Author |
Message |
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 5 Registered: 12-2004
| Posted on Wednesday, January 12, 2005 - 11:19 am: |
|
D’fhiafraigh duine díom conas a déarfá ‘spoken Irish’ agus dúirt mise ‘Gaeilge labhartha’ agus dúirt duine eile ‘Gaeilge béil’. Bhí an duine seo ag iarraidh a rá cé chomh tábhachtach agus a bhfuil sé go bhfuil Gaeilge labhartha/béil inghlactha in áiteanna poiblí sa sochaí. Ba bhreá liom fháil amach cad iad bhur dtuairimí faoi an ráiteas seo mar sin, agus cé acu focail is fearr – nó an bhfuil an dhá cheann ceart go leor, mi-cheart nó ciotach? Cad a cheapann sibhse? Go raibh maith agaibh, - an cailín is fiosraí |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Wednesday, January 12, 2005 - 12:44 pm: |
|
Caint na ndaoine. Gaeilge labhartha. Ní dúirt éinne 'Gaeilge bhéil' ná 'Gaeilge béil' riamh a Chailín na Bábóige. Ádh mór. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 348 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 17, 2005 - 08:33 am: |
|
Considering that the official Irish word for language is also the same word for "tongue", I'd be led more toward: Gaeilge theanga, Gaeilge bhéil. "Gaeilge labhartha" ofcourse quite literally means "spoken Irish"... It's a matter of taste I suppose. The second one is more... "professional"... sort of like saying "deoxygenated blood" instead of "blue blood". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 754 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 17, 2005 - 09:07 am: |
|
A FnaB, tá tú ar strae arís. Gaeilge labhartha atá sa chaint. Agus tá tusa ag tarraingt isteach an Bhéarla i cúinne seo na Gaeilge! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 359 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 06:05 am: |
|
Maith dom as m'úsáid Bhéarla! Rinneas dearmad gur sa cúinne Gaeilge a rabhas! |
|
Philosophe
Member Username: Philosophe
Post Number: 18 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 10:48 am: |
|
bhuel, is "béal triail" an ainm a thugtar ar an scrúdú béal sa hArdteisteiméaracht...ceapaim! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 776 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 12:02 pm: |
|
Is ea. Ach rud eile atá i gceist le sin. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 02:43 pm: |
|
Tá sibh mar bheadh éillín gé ann a' beadaíocht 's a' bolscaireacht. Cinnte le Dia go dtig dea-úsáid a bhaint as an suíomh seo. Ocras! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 777 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 20, 2005 - 05:16 pm: |
|
Cuireadh ceist. Thug mé freagra. Tosaigh snáth fiúntach thú fhéin, maith an duine, in áit a bheith ag tromaíocht ar dhaoine nach bhfuil ach ag iarraidh cabhrú le foghlaimeoirí. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Saturday, January 22, 2005 - 04:29 pm: |
|
Freagra! Níl freagra tugtha go fóill agat. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 32 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, January 22, 2005 - 10:02 pm: |
|
Ach ní ceist a scríobh tusa! Ró-mhinic a thiteann caint gach suímh Ghaeilge ar ais ar an ngramadach, na mionsonraí teangan, srl. Croch suas ábhar fiúntach tú féin! |
|