca ná Gaeilge labhartha. Ar ndóigh, ní cuimhne liom iad ar chor ar bith anois, bhuel seachas cupla focal. Níor bháin mé aon úsáid astu. : } April Fáilte roimh cheartúcháin do mo chuid Gaeilge. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 377 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 08:53 am: |
|
Ní hí m'intinn bheith ag caint faoi ghramadach agus araille le fad an lae, ach an ndeirfí: D'fhoghlaim mé Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis nó: D'fhoglaim mé an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 799 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 09:15 am: |
|
Gan alt. (agus deirfinnse "níl sé ar intinn agam" nó "níl sé i gceist agam" nó "níl se de rún agam" Ní ionann "intinn" agus intent an Bhéarla go hiomlán.) fch: http://www.acmhainn.ie/focloirparl/en-ga/i.htm (agus cuardaigh intent!) (Message edited by aonghus on January 24, 2005) |
|
April (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 10:06 am: |
|
Maidir le na teangacha... gan alt go bhfios dom,ach is foghlaimeoir mé. Is dóigh liom go bhfuil mo chuid Gaeilge an-uafasach! : ( Ní miste libh mé a bheith anseo? Tá a fhios agam níor mhaith le foghlaimeoirí eile droch-gaeilge a léamh. April |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 34 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 12:22 pm: |
|
Tá tú ceart go leor, a April - ná bíodh imní ort! Maidir leis na teangacha (foghlaimeoir mar threoraí d'fhoghlaimeoir eile!) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 800 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 03:03 pm: |
|
ar scáth a chéile a fhoghlaimíonn na foghlaimeoirí! |
|
April (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 04:01 pm: |
|
Is maith liom é sin a Aonghus! Agus go raibh míle maith agat as do cheartúchán a Shéamais : ) An leatsa an blog a thugtar An Caomhach air, a Shéamais? Léigh mé é : ) Shíl mé go raibh sé an-suimúil! April |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 35 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 24, 2005 - 04:04 pm: |
|
Is ea. Chuir mé nasc chuig do cheannsa ann. Tá súil agam nach dtarraingeoidh sé náire ort! |
|
April (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, January 25, 2005 - 08:01 am: |
|
Bhuel, go raibh míle maith agat, a Shéamais..ach cén fath a dtarraingeodh sé sin náire orm? Is maith liom do chuid tuaraimí a léamh, aontaím leat nó ní aontaím. Ní dóigh liom go bhfuil mé ar aon intinn leat de ghnath, go hairithe mar gur Libertarian mé, ach tá nasc agam do do bhlog agus do do chlár plé ar mo shuíomh féin. Agus níl náire orm faoi. : ) April |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 45 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 31, 2005 - 01:46 pm: |
|
Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil droch-chlú orm mar is duine coimeádach mé! Nílim ach idir súgradh is dáiríre. GRMA, agus beir bua! Dá mbeadh dollar agam as gach duine a deir 'ní aontaím leat, ach...'! |
|