Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 35 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 11, 2005 - 09:40 am: |
|
bhios ag labair le muinteoir i mo fhocair agus d'fiafraigh si ceist dom. cen chaoi eile is feidir le duine a ra "chuaigh siad go dti an siopa agus cheannaigh siad milsean" bionn na paisti i gconai ag usaid chuaigh mar bhriathár. silim gur cuir tu an abairti is amhlaidh "bhi siad ag dul chuig an siopa agus...." Ba mian liom cloisteal le bhur barruail. gmbb |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 730 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 11, 2005 - 04:14 pm: |
|
Ná bí dána, a Shéamais fochair [ainmfhocal ] i bhfochair ((in abairt) i gcomhluadar, in éineacht nó in aice (le)). |
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 30 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 03:29 am: |
|
"Chuaigh siad chun an tsiopa." _______________ @n @ _chun a(n)_ and eg´ @ _ag a(n)_ are both used in the sense of 'to the', the former for places, the latter for persons, e.g. @n @ t'up _chun an tsiopa_, eg´ @ tag@rt _ag an tsagart_. -- (You guessed it) Éamonn Mhac an Fhailigh, "The Irish of Erris, Co. Mayo" _______________ Tá áiteacha ar m'eolas agus dá bhfeictí fear ag bleán bó nó ag tabhairt baiscín uibheacha chun an tsiopa bhí sé náirithe go brách. -- Seán Ó Ruadháin, “An Mothall Sin Ort” __________ Thoisigh sé ar tús a ghabháil chun an tsiopa go mion is go minic. -- Séamus 'ac Grianna, “An Teach nár Tógadh” _____ Ní raibh aon ghreim ime astigh, a's bhí sé lán-mhall le dhul 'un an tsiopa nó go toigh na comharsan fá n-a choinne. -- Seaghán 'ac Meanman, “Fear Siubhail” _____ Rachfaidh bean an fheirmeora 'un an tsiopa, ceannóchaidh sí cupla punnta de mhuicfheoil shaoir mhorguighthe an Oileáin Úir, agus béidh sí ag mairgnigh ar an bhealach fá'n droch-luach a fuair a fear ar na muca deireannacha a dhíol sé. -- Seaghán 'ac Meanman, “Ó Chamhaoir go Clap-Sholas” _____ Sciord sé amach chun an tsiopa, agus charbh fhada amuigh é gur phill sé agus trae lódáilte leis. -- Tadhg Ó Rabhartaigh, “Thiar i nGleann Ceo” __________ Chóirigh Máire Ní Bhriain í féin maidin amháin le dhul 'un an tsiopa. ___ Ar theacht isteach 'un an tsiopa do Mháire, bhí fear an tsiopa in a sheasamh i gcúl an chúntair, agus chuir sé céad fáilte roimpi. ___ Abair leis go bhfuil mise ar shiubhal 'un an tsiopa.” ___ “Tá sí ar shiubhal 'un an tsiopa,” arsa an ghirrseach. ___ “Maise, abair léithe an dara h-uair a bhéas sí ag dul 'un an tsiopa a cosa a thabhairt léithe” arsa an sagart. -- Aindrias Ó Baoighill, “Sgéilíní na Finne” __________ http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ "TOBAR NA GAEDHILGE Bunachar téacs agus acmhainn cuartuighthe focal Gaelic text database -- the ultimate dictionary -- over 2 million words of searchable quality modern Gaelic text Download new version for Win95 or later -- November 2004 (22.0 MB) New version now! 11/2004" Peadar Ó Gríofa
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 37 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 19, 2005 - 12:56 pm: |
|
a Pheadar, tá neart gaeilge agat. is maith liom an chaoi go gcuiraidh an reiteach dom. is leir domsa an diffriocht idir an dha nithe. gmabb. |