Author |
Message |
Roibeárd de Búrca
| Posted on Wednesday, October 06, 1999 - 05:37 pm: |
|
Cuireadh ceist ar chraoltoir le Raidio na Gaeltachta - "Cá mbeidh tú oíche chinn bhliana agus cad é ab fhearr leat a bheith ag déanamh nuair a bhuailfidh an clog an dá bhuille dhéag?" D'fhreagair sé, "...b'fhearr liom a bheith i mo luí, faoi thábla, marbh ólta, le mo chairde ag casadh an tsúgáin rua." Cad é "ag casadh an tsúgáin rua"? An 'cor cainte' é? Roibeárd |
|
Ariel
| Posted on Friday, October 08, 1999 - 12:30 am: |
|
ta baruil a'm gur amhran ata i gceist. is feidir a bheith ag casadh amhrain chomh maith ceanna le bheith dha chanadh, toisc, sa tseanaimsir, chastai an lamh chomh maith leis an amhrain. Nuair ata an t-amhranai ag canadh, beireann se no si ar laimh duine eile agus bionn siad ag casadh lamhannai le cheile go deireadh an amhrain. Ta se deacair a mhiniu ceart muna bhfacais cheanna e, ach is nos an-deas e. Ma's cruinn mo chuimhne, ta an-chail ar ar amhran airid a bhaineanns le sugan eicint, ach nil me cinnte a raibh se rua. |
|
Brendan Kane
| Posted on Wednesday, November 01, 2000 - 08:40 pm: |
|
A chairde, Seo cuireadh oscailte do ghrupa leitheoireachta a bhfuil reitithe againn ag Princeton University. Cruinnion muid ar an Deardaoin ag 4:30, i 185 Nassau Street, seomra 130. Ag an am seo ta “An Beal Bocht” a leamh againn agus ta muid beagnach criochnaithe le caibidil 1. Ma ta suim agat sa ghrupa seo, na ceist faoi, cur teachtaireacht chugam ag an seoladh seo: Arist, ta failte roimh cach. Mar is eol daoibh, bionn se i bhfad nios fearr leabhar chomh greannmhar (agus deacair) is ata “An Beal Bocht” a leamh le daoine eile! Agus da bhri sin, ta suil againn go gcloisfidh muid uaibh. Slan, Brendan Kane |
|
|