Author |
Message |
Seamas
| Posted on Tuesday, October 19, 1999 - 04:22 pm: |
|
A chairde! Nach aisteach go bhfhuil ceist mar sin ag cur isteach orm in ait a bheith ag ceapadh ar gcursai mor an tsaoil, ach codloidh me nios saimhe agus an freagra faighte agam: an ndeirtear "Mic-oh" no "Mike-oh" Russell nuair ata maistir na feadoige stain o Chondae an Chlair i gceist? Rinne se dluthdhiosc iontach maith leis a dhearthaireacha, agus is brea liom eisteach leis, ach mothaim aineolach gan a bheith abalta a ainm a fhuaimniu mar ba cheart. Is docha go bhfuil a fhios e sin ag duine ar bith ar rugadh agus togadh in Eirinn, nach bhfuil?! Mo bhiochas roimh re...Seamas O Feinneadh |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, October 20, 1999 - 06:21 am: |
|
Mike-oh, go bhfios domhsa. Ach ní dóigh liom gur chuala mé an t-ainm i gcomhrá i nGaeilge. Beidh mé thiar ag an deire seachtaine, agus coiméadfaidh mé cluas ar oscailt! |
|
Sam
| Posted on Sunday, March 04, 2001 - 09:18 am: |
|
..... Mic-oh , ceapaimse. rugadh agus tógadh me in Éirinn!!! |
|
Máire Uí Mhórdha
| Posted on Saturday, March 31, 2001 - 05:00 pm: |
|
Níl dabht ar bith ann is é Mike-oh an fuaimniú ceart. Ná bac le Sam. Ní chreidim gur Eireannach é!! Máire |
|
Deirdre
| Posted on Wednesday, April 25, 2001 - 12:06 pm: |
|
Aontaím le Máire. Agus is Éirinneach agus ceoltóir mé. Micko a litrítear, ach Mike-Ó a deirtear... is minic a ghlaoítear 'Michael' ar bhuachaillí in Éirinn in áit 'Mícheál', mar ba mhinic fadó go bhreactaí na h-ainmneacha baiste i mBéarla in áit i nGaeilge, agus deabhail difríocht atá eatarthu sa litearthú. Tá súil agam go gcabhróidh sé sin leat a Shéamuis. Deirdre :) |
|
|