Author |
Message |
An Creabhar
| Posted on Saturday, August 21, 1999 - 09:26 pm: |
|
Tá teanga mo tír bhreithe beagnach caillte dom ach tá go leor fós agam í gcomhair aithneamh na dánaí a bhí múintithe lion i'm oige bheith fós agam. Tá mé ag iarridh cabhrach na daoine uasal anseo. Tá dán i'm cheann agus dan é tá na fochlacha seo: »'S iomaí oíche fliuch is fuar »Thug mé cuard, is mé liom féin »Nó gur athraig mé san áit »Mar a raibh grá geal mo shaoil. Ceapaim go bhuil ainm seo dán 'Vermeo' ach níl sé sin cinnte. Tá an ainm sin uaigeach. An bhuil an dán seo in ceann éiní eile?? Maith dhibh go léir An Creabhar |
|
Dennis King
| Posted on Monday, August 23, 1999 - 12:26 pm: |
|
Tá amhrán Gàidhlig agam leis na focail sin, a bheag nó a mhór. Amhrán traidisiúnta is ea é, go bhfios dom. An tOllamh Coinneach Mac Leòid a chnuasaigh é in Inse Ghall. Níl mé cinnte, ach is dócha gur foilsíodh den chéad uair é in _The Songs of the Hebrides_ (1909). Ní bheadh sé deacair é a aistriú go Gaeilge, agus is dócha go ndearnadh amhlaidh am éigin i dtús an chéid seo. (Tabhair faoi deara nach bhfuil aon bhrí leis na chéad trí líne sa churfá; níl iontu ach "vocables", rud atá an-choitianta sna hamhráin Ghàidhlig.) 'S iomadh oidhche fliuch is fuar Ghabh mi cuairt is mi leam fhéin Gus an d'ràinig mi 'n t-àit Far an robh gràdh geal mo chridhe Bheir mi ó ró bhan ó Bheir mi ó ró bhan í Bheir mi ó ru ó hó 'S mi tha brònach 's tu 'm dhìth 'Na mo chlàrsach cha robh ceòl 'Na mo mheòirean cha robh àgh Rinn do phògsa mo leòn Fhuair mi eòlas ar dàn. Dennis |
|
Máire Ní Ógáin
| Posted on Wednesday, August 25, 1999 - 07:00 am: |
|
"Bheir mé ó" atá ann go cinnte agus chóir a bheith gurb ionann na friotail i nGaidhlig agus i nGaeilge. Foghlaimíonn gach dalta sa tír é ar scoil nó sa Ghaeltacht. |
|
An Creabhar
| Posted on Wednesday, August 25, 1999 - 07:39 pm: |
|
Go raibh maith agat dennis 'gus mo bhuíoch speisialta le haghaidh an stair d'un dáin seo. An Creabhar |
|
An Creabhar
| Posted on Wednesday, August 25, 1999 - 08:02 pm: |
|
Ar scoil i m'Blá Cliath a bhí sé múinte liom, dachad cúig bhlian ó seo a Mháire. Gaelic Reply to: |
|
|