Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 12 Registered: 12-2004
| Posted on Friday, January 14, 2005 - 02:52 pm: |
|
Dia daoibh, Tá mé ag iarraidh Gaeilge a chuir ar cúpla píosa comhrá ón gcluiche 'Conversation Pieces' atá déanta i mBéarla. Seo iad na cinn is deacra i mo thuairimse agus ba bhreá liom aistrúcháin níos fearr a mhealladh uaibhse agus bhur bpíosaí comhrá faoi dtaobh de ar ndóigh, más mian libh. Go raibh míle maith agaibh. Seo hiad: 1. Describe the best surprise you ever received. Déan cur síos ar 'iontas' is fearr a bhfuair tú riamh. 2. What would you like to come back as in your next life? Cén saghas neach ar mhaith leat a bheith i do chéad saol eile? 3. Tell about a time you performed in front of other people. Inis dúinn faoin uair a bhí ort a bheith i d'oirfideach os comhair lucht féachanta. agus, em, is é sin an ceann is craiceáilte: 3. Tell about a time when a part of your body got stuck in something. Inis dúinn faoi an uair nuair a bhí píosa do do chorp gréimithe isteach rud éicinnt. Cad a cheapann sibhse? |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 747 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 14, 2005 - 04:47 pm: |
|
Cailindoll, roinn moltaí le cabair ó De Bhaldraithe 1. Déan cuir síos ar an bpreab is taithneamhaí a baineadh asat 2. Cén cruth ab fhearr leat bheith ort i do chéad saol eile 3. Déan cuir síos ar ghníomh ealaíona a rinne tú ós comhar slua 4. Inis dúinn faoi ócáid nuair a chuaigh ball de'd chorp i bhfostú i rud éigin. |