Ó thosaigh an príomhoide nua sa scoil ag traenáil na bpáistí tar éis scoile gach Déardaoin, caithim a admháil go bhfuilim gafa ag an gcluiche iomána. Bhíos buartha ar dtús-samhlaigí thart ar daichead páistí le bataí ag rith timpeall i gclós scoile. Nuair a fuair mé an cuireadh a dul ann chun féachaint orthu ag cleachtadh iomána d'imigh mé ann gan an dara smaoineamh ar eagla go dtarlódh aon chontúirt do mo mhac óg. Ní raibh aon cúis ann a bheith buartha. Caitear am ar dtús ag taispeáint do na páistí conas iad féin a chosaint. D'fhoghlaim mise cúpla rud freisin mar shampla, cad ba chóir a dhéanamh agus duine ag tabhairt fút le bata. Tá súil agam nach dtarlódh sé. Tháinig dul chun cinn iontach ar na bpáistí agus táim ag tuar go mbeidh foireann iontach iomána ag Baile Átha Cliath am éigin sa todhchaí. Mar sin bhí lá iontach agam féin agus ag an gclann go léir i bpáirc an Chrócaigh an Domhnach seo chaite. Bhí trí chluiche iontach ann. Bhaineamar go léir an taitneamh as an tráthnóna. Ach ní fhaca mé aon rud chomh hiontach leis an gcluiche idir Clár agus Gaillimh. Bhí an dá fhoireann thar barr. Má thagann sibh go hÉireann ná déanaigí dearmad suíocháin a chur in áirithint don gcluiche ar an nDomhnach. Caithfear a bheith ann ní leor focail le cur síos air.