Author |
Message |
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Thursday, April 01, 2004 - 02:19 pm: |
|
An éisteann éinne anseo leis? Cén clár is fearr leat? Éistimse ó am go chéile, ach ní minic a bhím an-tógtha leis na cláracha. Tá súil agam go bhfuil seó thar barr ann nár chuala mé go fóill... Is fearr liomsa nuair atá agallamh maith ann. P.S. Conas a fhaightear Username agus password (account) anseo? |
|
Aonghus
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 03:16 am: |
|
Éistim le Adhmhaidin gach maidin agus go minic leis an gcaint sa chathair. Ach shamhlóinn nach móran suime a bheidh ag duine thar lear sna cúrsaí a bhíonn a phlé acu. Is radio pobail do lucht na Gaeltachta atá in RnaG; freastal tánaisteach a déantar ar pobal na Gaeilge i gcoitinne. Agus sin mar is ceart dó bheith dar liom. Maidir leis an PS, níl fhios agam - níor bhac mé ariamh leis. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 03:25 am: |
|
Raidió na Gaeltachta? Bím ag síoréisteach a Shéamais. 'Leagan Cainte' is fearr liom orthu ar fad. Tugaim an-chluas do chláracha Sheosaimh Uí Chuaig chomh maith le sin, cinn na cartlainne go háirithe. Tarraingníonn roinnt cláracha teilifíse m'iúl istoíche, i ndiaidh nuacht 7.00 ar TG4. Caithim súil ar Léargas RTÉ féachaint an mbeadh aon ní úr nó iontach acusan. Níor rith do cheist faoin bhfocal faire/ pasfhocal liom le fada agus níl a fhios agam tada faoi i ndáiríre. Is dócha go mbaineann sé leis an muintir gur leo an suíomh. |
|
Stiofan OSuilleabhain
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 07:49 am: |
|
De gnath, Nil moran speis agam eisteacht le RnaG toisc go bhfuil se aitiuil agus bunaithe le haghaidh muintir na gaeltacht. Bhi me ag eisteacht (ar an idirlion) le "The Tuesday Play" ar RTE Radio 1 cupla seachtain o shin, bhi drama as Gaeilge ann agus bhain me an taitneamh as. S.O'S |
|
Fear na mBróg
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 09:32 am: |
|
Le meas, le haghaidh Mhuintir na Gaeltachta Mar shampla: The teacher's priest's son's dog. Madra Mhac Shagart an Mhúinteora. The last one changes, the rest just get a séimhiú. |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 09:34 am: |
|
"cláracha Sheosaimh Uí Chuaig" Cé acu iad seo? Níl mórán eolais sa chartlann faoi ábhair na gclár, nó cé hiad na daoine atá ina mbun. |
|
Aonghus
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 09:49 am: |
|
Faraor, is fíor dhuit. Is cosúil go bhfuil ath chló tagtha ar an suíomh s'acu. Níl ach sceideal dhá lá ar fáil anseo http://www.rte.ie/rnag/english/schedule.html Creidim gurbh "Ó na Sceirde Aniar" ceann de chláracha Seosamh. Bíonn siad ar súil thart ar a naoi istoíche, sílim. Is annamh a bhím ag eisteach ag an t-am san. PS A Fhir na mBróg. Seo an chuid Gaeilge amhain den clár seo. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 10:45 am: |
|
Seo cláracha Sheosaimh daoibh a chairde: Dé Domhnaigh: AM 10.30 Reacaireacht Sheosaimh: Caint agus comhrá á chur i láthair ag Seosamh Ó Cuaig Meánoíche Dé Domhnaigh: 12.00 Scoth na Seachtaine: 12.00: Reacaireacht Sheosaimh Dé Luain: PM 8.02 Ó na Sceirde Aniar: Glórtha ón gCartlann á chur i láthair ag Seosamh Ó Cuaig Dé Máirt: PM 8.30 Creidim: Labhrann Seosamh Ó Cuaig le haíonna éagsúla faoi chúrsaí creidimh agus faoi chúrsaí an tsaoil. CREIDIM Pléifear cad a chiallaíonn sé a bheith i do Phrotastúnach in Éirinn sa lá atá inniu ann i gclár na hoíche anocht . Clár míosúil é seo ina labhrann Seosaimh Ó Cuaig le haíonna éagsúla faoi chúrsaí creidimh agus faoi chúrsaí an tsaoil go ginearálta. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 11:06 am: |
|
a Aonghuis, bheadh sé sin go hiontach dá mbeadh an Ghaeilge go hiontach - ní rabhas ach ag ceartú botún. Mura gceartaítear iad, athdhéantar iad. Is fadhb í, tá a fhios agam. Ceapaim go mb'aoibhinn go mbeadh bosca beag ar an taobh go gceartódh daoine botúin ann; sa chaoi sin, chóimeadfaí an clár as Gaeilge, ach ag an am céanna, cheartófaí na botúin agus d'fhorbrófaí cuid Gaeilge gach éinne! Cad a gceapann sibh? Má cheapann sibh go millfeadh sé an clár, ná ach smaoinigh, Daltaí na Gaeilge a thugtar orainn ag deireadh an lae, níl muid ag moladh gur eolaithe muid! |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 04:18 pm: |
|
Is é an dóigh is fearr liom féin ná na focail/frásaí mícheart a úsáid i mo fhreagra, agus rud eile a rá san am céanna, más féidir. D'éist mé le 'Focal ar Fhocal' inniu (ní éistim de ghná ach le rudaí atá sa chartlann). Dar liom, bhí clár níos fearr ann roimhe (bhí blúire de ann sa chomhad, mar ní fheadar an fáth ach ní féidir leo tús nó deireadh ceart a dhéanamh ar chomhad ar bith ann...), ach níl a fhios agam cén clár a bhí ann. Clár agallaimh ab ea é. Níl 'cláracha' caighdeánach, ach cloistear go minic é. 'Cláir' atá ann san fhoclóir mar iolra de. Ní bhím ag éisteacht ag an am sin (meánoíche) ach oiread, a Aonghuis, pé rud atá ar siúl. Ní bhíonn ach clár Sheosaimh amháin sa chartlann, is dócha? |
|
Duine Aonair
| Posted on Saturday, April 03, 2004 - 06:30 pm: |
|
Más ag cláradh mná tú (dá cláradh), tá tú ag bualadh craicinn uirthí - rud a d'fhoghlaim mé inniu. |
|
Stiofan OSuilleabhain
| Posted on Saturday, April 03, 2004 - 10:41 pm: |
|
a Aonghuis agus a fhir na mbroig, is cuma liomsa ma ta sibh i gconai chun mo chuid botuin a ceartu, ni chuireann se sin as me, freisin, ni bheadh aon eagla orm teachtaireact a sheoladh ar an clar seo as seo amach. Ach is feidir bhur ceartuchain a dheanamh as gaeilge amhain, nill an Bearla ro-mhaith agam ach an oiread. Sea..as seo amach a Fhir na mBroig, ma ta fonn ort ceartuchain a dheanamh as bearla, in ionad Bearla a usaid, bain triail as Gearmainis no fraincis. D'ainneoin sin, Gaeilge amhain ar an clar seo... |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, April 04, 2004 - 03:16 am: |
|
Ceart go leor. Déanfaidh mé mo dhícheall botúin a cheartú as Gaeilge, ach más gá, bainfidh mé úsáid as Béarla chun coincheap a mhíniú. Le meas |
|
OCG
| Posted on Sunday, April 04, 2004 - 11:45 pm: |
|
B'fhearr liom go dtabharfadh sibh neamhaird ar bhotúin sa chuid seo den foram, ach amháin má iarann an scríobhneoir iad. Ba cheart, i mo thuairimín féin, go raibh fíorchómhrá anseo agus fág na ceartúcháin ar an taobh eile den foram. |
|
Aonghus
| Posted on Monday, April 05, 2004 - 04:51 am: |
|
Amen! Is éard a bhí i gceist agam, A Fhir na mBróg, ná, más mian leat ceartú a dhéanamh, gur i nGaeilge a ndeanfá é. Agus tá sé múinte i snáth comhrá fanacht go n-iarrtar ort ceartú a dhéanamh. |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Monday, April 05, 2004 - 10:04 am: |
|
Bhuel, is dócha gur chéim chun tosaigh é go bhfuilimid ag caint faoi chaint faoin teanga anois.... |
|
Paul
| Posted on Monday, April 05, 2004 - 10:05 am: |
|
A Aonghuis, a chara, Aontaím leat! Maidir le Raidío na Gaeltachta, éistim le cúpla clár go rialta: Togha agus Rogha, Tráth na gCeist, is Rogha John Spillane. Is breá liom Seán Bean Breathnach mar fear a’ tí go háirithe. Tá sé go hiontach go mbíonn RnaG le fáil ar an idirlíon. Paul |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, April 07, 2004 - 05:42 am: |
|
Chuala mé roinnt de chlár Sheosaimh inné (CREIDIM, leis an tOirmhinneach Gary Hastings). Thaithin sé liom. Tá Seosamh go maith ag mealladh caint ó dhaoine speisiúla! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, April 07, 2004 - 07:59 am: |
|
"leis an tOirmhinneach" An féidir an t a fhágail air sa chás seo? |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Wednesday, April 07, 2004 - 02:20 pm: |
|
Ahem. Leis an Oirmhinneach. Cad a raibh siad ag caint faoi? Gramadach na Gaeilge? |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, April 07, 2004 - 03:07 pm: |
|
Ní hea, mise a luaigh Gramadach na Gaeilge! |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Wednesday, April 07, 2004 - 04:13 pm: |
|
(Is minic go mbíonn íoróin sa rud a scríobhaimse). |
|
vincentg
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 06:52 pm: |
|
A chairde, Is trua an scéal é. Úsáidtear Real Audio Format i gcóir na cláracha éagsúla ar suíomh RnG. Ós rud é go bhfuilim i bhfad ó dheas ansa san Astrail is beag seans a bhfaighim d'bheith ag éist le RnG go díreach mar a deárfá ach ní fheadfá an Real Audio Player a úsáid níos mo ach íoc as! Cad a dhéanamid feasta gan adhmad?! Vincent |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 08:40 pm: |
|
|
|
vincentg
| Posted on Wednesday, May 26, 2004 - 11:25 pm: |
|
Go raibh míle maith agat, a chuid. |
|
scail
Unregistered guest
| Posted on Monday, April 04, 2005 - 11:36 am: |
|
cen tuarirm atá agaibh maidir le RnaG ag craoladh amhráin i mBearla istoíche ach ag déanamh an craolachán trí mhean na Gaeilge?an bhfuil suím agaibh ann agus an mbeadh sibh ag eísteacht leis?dar liom féin tá RnaG ag iompú amach cosúil le tg4 ach caithfidh siad daoine óga a mhealladh bealach éigin |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1228 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 04, 2005 - 05:04 pm: |
|
Seo ceann de sean bhréag cathanna na teangain. Nach dóigh leat go bhfuil bainistíocht agus foireann RnaG gairmiúl go leor chun a dhualgaisí a chomhlíonadh gan imreoirí ar an gclaí a bheith de shíor ag tabhairt léachtanna dóibh? Ní bhainim leis an aoisghrúpa ná an sáinghrúpa ar a bhfuiltear ag diriú, mar sin, caolseans go néistfead leis. (Is annamh ar éirigh liom níos mó na cúpla soicind den Taobh Tuathail a sheasamh). Is déa scéala é, áfach, go bhfuiltear ag cuir 30% den am craolta úd i leataobh do nua cheol le liricí Gaeilge - n'fheadar an mórán seachas Kila agus SnaG'05 a bheidh le craoladh acu! Ach seans go spreagfear grupaí eile ar an dóigh sin, má tá dóchas acu go gcloisfear iad. |
|
|