mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Comhrá Foscailte i nGaeilge faoi Shean-Bhíoblaí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 20
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, January 15, 2005 - 07:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

“Agus an tan do rugadh Iósa a Mbetleem thìre Iúdaighe a laithibh Iorúaith an rí, Féuch, tangadar Dráoithe ó náird shoir go Híarusalem.

Ag rádh, Ga háit iona bhfuil an Rí úd na Niúduigheadh atá ar na bhreith? óir do chunncamairne a réalt san aird shoir, agus tangamar dá onórughadh.”

http://www.smu.edu/bridwell/publications/ryrie_catalog/6_9c.htm
__________

“Do fhreagair Iósa agus a dúbhairt sé riú, Leagaidh síos an teampoll so, agus tóigeubhaidh misi é a dtrí laethibh.

Air a nádhbharsoin a dúbhradar na Iúdaidhe, Sé blíadhna agus dá fhíthchead a bhí an teampall so dhá dhéunamh, agus an dtóigeubhaidh tusa a dtrí laethibh é?

Achd is air theampoll a chuirp féin do labhair seision.

Air a nádhbharsoin an tan do éirigh sé ó mharbhaibh, do chruinnigheadar a dheisciobail go ndúbhairt sé so riú, agus do chreideadar dón sgríobtúir, agus dón bhréithir a dúbhairt Iósa.”

http://www.biblebc.com/Projects/odomhnuills_nt.htm

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Saturday, January 15, 2005 - 10:11 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA a Pheadair as na nascanna deasa sin.
Bhí deis agam leagan 1827 a cheannach ar £120 thart faoi dhá bhliain ó shin ach cheannaíos leagan a chlóbhuail Hardy and Sons ag uimhir 23 Upper Sackville Street / Sr. Uí Chonaill ar ndóigh. Seanchló atá ann chomh maith agus maisíodh é le pictiúir dhaite a bhfuil an dáta 1899 le ceann amháin acu.
H(enry). A. Harper atá sínithe ar thrí cinn de na pictiúir. £10 a bhí ar an leabhar a cheannaigh mé. Fuair mé gliomach.

Eolas an lín ar Harper:
Henry Andrew Harper
(1835-1900)
Born in Blunham, Bedfordshire. He exhibited landscape views at the Royal Academy, London 1865-88, concentrating on Eastern scenes 1873-7. He was a committee member of the Palestine Exploration Fund and published books on the Holy Land. He died in London on 3 November 1900 and his obituary described him as of Buckhurst Lodge, Westerham, Kent. Sir Richard Wallace made Harper two payments of 200 guineas in 1873, another in 1874, and one of 10 pounds in 1878.


Tá Dair Abraham os coinne lch. 18 sa tiomna. Tagairt dó áit éigin anseo: http://philologos.org/__eb-thlatb/default.htm


Pictiúr dá chuid (nach bhfuil sa leabhar) anseo: http://www.art-connection.com/display.asp?gallery=Mathaf&branch=London&pid=985&t itle_val=

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 347
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 17, 2005 - 08:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An mise an t-aon duine a cheap nár Ghaeilge an chéad teachtaireacht ó Pheadar thuas... ? Tá sé an-chosúil le Gaeilge, cinnte... an ní thuigim an chuid is mó dóibh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 755
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 17, 2005 - 09:10 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Féach ar datá a fhoilsithe, a FnaB. 1603!
Nua ghaeilge roimh na leasaithe litrithe sa chéad seo chaite atá ann.

Feictear dhom go bhfuil sé inléite go maith. Bheadh i bhfad níos mó deacracht agat le Béarla ón t-am úd!

(Message edited by aonghus on January 17, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 756
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 17, 2005 - 09:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dála an scéil, d'fhoilsigh Cumann Bíobla na hÉireann na soiscéal ón leagan seo i 1936, agus tá roinnt cóipeanna fós i stoc acu.

Fuaireas Gníomhartha na hAspal, Eoin, Matha agus Lúcas ar 50 cent an ceann ón siopa i Sráid Dawson.

Táid sa tseanchló.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 28
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 02:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dóiche nach dtuigeann Fear na mBróg "an tan," i measc roinnt bheag focal eile (murar léigh sé an méid seo leanas in áit eile):
__________

<< @ tun/t@n _an tan_
...
@ tun @ huki§ §i: _an tan a thiocfas sí_
...
"Tá riaghail Dhubhagáin caite anois," (adeirtí) an tan a chuaidh siad ag ithe feóla san gCarghas.
...
An tan a bhí earrach an fheannta thuas, ní raibh aon bheithidheach lé fagháil lé a olcas tháinig an sneachta is an sioc.
...
Caithfidh mé suas í, tá sí chomh geal leis an eala. Agus an tan thiocfas sí anuas, beidh sí chomh dearg lé fuil. -- ogh chirce.
...
Ná tug aon sgéal chugam, agus ná tug aon sgéal uaim, agus an tan a dhéanfas mé gáire leat, déan gáire liom.
...
An tan a thiocfas ceó gealaighe úr ón bhfairrge chugad, bruithean atá air; agus an tan a thiocfas ceó sean-ghealaighe ón bhfairrge chugad, tá stoirm agus gáladh air.
...
Agus an tan a chonnaic sé ag teacht í, chuaidh sé abhaile, agus shín sé isteach san leabaidh ar a bhéal faoi.
...
An tan a bhí siad ag dol ag imtheacht uatha, arsa ceann aca:
"Tá ar gcaisleán caillte againn anocht..."
...
Acht an tan a théigheadh sé chun aifrinn Dé Domhnaigh, ní fhanadh sé leis an aifreann 'éisteacht go dtigeadh sé féin agus a bhean abhaile, agus go mbíodh an siopa fosgailte aige Dé Domhnaigh i ndéidh theacht ón aifreann dó, ag feitheamh ar do pheinginn.
...
Cuireadh annsin é, agus bhí sé curtha suim aimsire annsin, nuair a chuaidh fear de chuid an bhaile amach ag dol ag baint a chuid foghmhair, agus an tan a chuaidh sé amach, bhí a chasán siar lé taobh locha, agus cuireann sé a chlaigeann aníos as an locha.
Chuaidh sé chun cainnte leis,----leis an bhfear a bhí san locha.
...
Bhí bean bhocht, a bhí ag iarraidh a codach, i dteach an phobail, agus an tan a d'airigh sí an sagart ghá fhuagairt paidir a chur lé n-a anam, chuaidh sí amach, agus chuaidh sí siar ar chúl theach an phobail, agus chuir sí paidir lé n-a anam.
...
"...An tan a bhí meise ar an tsaoghal, ní ar aifreann an Domhnaigh a bhí mé ag tabhairt aon aird, acht go raibh mé ro-amplach ag peinginn an duine bhoicht, ghá bhaint dó go héagcórach."
...
_tan_, in phr. _an tan_, when

-- Éamonn Mhac an Fhailigh, "The Irish of Erris, Co. Mayo"
http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e2-9.html
__________

<< Is eadh, iomorro, is nós do'n phroimpiollán, an tan thógbhas a cheann i san samhradh, bheith ar foluamhain ag imtheacht...
...
...agus is eadh fá haois do'n Tighearna an tan do thréigsead Rómhánaigh ceannas na Breatan seacht mbliadhna ceathrachad ar cheithre chéad...
...
Adeir Solinus, 'san aonmhadh caibidil fichead nach fuilid beich i n-Éirinn; agus adeir gurab do dhéis chlaidhimh fromhthar an chéid-mhír le gein mic i n-Éirinn. Adeir fós go ndéin an t-Éireannach a dhealbh d'ionnlat a fuil a námhad an tan marbhthar leis é.
...
Cuirfeam síos ann so beagán do bhreugaibh na Nua-Ghall do scríobh ar Éirinn ar lorg Chambrens; agus doghéan tosach ar bhreugnughadh Chambrens féin, mar a n-abair go raibhe cíoscháin ag an rígh Artúr ar Éirinn, agus gurab é am fa'r cheangail an cíos orra i g-Cathair Leon, an tan fá haois do'n Tighearna cúig céad agus naoidheug, mar chuireas Campion 'na chroinic i san dara caibidil do'n dara leabhar, mar a n-abair gurab é Giolla Már fá rí Éireann an tan soin.
...
Adeir i san seachtmhadh caibidil, mar a dtráchtann ar iongantaibh na h-Éireann go bhfuil tobar 'san Múmhain, do-ghní duine liath do láthair an tan fhoilceas a fholt nó a fhionnfadh as...
...
Adeir Cambrens i san dara caibidil fichead, an tan bhíd daoine uaisle i n-Éirinn ag tabhairt daingin d'á chéile, do láthair easpoig, go bpógaid an tráth soin taise naoimh, agus go n-íbhid fuil a chéile, agus ann sin go mbíd ullamh re déanamh feille ar a chéile.
...
...agus an tan do dháileadh do rígh Chinéil g-Conaill í, is eadh adeireadh ris, ceannas a chríche féin do ghabháil...
...
Ní beag liom do chomhartha fuatha do bheith aige ar Éireannchaibh, mar dogheibh locht ar choilíneachaibh Fhine Gall tré n'ár dhíbirsiod an Ghaedhealg as an tír an tan do ruaigsiod an fhoireann do bhí ag áitiughadh na tíre rómpa.
...
Ní fíor dó, mar an gceudna, an nídh adeir gurab dall do bhídís urmhór aosa seanma na h-Éireann; óir is follus an tan ro scríobh seisean a stáir, gurab lia neach súileach do bhí re seinm i n-Éirinn ioná duine dall...
...
Adeir Stanihurst an tan bhíd Éireannaigh ag comhrac, nó ag bualadh a chéile, go n-abraid mar chomhairc do ghuth árd, 'Pharo, Pharo', agus saoilidh seisean gurab ó'n bhfocal so 'Pharao', fá hainm do rígh Éigipte chleachtaid mar chomhairc é: gidheadh ní fíor dó sin, óir is ionann é agus 'faire, faire ó', nó 'ó faire', ag a rádh ris an rann eile bheith ar a gcoiméad, amhail adeir an Francach 'garda, garda', an tan dochí a chomharsa i nguais.
...
Adeir an t-úghdar ceudna gurab é rí Lochlonn, d'ár bh'ainm Froto fá rí Éireann an tan rugadh Críost; gidheadh, ní fíor dó sin, óir do réir an tseanchusa, is re linn Chriomhthainn Niadh Náir do bheith i bhflaitheas Éireann rugadh Críost; agus d'á réir sin ní hé Froto rí Lochlonn fá rí Éireann an tan soin.
...
Adeir, mar an gceudna, nach é Pádraic, apstol na h-Éireann (lér' síoladh an Creideamh Catoileaca 'san gcrích ar dtús), fuair uaimh (purgadóra) Phádraic i n-oiléan na purgadóra, acht Pádraic eile, abb, do mhair an tan fá haois do'n Tighearna, ocht gcéad ar chaogaid bliadhan.
...
Is breugach adeir, mar an gceudna, go raibhe Murchadh mac Cochlain 'na rígh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna sé bliadhna ar thrí fhichid ar chéad ar mhíle, óir is dearbh gurab é Ruaidhrí Ua Conchubhair do bhí ag gabháil ceannais Éireann re a ais an tan soin, agus gurab cheithre bliadhna ria ngabháltas Gall an uair sin.
...
...agus, an tan soin féin agus ó sin i leith, ní chleachtadh an droch-nós soin acht an chuid díobh do lean d'á n-ainmianaib féin, agus do dhiult do na huachtaránaibh dlightheacha do bhí ós a gcionn.
...
Tig Stanihurst leis an nídh seo i san stáir ro scríobh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna ceithre bliadhna ar cheithre fichid ar chúig céad ar mhíle.
...
Ag so an teist do-bheir 'Mr. Good', sagart Sacsanach do bhí ag seoladh scoile i Luimneach, ar Éireannchaibh, an tan fá haois do'n Tighearna, míle, cúig céad, sé bliadhna a's trí fichid: Cineadh so (ar sé), atá láidir i gcorp, agus atá lúthmhar, ag a mbí intinn fhoirtill árd, intleacht gheur...
...
...agus mar do connarcas d'uaislibh Éireann, agus d'á n-ollamhnaibh, an dochar do bhí ag teacht do'n easaontaidh do bhíodh idir fhoirinn a gcríche an tan soin, do mheasadar gur bh'oircheas na trí nóis úd d'ordughadh.
...
Níor bh'fhéidir fós gan an dara nós do bheith ar marthain i n-Éirinn an tan soin, mar atá roinn chomhmbráithreach do bheith ar an bhfearann.
...
D'á bhrígh sin, níor chneasta do Sheon Davis locht d'fhaghbháil ar an mbreitheamhnas tuaithe thríd; agus an mhéid bheanas ris an dá nós eile, ní raibhe teacht 'na n-éagmais ag Éirinn an tan do horduigheadh iad...
...
Is móide fós do féadadh na healadhna so do choiméad mar do orduigheadar uaisle Éireann tearmann agus comairce do bheith ag fearann, ag pearsannaibh, agus ag spréidh na n-ollamhan; óir, an tan do bhídís Gaedhil agus Gaill easaontadhach ré' chéile, nach cuirfidís buaidhreadh ná toirmeasg ar na hollamhnaibh ná ar na daltadhaibh fóghluma do bhíodh aca, d'á dtoirmeasg ó shaothrughadh na n-ealadhan.>>

-- Seathrún Céitinn, "Foras Feasa ar Éirinn"
http://www.ucc.ie/celt/published/G100054/nav.html

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 29
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 02:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

<< In proclitics palatalization of consonants is generally abandoned... Examples:..._in tain_ and _in tan_ 'when'...
...
Examples of the temporal dative include: _in tain_ 'at the time that', _nach thain_ 'at any time'...
...
...temporal conjunctions that are really petrified case-forms of nouns or substantival pronouns: _in tain, in tan_ 'when' (lit. 'at the time that)...
...
Nasalization of the relative forms of simple verbs, except the copula, is usual (though not quite consistently shown) in the Würzburg Glosses; in later sources it is found more regularly. Examples: _in tain m-bís_ 'when he is' (beside _in tain bíis_ where, however, the m may have been dropped between n and b)...
...
TEMPORAL CLAUSES

The conjunction that has the widest meaning is _in tain, in tan_ 'when' (lit. '(at) the time that'); e.g. _is and for·téit spiritus ar n-énirti-ni, in tain bes n-inun accobor lenn_ 'it is then spiritus helps our weakness, when we have the same desire' (_bes_ subjunctive of generalization); _in tan do·rolaig día dó in n-úaill do·rigni, ro-ícad íarum_ 'when God had forgiven him the pride he had shown (lit. 'done'), then he was healed'.

For 'whenever' _nach tan_ is used.>>

-- Rudolf Thurneysen, "A Grammar of Old Irish"
http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e1-2.html

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 01:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá mé ar hob sciorradh amach as an oifig a Pheadair, ach is spéisiúil ar chruthaigh tú ar an snáithe seo agus ar chinn eile leis. Is cuimhin liom amharc isteach ar Mhac an Fhailghigh ar an ábhar céanna faoi 'tan' agus bhraitheas meallta. An tsrónaíl a chleachtaím féin agus ba ionadh liom a mhalairt a fheiceáil ar fud an bhaill aige, ach mar sin atá an scéal. Níl aon ní simplí.

Braithim go bhfuil an-fhuadar faoin suíomh seo faoi láthair leis an dúrud daoine ag sciorradh isteach ann, taobh an Bhéarla go háirithe. Is cosúil go bhfuil an áit aimsithe ag roinnt de mhuintir an teangeolais, rud a chuirfeas le misneach lucht na foghlama. Sula ndéanfaidh mé dearmad. Is maith an rud thú féin a bheith thart arís leis an eolas a roinnt.

Treise leat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 37
Registered: 01-2005
Posted on Friday, January 21, 2005 - 04:24 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat, a Sheosaimh.

>Is cuimhin liom amharc isteach ar Mhac an Fhailghigh...An tsrónaíl a chleachtaím féin agus ba ionadh liom a mhalairt a fheiceáil ar fud an bhaill aige<

É? Amhanc aríst air.

<< 75. Nasalized vowels occur adjoining nasal consonants, e.g. [î] in _im_, [ã] in _cam_, [û] in _bun_. Such nasalization of vowels is incidental to the movements of the soft palate and is non-significant. It is left unmarked in the transcription, as the contiguity of a nasal consonant is sufficient in itself to indicate it. But a nasalized vowel may also occur in a position where no nasal consonant adjoins it. It is this fact which gives such nasalized vowels separate phonemic status, and in transcribing them the tilde is employed.

76. The nasalized phonemes are /î: î/, /ê: ê/, /ã: ã/, /õ: õ/, /û: û/.

77. Examples of [î:]--[kî:f´@x] caoimhtheach, [gr´î:w] gníomh, [mrî:] mnaoi.

78. Examples of [î]--[g´îvr´u:] geimhreadh, [d´îv´@s] deimheas, [g@ d´îv´in´] go deimhin, [kîvn´u:] cuimhniughadh, [kîhi:x] coimhitheach.

79. Examples of [ê:]--[m´ê:r@/m´e:nr@] méanra, [m@ v´ê:r] mo mhéar.

80. Examples of [ê]--[tês/tõs] tomhas, [tê§d´i:] tomhaiste.

81. Examples of [ã]--[rãw@r] reamhar, [gãwin´] gamhain, [sãwi:] samhaidh, [@ t´ãwir´ wîr´@] an tseamair Mhuire, [ãwli:] amhlaidh, [t´i:r´ ãwli:] Tír Amhalghaidh, [g´ãw@r] geamhar.

82. Examples of [ã:]--[ã:t´] áit, [Lã:w] lámh, [mrã:] mná, [s@ trã:w] sa tsnámh, [mad´@ rã:w@] maide rámha, [kã:f@L] camall.

83. In the speech of Stiofán Beag Ó Maolfhábhaill and indeed in that of the people of Faulmore in general, and also of Doohoma, a long half-open strongly nasalized vowel quite near in position to Cardinal Vowel No. 6 (ò) occurs as a diaphonic variant of fully open [ã:], especially in the following words:--[mãrt@n] Mártan, [s@N ã:t´] san áit, [@'wã:n´] amháin, [prã:Nti:] prántaigh, [mã:hir´] máthair, [d´e mã:rt´] Dé Máirt. This variation is not so noticeable in Dû Chaocháin.

84. Examples of [õ] are rare. Two instances at least have been observed, viz. [tõs] and [kõh@ru:] comhartha.

85. Examples of [õ:]--[kõ:rL´@] comhairle, [rõ:t] romhat, [kõ:r@k] comhrag, [kõ:li:] comhla, [rõ:w@r] rómhar, [fõ:w@r] foghmhar, [@ rõ:v´] an Róimh.

86. Example of [û]--[krûk] cnoc.

87. Examples of [û:]--[klû:x] clúmhach, [û:li:] umhlaigh, [kû:xd@] cumhachta, [dûj@/dû:i:] dumhaigh.

...

208. [w] and [v'] adjoining a nasalized vowel in a stressed syllable are clearly nasalized. When [w] follows [ã], it is particularly strongly nasalized, e.g. [g´ãw@r] geamhar, [sãwru:] samhradh. A strongly nasalized [w] follows [a:] also, e.g. [Lã:w] lámh, [mad´@ rã:w@] maide rámha.

209. A nasalized [r] is found following [k], [g], [m], [t], and preceding a nasalized vowel in a number of words, e.g. [krûk] cnoc, [gr´î:w] gníomh, [mrã:] mná, [s@ trã:w] sa tsnámh. [r] is more clearly nasalized when it precedes [ã:] than when it precedes any other nasalized vowel. Nasalization of [r] is particularly strong in [mrã:] mná and [mrî:] mnaoi, where [m] precedes.>>

--Éamonn Mhac an Fhailigh, "The Irish of Erris, Co. Mayo"
http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e2-9.html

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Friday, January 21, 2005 - 06:54 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Srónaíl le coibhneas an ama a Pheadair mar a léirigh tú as obair na beirte, Mhac an Fhailigh agus Thurneysen. Léiríonn an sliocht sin as Thurneysen go bhfuil ársaíocht ag baint leis an dá nós:

Nasalization of the relative forms of simple verbs, except the copula, is usual (though not quite consistently shown) in the Würzburg Glosses; in later sources it is found more regularly. Examples: _in tain m-bís_ 'when he is' (beside _in tain bíis_ where, however, the m may have been dropped between n and b)...
...

Chuaigh muintir an Spidéil ar an nós céanna le muintir Dhú Chaocháin leis an séimhiú agus foirm neamhspleách an bhriathair (gan foirceann 's' an choibhnis chomh maith), ach d'fhan an mhuintir eile siar Chonamara agus an tUltach leis an úrú.

An tan a bhí earrach an fheannta thuas, ní raibh aon bheithidheach lé fagháil lé a olcas tháinig an sneachta is an sioc.

Gabhaim féin leis an úrú, an tsrónaíl, le coibhneas an ama (agus le coibhneas áite):

An tan a raibh earrach an fheannta thuas, > A. Láith.
An tan a mbeidh earrach an fheannta thuas/
an t-am a mbeidh ... .

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 38
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, January 22, 2005 - 02:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Srónaíl le coibhneas an ama a Pheadair<

Ó-ó-ó-ó...

Bhoil, feiceamaist céard fhaghanns muid in "Caint Ros Muc":

[an] t-am a raibh
ón t-am a raibh
nuair a bhí
nuair a bhíodar
nuair a bhíodh
nuair a bheadh
nuair a tháinig
nuair a chuaigh
nuair a d'úirt
nuair a chonaic
uair a bith a dteastóidh
uair a bith a n-iarrfaidh

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Saturday, January 22, 2005 - 09:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sea, san áit a mbíonn urú leis an gcoibhneas indíreach ama ag dream in áit amháin, Conamara agus in Ultaibh:

[an] t-am a raibh
ón am a raibh
uair a' bith a dteastóidh
uair a' bith a n-iarrfaidh

is ag séimhiú a bheas dream in áit eile, An Spidéal agus Iorras. (Níl de Bháldraithe lem' ais ach is nós suntasach é ag cainteoirí maithe an Spidéil).
An rud is ionadh liom, na difríochtaí seo ó cheantar go chéile a mheasfaí gur le nuaíocht a tharla chugainn iad ach a mbíonn ársaíocht bhreá ag baint leo, mar a dheimhnigh Thurneysen dúinn sa chás seo.
Tá a fhios agam gur luadh a leithéid seo liom cheana, na blianta siar agus sinn i mbun Gluaiseanna Strachan (uimh. 19: in tan mberes claind, is fáilid íar sin), ach Seán Bán Breathnach agus cainteoirí maithe an Spidéil, braithfidh roinnt ó thuaidh - agus siar Conamara - as alt iad ina gcuid cainte le hais mar a déarfaidís féin é. An dá thaobh ceart agus breis is míle bliain de chleachtadh acu araon.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 39
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, January 22, 2005 - 03:25 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>An dá thaobh ceart agus breis is míle bliain de chleachtadh acu araon.<

Seadh. Sin teangaidh. Sin rud is fiú a chaomhnú.

"Bíonn urú ar an mbriathar rialta i ndiaidh..._a_ (sa bhfochlásal nuair nach ainmní ná cuspóir díreach ag briathar an fhochlásail é an réamhtheachtaí²).
...
²Séimhiú ar an mbriathar i ndiaidh na ndobhriathra ama seo: an uair (a), a liachtaí uair (a), cé liachtaí uair (a); cé'n uair (a), cé mhéad uair (a), an dá luath (is a), an dá lá (is a)"

--T. de Bhaldraithe, "Gaeilge Chois Fhairrge"

Agus deir sé gur úirt Máire Ghing, as an Lochán Beag:

u@r´ @ b´i ek´@s tu: gor@m ma:r §in´ e:
uair ar bith fheicfeas tú gorm mar sin é

Ach ar ndóigh ní leor an sampla sin le riail a léiriú, má deirtear rudaí mar seo leanas chomh maith:

ek´@N tu:
an bhfeiceann tú

fa:n ek´@ m´e:
fan go bhfeice mé

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 31
Registered: 11-2004
Posted on Saturday, January 22, 2005 - 09:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

zzzzzzzzzzzz
(Srónaíl)
B'fhearr liomsa caint faoi na leabhair seo, seachas an teageolaíocht. 1690. Nach raibh léamh na Gaeilge mídhleathach go díreach ina dhiaidh sin? Níl scéal an eagráin seo soiléir dom ón suíomh sin. Cén saghas easpaig iad? Protastúnach ab ea Bedel, agus is dócha gur thionscadal protastúnach an dá eagrán. Cad a ba chúis leis an rud seo a chur i gcló? An raibh tionchar acu ar an teanga (nó ar éinne)?
Maidir leis an dara ceann, tá na nodanna suimiúil. Ní fhaca mé iad i gcló mar sin roimhe seo. Mura bhfuil siad ag éinne, tá siad ar fáil ag http://www.fainne.org/noda/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 794
Registered: 08-2004
Posted on Sunday, January 23, 2005 - 11:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Leis an gcreideamh leasaithe a scaipeadh i measc na nGael a cuireadh an Bíobla i nGaeilge i gcló. Agus teagasc críostaí an tEaglais leasaithe freisin.

Ach sin thaining Cromail agus a dhrong chun cumhacht, agus dearcadh ciníoch acu ar na Gael.

Do leigh mé áit éigin (ní cuimhin liom cén áit) go raibh luí ag aos léinn na Gael leis an tathrú creidimh, agus gur thiomain na Sacsan thar nais i dtreo an Eaglais rómhánach tríd an foréigin a imríodh ar Ghael.

Fós, bhí pobail gaelacha protastúnacha ann sa Tuaisceart, mar atá in Albain fós.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 43
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, January 23, 2005 - 05:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>zzzzzzzzzzzz
(Srónaíl)<

~:
º
(Srannadh)

Ba mhaith agus liomsa labhairt faoi na Bíoblaí sin dá mbeith go leor eolais agam orthu, ach níl go fóill...

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 378
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 24, 2005 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Aonghuis, thugas faoi deara gur minic a fhágann tú an "t" ar ainmfhocail tar éis [réamhfocal + an t-alt], mar shampla:

leis an t-athrú

Tá a fhios agam go scríobhtar go han-mhinic é mar:

leis an athrú

agus táim fiosrach an féidir an "t" a fhágáil air?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 797
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 24, 2005 - 09:09 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Hmm. Táim ag ceapadh gur chuir mé air é toisc gurbh ainm atá ann "An tAthrú Creidimh" = An Reifirméisean (nó pé diabhail slí a litrítear é; ní maith liom an leagan sin).

Ach gach seans nach bhfuil ann ach botún! Tá sé geall le fiche bliain ó bhí mise ar scoil, agus ní raibh mo chuid gramadaí iomlán cruinn an uair sin fhéin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 33
Registered: 11-2004
Posted on Monday, January 24, 2005 - 11:22 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní féidir. Leis an athrú. I dtreo na hEaglaise, freisin.
Ní dóigh liom go raibh na Gael an-tógtha leis an gcreideamh nua. Ní raibh na Sasanaigh, ach oiread, ar dtús. Bhí cogadh cathrach acusan, agus blianta fada achrainn. Ní raibh Annraí féin an-tógtha leis, ar dtús. Bheadh seiseann in ann filleadh ar an Eaglais, fiú, ach ní dhearna, agus chuaigh Éilís i bhfad níos faide i dtreo na bProtastúnach.
Ar aon chuma, bhí tionchar mór ag Bíobla Rí Shéamais i Sasana. An raibh aon tionchar ag na leaganacha seo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 801
Registered: 08-2004
Posted on Monday, January 24, 2005 - 03:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhí luí ag an aos léinn ar fud na hEorpa leis, seachas ag an gnáth phobail. Thosaigh an tathrú creidimh i measc an t-aos léinn mar iarracht leasaithe a chuir chun cinn san Eaglais. D'fhan cuid acu dilís don Eaglais - Erasmus, abair. Chuaigh cuid eile as - Tyndale, Luther, Melanchton, ...

Níl fhios agam an raibh tionchar ag an leagan seo (leaganacha dén aon aistriúcháin amhain atá ann go bhfios dom; Bedell a chuir ag obair iad, Ó Domhnaill a rinne, agus fear eile nach cuimhin liom a ainm).

Ach bhí litríocht agus cáighdéan ag na Gael leis na céadta bliain roimhe sin de bharr obair na mBaird - rud nach raibh ag Sacsan ná Gearmáinigh.

D'fhág sin gurbh í an Bíobla an chéad mór saothair a foilsíodh go forleathan sna teangacha úd; d'fhág sin lorg doimhin ar an dteanga scríofa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 39
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, January 26, 2005 - 10:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Beidh clár raidió ag Séamus De Bláca ar an mBíobla Bedel 19ú Feabhra, agus beidh sé ar fáil ar an idirlíon, beo, agus sa chartlann faoi cheann seachtaine ina dhiaidh. Téigí go www.wfuv.org, agus beidh sé ar siúl ar 8:00 a.m. am Nua-Eabhraic, agus sa chartlann faoin ngclár Míle Fáilte (8:00 gach Sathairn).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 58
Registered: 01-2005
Posted on Friday, January 28, 2005 - 05:20 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat, a Shéamais. Éisteoidh mise leis, le cuideachan Dé.

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 59
Registered: 01-2005
Posted on Friday, January 28, 2005 - 11:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Éisteoidh<

"Éistfidh," a Pheadair (cé go bhfuil an fhoirm eile ann chomh maith).

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 66
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, January 29, 2005 - 06:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

<< ’S e na th’ air tachairt gu bheil an seann tuiseal tabhartach iolra air a dhol à bith. Anns an t-seadh sin tha an cànan nas sìmplidhe na bha i – is bidh sibh toilichte mu dheidhinn sin, tha mi cinnteach!

Bha mi a’ smaoineachadh gu robh an tuiseal sin air a dhol à bith buileach ach gu h-iongantach, thachair mi ri fear turas a bha ga chleachdadh gu nàdarrach. Agus gabhaidh sibh iongnadh nuair a dh’innseas mi ca’ robh e a’ fuireach. Ann an Astràilia! Bha e a’ fuireach anns na Beanntan Gorma gu siar air Sydney agus ag obair mar fhear-lagh’ ann an Sydney fhèin. ’S dòcha gu bheil e a’ dèanamh sin fhathast oir cha chuala mi guth air airson greis.

Chanadh esan rudan mar fearaibh an àite fir. Agus tha cuimhne agam gun tuirt e seo turas – “Bha am Bìoball na mo làmhaibh”. Ghabh mi iongnadh aig an àm agus thuirt mi sin ris. Agus mhìnich e dhomh gur e “Gàidhlig a’ Bhìobaill” a bh’ aige, seann Ghàidhlig, oir bha e air a h-ionnsachadh bho Ghaidheil anns a’ choitheanal aige – an Eaglais Shaor – agus le bhith a’ leughadh an t-seann Bhìobaill. B’ iad na daoine na choitheanal Gaidheil à Alba agus luchd-labhairt na Gàidhlig a rugadh ann an Astràilia fhèin. Tha glè bheag dhiubhsan air fhàgail a-nise.>>

--Ruairidh MacIlleathain

http://www.bbc.co.uk/scotland/alba/foghlam/litir/media/archive/191_200/nb/litir_ 198_au_nb.ram

http://www.bbc.co.uk/scotland/alba/foghlam/litir/pdf/191_200/litir_198.pdf

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 62
Registered: 11-2004
Posted on Monday, February 28, 2005 - 09:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

S
Unregistered guest
Posted on Sunday, March 06, 2005 - 09:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tugann "tan" cathain dúinn mar céist.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 74
Registered: 11-2004
Posted on Monday, March 07, 2005 - 10:20 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cathain mar cheist? Cén fáth?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1085
Registered: 08-2004
Posted on Monday, March 07, 2005 - 11:12 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is é a bhí i gceist ag S ná gur tháinig an focal "cathain" ón bhfocal "tan"



cathain [mír cheisteach]
cén t-am, cén uair.

tan
time, an tan, when, Irish tan, an tan, Old Irish tan, intain, intan, quum, quando: *tanâ, time; Sanskrit tan, duration, tanâ, continually. root tan, ten, extend, as in tana, q.v.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge