mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Ceist bheag - "Newgrange" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam MacGiodaire
Posted on Monday, August 02, 1999 - 11:47 pm:   Edit Post Print Post

Gabh mo leithscéal as an gceist amaideach seo, ach tá an Ghaeilge cheart ar "Newgrange" uaim. Táim ag smaoineadh gur "Brú na Bóinne" í, ach níl mé lán cinnte. An féidir l'éinne cuidiú a thabhairt dhom? Bheinn an-bhuíodh dhíot!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

kay
Posted on Tuesday, August 03, 1999 - 11:03 am:   Edit Post Print Post

Tá Brú na Bóinne ceart mar aistriúchán.
Kay

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Máire Ní Ógáin
Posted on Tuesday, August 03, 1999 - 12:56 pm:   Edit Post Print Post

Agus ní ceist amaideach í!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamas O Feinneadh
Posted on Wednesday, August 04, 1999 - 12:21 pm:   Edit Post Print Post

A chairde: ta ceist agam freisin faoi "Newgrange" agus mura bhfuil an cheist eile amaideach ar chor ar bith, ta gach seans go mbeidh an ceann seo seafoideach amach is amach, ACH an meid sin raite, cen fath a thug Seamas Mac Annaidh "an Ghrainseach Nua" ar an ait ceanna sa leabhair cailiul sin "Cuafaich mo londubh bui"? Agus me ag leamh an sarobair greannmhar sin (ag iarraidh e a leamh, ba cheart dom a ra!) thug me faoi deara gur chuaigh an Dochtuir "Seamas Mac Greine" go dti an ait agus nil aon dabht ann gur Bru na Boinne ata i gceist: "Ba leir gan moran scrudu a dheanamh gur ag an Ghrainseach Nua ba cheart do a bheith" (l. 14). No "D'ealaigh se amach chuig an Ghrainseach Nua i dtacsai...fagadh e leis fein i measc na gloch" (l. 15). Is brea liom an leabhar seo, ach caithfidh me a admhail nach thuigim a lan de na tagairtai ata ann. An feidir libh cabhair liom faoin bpointe seo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

kay
Posted on Thursday, August 05, 1999 - 05:17 am:   Edit Post Print Post

Inné d'imigh mé inné go dtí an Tuaisceart. Tá Comhartha mór ar an mbealach ag treorú daoine go dtí Brú na Bóinne- Tá na comharthaí bóithre anseo( sa Phoblacht) dátheangach go hiondúil. Seard a bhí ar an gcomhartha ná Brú na Bóinne agus Newgrange.
Níl fhios agamsa cén fáth go bhfuil "An Ghráinseach Nua" ag mo dhuine.
Déarfainn gur aistriúchán litearthach atá ann agus déanann sé cúis toisc go dtuigtear céard atá i gceist. Go minic ní bhíonn aon cosúlacht idir ainm na háite sa Ghaeilge agus an t-ainm céanna i mBéarla, mar shampla sé Castleblaney "Baile na Lorgan", Castlebellingham " Baile an Ghéarleanúnaigh". Ach is ceist suimiúil í do cheist, caithfidh mé an scéal a fhiosrú.

Kay.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

kay
Posted on Friday, August 06, 1999 - 06:03 pm:   Edit Post Print Post

Má tá tuilleadh eolais ó éinne, faoi Bhrú na Bóinne seo suíomh iontach
http://www.heritageireland.ie/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Saturday, August 07, 1999 - 01:16 pm:   Edit Post Print Post

A Shéamais,

Mura dtuigeann tú na tagairtí go léir in Cuaifeach Mo Londubh Buí, tuigfidh tú cás an duine a d'aistrigh an leabhar go Rúisis. Gaeilge aici ach gan mórán taithí aici thall i Moscó ar an tsaol in Éirinn. Léigh mé gur fhiafraigh sí den údar cén sórt rud é an RUC agus ise á aistriú.

Seans maith nach rabh Mac Annaidh ach ag baint spraoi as an teanga le "Gráinseach Nua" nó, b'fhéidir, ag aithris ar nós mícheart cainte i measc nuachainteoirí Gaeilge. Seans fosta go bhfuil an t-ainm sin ann nó nach ionann Newgrange agus Brú na Bóinne (Ní bhíonn logainmneacha Béarla agus Gaeilge bord ar bhord i gcónaí).

Má táthar ag éirí na tuamaí meigiliteacha a shuí go cruinn, is cirte Sí an Bhrú a rá, de réir cosúlachta. Glacaim gur áit níos lú Sí an Bhrú atá taobh istigh de Bhrú na Bóinne. 'Na meigilití ... atá le feiceáil ar láithreáin ar nós an chinn i mórlúb na Bóinne ag Sí an Bhrú. ... Tá meigilit mhór Shí an Bhrú 300 troigh trasna, agus suas le 50 troigh ar airde.' (_An Saol in Éirinn_, L.M. Cullen, arna aistrithe ag T. Ó Laoi, lch. 3.

Creidim go gciallaíonn 'Brú na Bóinne' '[ar] b[h]ruach na Bóinne'.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Saturday, August 07, 1999 - 02:48 pm:   Edit Post Print Post

'arna aistriú ag T. Ó Laoi' (le mé féin a cheartú).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis King
Posted on Thursday, August 12, 1999 - 05:30 pm:   Edit Post Print Post

A Sheosaimh,

Maidir le "brú" in Brú na Bóinne, creidim gurb ionann é agus an focal "brugh" (= áras, teach mór), ón tSean-Ghaeilge "bruig" (áras, pálás). Is féidir go ndeachaigh focal eile i bhfeidhm air, nó go ndeachaigh siad tríd a chéile, .i. "bruíon" (hostel; áras sí), ón tSean-Ghaeilge "bruiden" (= teach ósta, halla fleá). "Bruig na Bóinne" a thug P. L. Henry ar an áit in _Saoithiúlacht na Sean-Ghaelge_. "Brú óige" an Ghaeilge ar "youth hostel", ar ndóigh.

Beatha agus Pléisiúr!
Dennis

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kevin O'Connell
Posted on Thursday, September 30, 1999 - 05:44 pm:   Edit Post Print Post

"Sí an Bhrú:
Tá Sí an Bhrú, an tuamphasáiste i mBrú na Bóinne ar cheann de na séadchomharthaí réamhstaire is mó clú in Iarthar na hEorpa."

"
Newgrange:
The passage tomb at Newgrange, 'Sí an Bhrú', ..." {leagan i mBéarla)

as "Brú na Bóinne" - bileog eolais de Seirbhís na Séadchomharthaí Náisúnta agus na Sealúchas Stairiúil (NMHPS = National Monuments & Historic Properties Service) sa Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Brú na Bóinne = Brú na Bóinne
Sí an Bhrú = Newgrange

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Tuesday, October 12, 1999 - 01:17 pm:   Edit Post Print Post

The basic meaning of "sí" is "fairy mound", so it's use here for the tomb itself makes sense. Aos sí is defined in Ó Dónaill as "inhabitants of fairy mounds, fairies". Fun with words.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Deasmhumain Mac Gearailt
Posted on Saturday, November 18, 2000 - 03:45 am:   Edit Post Print Post

Teach Aonghusa atá ar an áit sin freisin agus thart ar cúig bhliain déag ó shoin bhí sé sin ar na comharthaí bóthair. Brú na Bóinne is ainm don bhaile fearainn mar a thuigim.
Caithfidh go raibh an dá ainm ar an mBrú i dtosach.
San scéal a chuaigh mise ba Aonghus an mac a bhí ag an Daghdha agus an Bhóinn agus cuirtear an Mac Óg nó [Macc ind Óc san Sean-Ghaeilge] air. Ba leis an Daghdha an Brú agus d'iarr Aonghus ar a athair an Brú a thabhairt dó ar feadh 'oidhche agus lá'. Cheap an Daghdha gur cheithre uair fichead a bhí i gceist ach nuair a tháinig sé chun a theach a fháil ar ais, 's é adúirt a mhaicín leis gurb é Oidhche agus lá iomlán na haimsire agus ama agus nach bhfuil aon am eile, agus mar sin go mbeidh an teach aige féin go foirceann an bheatha. Sin an scéal mar a chuala mise é i bhfad ó shoin.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge