mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Daoine "mór le rá" - Gaeilgeoirí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Tomás Ó h-Íde
Posted on Sunday, August 08, 1999 - 09:33 am:   Edit Post Print Post

Cé hiad na daoine cáiliúla le Gaeilge ó dhúchas? Níl suim agam ach amháin sna daoine atá beo faoi láthair. Nuair atáim ag múineadh Gaeilge, is maith liom scéal a chur chug mo dhaltaí faoina háiteanna agus muintir le Gaeilge.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

kay
Posted on Monday, August 09, 1999 - 05:42 am:   Edit Post Print Post

Dia duit a Thomáis,
seo liosta:

Máire Mac an tSaoi (file)
Nuala Ní Dhomhnaill (file)
Liam Ó Muirthile ( file, iriseoir leis an Irish Times, drámadóir, úrscéalaí)
Cathal Ó Searcaigh (file)
Enya (amhránaí)
Tadhg Mac Dhonnagáin (iriseoir, ceoltóir, amránaí)
Le meas Kay.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamas O Feinneadh
Posted on Monday, August 09, 1999 - 04:49 pm:   Edit Post Print Post

Ta daoine ann a bhfuil Gaeilge on gcliamhan acu (Cathal O Searcaigh, Enya), ach nach raibh na cinn eile ina "mbreacGhaeilgeoiri"? Is ea, d'fhoghlaimid an teanga sa Ghaeltacht nuair a thug siad cuairt ar a muintir (bhi an Mons. Padraig de Brun uncail Mhaire Mhic an tSaoi). Pe sceal e, ta siad uile "dhatheangacha" agus Gaeilge thar a bheith liofa acu. Cuirfinn "Clannad" sa bhreise. Silim go bhfuil Mairead Ni Dhomnhaill (amhranai)ina cainteoir duchais freisin, ach nil me cinnte, mar ta a lan duine dhatheangacha anois. Ta cail Lillis O Laoire (Corn O Riada dha uair)ag dul i meid freisin. Le meas mor, Jim Feeney

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

kay
Posted on Tuesday, August 10, 1999 - 08:47 am:   Edit Post Print Post

Is dóca go bhfuil sainmhíniú ag teastáil.
Déarfainn go bhfuil a lán tuairimí ann faoi cad is brí le cainteoir dúchais, nó Gaeilgeoir ó dhúchas. Más cainteoir ó dhúchas duine a rugadh sa Ghaeltacht, cad faoi na daoine a rugadh ann agus nach bhfuil in ann aon cumarsáid a dhéanamh sa teanga?
An bhfuil sé de cheart ag duine nár rugadh sa Ghaeltacht ach a chuala an Ghaeilge á labhairt agus é ina leanbh beag sa chliabháin, a bheith ina chainteoir dúchais? De bhrí go mbeadh sé an dheacair ar fad ar leanbh in Éirinn gan focal éigin Gaeilge a chloisint, muna bhfuil sé bodhar... an gciallaíonn sé sin gur chainteoir dúchais gach duine a rugadh in Éirinn?
Agus fós más cuid dár ndúchas go léir (éinne go bhfuil fuil Éireannach ag rith ina chuislí) an Ghaeilge, nach bhfuilimidne, na hÉireannaigh go léir inár gcainteoirí ó dhúchas. Agus fós nach bhfuil éinne de bhunadh Éireannach cibé áit ar domhain ina bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí ina chainteoir dúchais. B'fhearr liomsa go mór go mbeadh seans ag gach éinne Gaeilge maith labhartha agus scríofa a bheith acu agus cabhair agus cúnamh ann chun an sprioc sin a shroisint agus dearmad glan á dhéanamh d'aon idirdhealúint idir Ghaeilgeoirí.


Lá de na laetha seo beidh foclóir Gaeilge Gaeilge againn. Go dtí sin seo an sainmhíniú atá le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill:
dúchas 1 Hereditary right or claim; birthright, heritage; ancestral estate, patrimony.
Cainteoir dúchais:native speaker.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamas O Feinneadh
Posted on Tuesday, August 10, 1999 - 10:41 am:   Edit Post Print Post

Nil einne ann nach feidir leis a bheith d'aon thuairim leat, a Kay, gur sa bhri is fairsinge b' fhearr linn "cainteoir duchais" a thuiscuint. Ta me "lasmuigh" ag feachaint "isteach", is ea, Gael-Mericeanach nach thuigeann cen fath nach bhfuil suim as miosuir ag na hEireannagh go leir ina dteanga fein! Ta an ceart agat, fresisin, gur caithfhimid miniu an fhocail "cainteoir duchais" a athru agus go bhfuil a lan duine nach bhfuil ina gconai sa Ghaeltacht a labhraionn Gaeilge nios fearr na muintir na Gaeltachta. Mas rud e gur "duine a bhfuil Gaeilge on chliabhan aige toisc gur rugadh sa Ghaeltacht e" an miniu de "native speaker" beidh an teanga marbh i gceann coicise! Nil an Ghaeilge agam fos chun mo smaointe a chur sios ar an dtema seo mar ba cheart, faraor, ach is ceist an-spesiul i seo! Seamas

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Posted on Wednesday, August 11, 1999 - 05:26 am:   Edit Post Print Post

Tá súil agam nach leanfaidh an mothúchán go bhfuil tú lasmuigh. Ní gan dua a d'fhoghlaimíomar cibé teanga atá againn. Mo léan ghéar ní raibh aon cliabhán draíochta ann!
Tá doicheall ag daoine áirithe roimh an Ghaeilge. Deir siad gur airgead amú é aon airgead a chaitear ar an dteanga agus go bhfuil rudaí níos riachtanaí ag teastáil ó dhaoine. Déantar dearmad glan go bhfuil daoine sa tír ar Ghaeilge a dteanga agus go bhfuil a gcearta bunreachtúil acu freisin. Feictear do dhaoine go bhfuil Béarla thar a bheith tábhachtach sa saol gnó- sin an dearcadh fiú amháin ar Mhóroinn na hEorpa. Tá daoine san Iodáil sa bhFrainc agus sa Spáinn ag seoladh páistí anseo go hÉireann gach Samhradh chun Béarla a fhoghlaim. Deirtear fiú go bhfuil brú ag teacht ó Mheiriceá maidir le cúrsaí gnó, leis an mBéarla a úsáid. Ceann de na fáthanna go raibh an Ghaeilge ag fáil bháis sa tír seo ná go raibh daoine ag foghlaim Béarla le dul go Meiriceá.
Déantar dearmad go minic freisin nach raibh Gaeilge mar mheán múinteoireachta sna bunscoileanna anseo go dtí go raibh an neamhspleáchas againn. Is ar éigin a bhí Gaeilge le fáil mar ábhar sna scoileanna agus má bhí ní raibh mórán béime uirthi. Mar sin nuair a tháinig an Stát Nua ar an saol bhí orainn tosnú as an nua-múinteoirí a oileadh i dtosach, leabhair a scríobh agus a chur ar fáil. Nuair a smaoinítear cé chomh hóg is atá an Stát caithfear a admháil go bhfuil an dul chun chinn déanta anois maidir le forbairt na teangan. Dár ndóigh nuair nach raibh Gaeilge ag daoine chaill siad mórán. Cuid de na daoine ní thuigeann siad fós an luach a bhaineann leis an Ghaeilge. Tá gach dealramh ar an scéal go bhfuil sé seo ag athrú anois.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Friday, August 13, 1999 - 10:06 am:   Edit Post Print Post

Pointe maith, Kay, faoi dhaoine a bheith ina chainteoirí 'dúchais' nó gan a bheith. Agus maidir le bheith 'lasmuigh'. Dúirt beirt Mheiriceánacha liom le linn na mblianta nach linne an teanga ach go raibh siad á foghlaim (go han-díograiseach)le daoine sa Ghaeltacht a spreagadh lena dteanga féin a choimeád. Ar ndóigh ba bheag duine sa Ghaeltacht a raibh 'fhios acu go raibh na díograiseoirí seo ag déanamh amhlaidh in aon chor. Ní de shliocht Éireannach duine díobh, an duine eile ar éigin.

Níor thuig siad gur linne an teanga mar Éireannaigh agus mar dhaoine de shliocht Éireannach. Ní ar an bhealach chéanna gur le Cathal Ó Searcaigh nó gnáthchainteoir Charna nó Thoraidh í, ach ar bhealach tábhachtach mar sin féin.

Maidir le Tomas de hÍde (togha fir) tá tú ar an bhealach cheart, ach ná bí ag cur barraíocht béime ar chainteoirí dúchais 'cearta' amháin. Mar a léiríonn Kay, tá an scéal i bhfad Éireann (go litriúil) níos casta -- agus níos suimiúla dona foghlaimeoirí. Cuirfidh siad an-tsuim san duine óg a tógadh le Gaeilge i gCorcaigh nó BÁC ag tuismitheoirí a raibh Béarla dúchasach acu, insan lánúin a chuireanns fúthu i Ráth Cairn, Conamara nó Gaeltacht Bhéal Feirste, nó insan duine óg a tógadh go dátheangach ag tuismitheoirí as Conamara i Londain nó Nua Eabhrac (aithne agam ar bheirt díobh seo ar a laghad). Agus caithfidh go bhfuil 'fhios ag na foghlaimeoirí nach bhfuil siad ina n-aonar agus na mílte daoine ag déanamh an rud céanna leosan.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Tomás Ó h-Íde
Posted on Saturday, August 14, 1999 - 11:02 am:   Edit Post Print Post

Maith go leor. Ní raibh mé ag smaoineadh i gceart. Tá mé ag lorg daoine cáiliúla a rugadh nó a thógadh le Gaeilge agus aon duine eile a thógann le fios go bhfuil dlúthbhaint aige leis an theanga agus an cultúr gaelach.

Mar a shampla, cé hiad na daoine cáiliúla le Spáinnis? Fuair Rigoberta Menchú an Duais Nobel (síocháin) i 1992. An rugadh sí le Spáinnis? Ní mé cinnte. Tá seans ann go bhfuil "Mayan" aici mar a cead teanga. Ach is duine mór le rá í sa dhomhan spáinneach. Is spásaire í Ellen Ochoa, bean Meiriceanach le Spáinnis. Agus táim cinnte go bhfuil aithne agaibh ar Gloria Estefan, bean as an Cúba atá ag canadh amhrán i Spáinnis agus Béarla. Agus fuair Oscar Hijuelos as Nua Eabhraic an Duais Pulitzer tar éis "Mambo Kings Play Songs of Love" (1989) a scríobh. Rugadh agus tógadh a thuismitheoirí i gCúba.

Anois, an cheist mar atá sí anois. Cé hiad na daoine cáiliúla a rugadh nó a thógadh le Gaeilge agus aon duine eile a thógann le fios go bhfuil dlúthbhaint aige leis an theanga agus an cultúr gaelach?

Litríocht

Máire Mac an tSaoi
Nuala Ní Dhomhnaill
Cathal Ó Searcaigh
Lillis Ó Laoire

Ceol

Enya
Clannad
Mairéad Ní Dhomnhaill

Iriseoirí/Craoltóirí

Seán Bán Breathnach
Tadhg Mac Dhonnagáin (iriseoir, ceoltóir, amránaí)
Liam Ó Muirthile ( file, iriseoir leis an Irish Times, drámadóir, úrscéalaí)
Cynthia Ní Mhurchú

Aisteoir

Mick Lally

Pholaitíocht

Máire Geoghegan Quinn
Éamon Ó Cuív

Aon duine eile?

Le buíochas,
Tomás Ó h-Íde

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Thursday, August 19, 1999 - 09:53 pm:   Edit Post Print Post

A Thomáis,

Ba chóir duit Lillis Ó Laoire a chur faoi 'cheol' mar is as a chuid amhránaíochta a thagann a chliú, sa chuid is mó. Is scoláire ceoil é, comh maith ar ndóigh, agus scríobhann sé faoin ábhar sin. Beidh muid ag cloisteáil níos mó uaidh, idir cheoil a's scíbhneoireacht, tá súil agam.

Tá Gaeilge ag Michelle Smith, an snámhaí a bhuaigh boinn airgid agus óir sna Oilimpeacha deireannacha. Ach tá sí faoi scamall, ar ndóigh.

Tá an t-uachtarán ag foghlaim Gaeilge ag dianchúrsaí Oideas Gael le dhá shamradh anuas. (Boics móra a bhí ar na cúrsaí le blianta beaga anuas ná ardeaspaig Eaglais na hÉireann agus an t-ambasadóir Sasanach i mBAC.) Bhí an t-iaruachtarán, Máire Bhean Mhic Róibín, á foghlaim go rialta chomh maith, idir dhianchúrsaí samhraidh i gCiarraí agus cheachtannaí seachtainiúla le Seosaimhín Ní Bheaglaoich. Sílim gur chóir Seosaimhín, cainteoir dúchais as Ciarraí, a chur ar an liosta fosta. Amhránaí breá agus scoláire ceoil atá inti. Adh mór ort.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

clar (cache-5.server.telinco.net - 212.1.128.63)
Posted on Monday, April 24, 2000 - 03:24 pm:   Edit Post Print Post

Bríd Rodgers i dtuaisceart na hÉireann, (polaiteoir)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán MacSéaghain (ts09-043.dublin.indigo.ie - 194.125.174.43)
Posted on Tuesday, April 24, 2001 - 01:00 am:   Edit Post Print Post

Cé nach mór liom é, freastail Alan Dukes iar-ceannaire FG ar Coláiste Mhuire .i. scóil lán-gaelach. Tá sé fós ina teachta dála. Glacann sé páirt go rialta i gcláir polaitiúla TG4.

Cathal Mac Coille atá ina iriseoir [foinse Príomhnuachtáin Gaellach i deisceart Éireann] agus atá ina nuachtóir de chuid RTÉ.

Na breithiúna Adrian McGuiness agus Catherine Hardiman - Is daoine conspóideach iad - ach maidir leis an Gaeilge is iad a thug an tacaíocht is tábhachtaí don Gaeilge le deireanaí nuair a thug siad íde béil don stát de dheasca a neamhaird maidir leis an dualgas soiléir bunreachtúil atá air. De réir a mbreithiúnas tá dúlgas ar an stát leagan Gaeilge de gach Acht Oireachtais a chur ar fáil ag an am céanna a shíníonn an tUachtarán iad. Feicfear gurb é an Gaeilge an "príomhtheanga oifigiúil" de réir bunreachta na hÉireann [Art. 8.1 & 8.2, 25.4.4/6 den bunreacht]

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán MacSéaghain (ts09-043.dublin.indigo.ie - 194.125.174.43)
Posted on Tuesday, April 24, 2001 - 01:11 am:   Edit Post Print Post

ceartúchán ar a scriobh mé :

Catherine McGuiness agus Adrian Hardiman

in áit

Adrian McGuiness agus Catherine Hardiman

Gabh mo leithscéal a Breithiúna Onóracha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

taibhse (192.94.227.250)
Posted on Thursday, May 09, 2002 - 01:36 am:   Edit Post Print Post

Ná déan dearmaid ar Louis de Paor agus Gabriel Rosenstock mar fhilí, chomh maith leis sin is aisteoir óg cumasach é Diarmuid de Faoite, is ceolteoir é John Spillane atá ag déanamh ceoil comhaimseartha trí Ghaeilge, (féach ar www.beo.ie) …Aon duine eile???? Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, tá Gaeilge mhaith ag Liam Ó Maonlaí ó the Hothouse Flowers, an ceolteoir Séamus Begley ó Chiarraí…, Iarla Ó Lionáird as Cúl Aodh san Afro Celts Sound System…..

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge