Dia is Muire duit, a Chriostóir,
Seo thíos comhfhreagras a tharla Mí na Bealtaine 2004. Bhíos i ndiaidh scéala a sheoladh chuig
http://www.ordnancesurvey.ie/ tamall gairid roimhe sin.
Le gach dea-mhéin,
Seosamh
An cheist:
A Dhuine Uasail/Uasal,
Táim ag lorg léarscála d'Éirinn, agus ní Ireland atá i gceist agam. Sé sin,
léarscáil Ghaeilge den tír ar fad. Níor éirigh liom a cheapadh ar an suíomh
agaibh
http://www.ordnancesurvey.ie/, agus gabhaim leithscéal leat más orm a
bhí an útamáil.
Is í mo cheist, an bhfuil léarscáil na hÉireann ar fáil i nGaeilge in aon
cheann de na siopaí mura bhfuil sí ar an suíomh, i ngan ' fhios dom?
Le gach dea-mhéin,
Seosamh Mac Muirí
An freagra:
A Dhuine Usual,
Go raibh maith agat as ucht do fhiosrúchán .
Is féidir linn eagrán 1938 a chur ar fáil, i sean litriúchan, 'gus san sean
chló gaeilge. 'Sé an chostas ná EUR12.50 .Tá
an costas seolta agus pacáil curtha in aireamh agam.
(Ainm státseirbhísigh anseo)
Seosamh
.....